CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Cuir ceist agus tosnóidh comhrá
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

rómhar domhain déanta ag Diarmaid Mac Mathúna leis an Ghaeilge in ithir na teicneolaíochta ó thosaigh sé ag soláthar ar an iris seo. Is buíoch beannachtach sinn de, siocair fáil a bheith ar an saibhreas sin feasta sa chartlann abhus. Guímid gach rath air agus fearaimid fíorchaoin fáilte roimh a chomharba, Roseanne Smith.

Ag teacht abhaile dom ó http://www.awards.ie/blogawards/ tabhair cuairt ar suíomh Gradaim na mBlag i bhfuinneog nua Gradaim na mBlag i gCorcaigh, na pócaí go breá ach cloigeann tinn orm, d’éirigh liom roinnt machnaimh a dhéanamh ar bhlagadóireacht agus ar chúrsaí ghnó. Ba spéisiúil éabhlóid an ghradaim ghnó i measc na ngradam ó thosaigh sé mar Ghradam don Bhlagadóir Ghnó is Fearr, ach i mbliana d’athraigh an teideal go dtí An Blag Comhlachta is Fearr. Is léargas ar leith é seo ar bhorradh na mblaganna comhlachta in Éirinn fiú le bliain anuas. Is é sin le rá, tá borradh tagtha faoi na comhlachtaí atá ag úsáid blaganna mar lárchuid dá stráitéis ghnó.

Chun an fhírinne a scríobh, ní rómhinic a bhíonn an t-ábhar sin i bhfad ó bharr mo chloiginn, tinn nó eile! Táim faoi láthair ag obair do www.iia.ie Faigh amach tuilleadh faoin ngrúpa oibre seo grúpa oibre ar an meáin sóisialta agus machnaimh, plé, http://blog.iia.ie/2009/podcast-workshopping-the-draft-guide-to-business-blogging Éist leis an gcearlann mar phodcraoladh ceardlainne agus tuairiscí á ndéanamh againn ar an gcás gnó do na meáin soisialta.

Na Giolchairí

An feiniméan is mó spéis liom faoi dul chun cinn an ghreasáin ó thaobh gnó de, ná, gurb iad na tomhaltóirí, go bunúsach, atá chun tosaigh ar na gnólachtaí. Tá corporáidí móra ag tabhairt cuiridh do bhlagadóirí, líonróirí sóisialta agus go fiú, do giolchairí, nó ‘tweeters’, teacht chun labhairt leo faoina bproifíl ar líne, faoi na huirlisí a úsáideann siad, faoin méid ama a chaitheann siad ar an líon agus conas ar thóg siad a líonra. Tá na corporáidí proifisiúnta ag labhairt leis na saineolaithe "amaitéaracha" seo chun tuiscint níos mine a fháil ar an réabhlóid chumarsáide seo. Cúpla bliain ó shin, ba leor suíomh greasáin cúpla leathanach nach mór cosúil leis an ábhar margaíochta a bhí i gcló páipéir ag an ngnó cheana féin. Ach anois tá domhan nua ann ar an lion, áit a bhfuil an-chuid le tuilleamh ag an té atá cróga.

Is é cumarsáid atá mar bhunús an domhain nua chróga seo. Leis an ábhar margaíochta clóite, bhíodh an chumarsáid ag gabháil treo amháin i gcónaí. Do fhormhór na gcomhlachtaí in Éirinn, is cuma cé chomh mór is atá siad, creidtear gur mar seo a leanfaidh cúrsaí. Ach ní gá ach cuardach a dhéanamh ar Ghúgal agus gheobhaidh úinéirí na ngnólachtaí seo amach go bhfuil comhrá ar siúl cheana faoina dtairgí agus faoina gcuid seirbhísí, agus maith nó olc, http://www.enterprise-ireland.com/ebusinesssite/podcast/podcastep7blogforbusiness.asp Éist liom ag caint faoi seo ar phodcraoladh Enterprise Ireland leanfaidh an comhrá sin cuma má tá inchur acu ann nó muna bhfuil. Nó b’fheidir go bhfaighfidh siad amach nach bhfuil oiread is focal amháin scríofa futhú ar líne agus is measa sin i bhfad fiú ná gearáin. Dóibh siúd ar a dtugtar anois, dúchasaigh dhigiteacha, daoine idir aois 15 agus 25, is é an t-idirlíon an chéad phointe eolais agus teagmhála dóibh. Muna bhfuil daoine ag scríobh faoi do chomhlacht agus ag nascadh dá bharr chuig do chomhlacht ar líne, teipfidh ort nuair a déanfaidh saoránaigh an domhain úr chróga cuardach ort ar líne. Titfidh an comhlacht síos, síos sa rangú ar an dréimire, agus ardófar iad siúd atá ag plé an chineáil chéanna ghnó le do chomhlacht ina gcuid blaganna, maith nó, dia ár shábháil, olc. In Éirinn, toisc braiteoreacht ghnólachtaí léimt amach san uisce fiorúil agus an rud go bhfuil torthaí logánaithe ag Google dó, ach go háirithe, is mó an chontúirt.

Athrú Teicneolaíochta agus Athrú Saoil

Sin ceann de na difríochtaí is mó atá ann, dar liom, idir an greasán atá anois ina neart agus aon mheán eile a chuaigh roimhe. Tá cumarsáid mar bhunús ann, go háirithe le seacht mbliain anuas. Agus tosnaíonn an chumarsáid sin go minic le ceist agus cuirtear an cheist sin le Google http://short.ie/searchstats Faigh amach tuilleadh faoin roinn margaidh Google i bhfuinneog nua I mí na Samhna 2008 thosnaigh 70.8% de na cuardach idirlíne ar Google. Muna bhfuil do chomhlacht le feiceáil mar fhreagra ar an gceist sin, caillfidh an comhlacht amach. Rachaidh an easpa láithreachta i bhfeidhm níos mó agus níos mó, mar is domhan eile é seo, domhan na ndúchasach digiteach áit nach mbeidh leathanaigh bhuí le fáil amach anseo, ná caint dá laghad fúthu.

Fiú an t-ábhar a dhiúltaíonn don chumarsáid, tógtar anois é agus déantar meascán nó mash-up an Bhéarla de fud fad an ghreasáin. Bíonn ceart freagartha ag an té ar líne a bhreathnós feasta ar aon suíomh, ar aon fhíseán, ar chomhad fuaime, ar ábhar, íomhá, learáid gur fiú breathnú air. Níl tada digiteach ar domhan go bhféadfaí a chur ar fáil mar rud uathúil, mar aonad ann féin. Go fiú má dhéantar iarracht acmhainn gann a dhéanamh de acmhainn digiteach agus é a chosaint ó dháileadh agus ó athrú, bíonn daoine ar líne ar na saolta seo agus níl faic níos gaire dá gcroí ach cosaint na hacmhainne sin a bhriseadh agus an acmhainn a scaipeadh fud fad an ghreasáin, má’s féidir. Is cuma cad a cheaptar faoi dhleathaíocht an ghnímh, is cumarsáid atá ansin freisin. Cumarsáid idir corporáidí agus a gcuid tomhaltóirí. Feicfear earraí á láithriú ar Youtube ar bhealach cineál slítheánta, nó i ngan fhios. Ach ní hacker mise, fiú, níl aon spéis agam ann. Ligeann an greasán dom mo shrutha cumarsáide a leathnú amach thar mar a d’fhéadfainn riamh roimhe seo.

Is í Roseanne Smith Bainisteoir Ballraíocht, Cumarsáide agus Margaíochta leis an http://www.iia.ie Tabhair cuairt ar suíomh an IIA i bhfuinneog nua Irish Internet Association. Tá sí ag blagáil ó 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.