CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
EasyReader - acmhainn úsáideach do lucht na Gaeilge
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

clár nua ríomhaireachta díreach eisithe a chuireann go leor áiseanna ar fáil don té ar mian leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Bhain Diarmaid Mac Mathúna triail as le gairid.

Íomhá
Íomhá

Níl aon easpa acmhainní i gceist in EasyReader, clár nua ríomhaireachta atá dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge. Maíonn suíomh gréasáin an chláir (www.irishforlife.com) go bhfuil sé “thar barr i measc modhanna teagaisc an lae inniu” agus, cé nach n-aontódh gach aon duine leis an ráiteas sin, is cinnte go bhfuil a lán rudaí úsáideacha in EasyReader.

I measc na n-áiseanna atá sa chlár tá foclóir leictreonach, chomh maith le míniú cuimsitheach ar rialacha gramadaí agus go fiú taifid fhuaime de théacsanna Gaeilge á léamh amach os ard. Is é an foclóir leictreonach an acmhainn is úsáidí sa chlár seo - áis a bheas ina cabhair mhór ag aon duine a bhíonn ag scríobh as Gaeilge. Ní gá ach cliceáil faoi dhó ar fhocal in EasyReader chun a iontráil san foclóir a fheiceáil. Mar shampla, a fhad is atá ceann de na téacsanna samplacha á léamh os ard is féidir cliceáil ar aon fhocal sa téacs sin agus preabfaidh “Bosca Freagra” draíochta lán d’eolas aníos. Sa bhosca sin bíonn eolas gramadaí, aistriúchán Béarla agus leaganacha gramadaí éagsúla den bhfocal. Le clic amháin eile is féidir teacht ar leathanach lán de rialacha gramadaí don saghas sin focal freisin.

Mar shampla, má roghnaítear an focal “ríomhaire” insíonn an Bosca Freagra dúinn gur ainmfhocal den cheathrú díochlaonadh é, gur “computer” atá ann as Béarla agus go bhfuil na leaganacha seo a leanas ceadaithe: “an ríomhaire (au), an ríomhaire (gu), na ríomhairí (ai), na ríomhairí (gi).” Má tá taifead fuaime den fhocal déanta, seinnfidh EasyReader é duit freisin, agus is féidir treo an fhoclóra a athrú agus focal Béarla a lorg chun teacht ar an aistriúchán Gaeilge. Tá EasyReader cliste go leor chun leaganacha éagsúla d’fhocail a aithint - má roghnaítear an focal “earraí”, cuir i gcás, taispeánfar gach eolas ar an bhfocal “earra”.

Go deimhin is féidir an áis chumhachtach seo a úsáid le cláir eile ar nós brabhsálaí idirlín agus próiseálaí focal. Sa chás sin, is féidir fuinneog EasyReader a dhéanamh i bhfad níos lú ionas gur féidir fuinneog an dá chlár a fheiceáil ag an am céanna. Ansin, gach uair a dhéantar dhá chlic ar fhocal Gaeilge i Microsoft Word nó Internet Explorer, mar shampla, preabann an Bosca Freagra suas leis an iontráil foclóra cuí.

Áiseanna idirghníomhacha

Tá cuid mhaith eolais ar an ngramadach bailithe le chéile sa chlár freisin. Chomh maith le sainmhíniú ar na leaganacha gramadaí d’fhocail, tá áiseanna idirghníomhacha ar fáil áit gur féidir comhairle a fháil ar conas na focail a úsáid i gceart. Tugann EasyReader tacaíocht do na canúintí éagsúla freisin - idir chanúint na Mumhan, Connacht agus Uladh - agus tá sé an-éasca aistriú ó cheann amháin go ceann eile. Tá taisce breá téacsanna mar chuid den chlár freisin - acmhainn a thugann deis don bhfoghlaimeoir éisteacht le fuaimniú focail ina rogha canúna ar shlí thaitneamhach. Tá ceacht nó dhó sa phacáiste freisin, agus mínítear conas gur féidir le teagascóirí ceachtanna breise a chruthú.

Cosúil le gach leagan “a haon ponc a náid” de chlár ríomhaireachta, tá roinnt rudaí beaga le ceartú agus fadhbanna le réiteach in EasyReader faoi láthair. Tá an chuma air go bhfuil roinnt de na rialacha a úsáideann EasyReader chun na leaganacha éagsúla d’fhocail a chruthú róghinearálta (mar shampla, deir sé gurb é “scuaineí” an uimhir iolra atá ag “scuaine"). Ach is fadhb shimplí é sin le réiteach agus is gnáthrud é go mbeadh earráidí mar seo tar éis sleamhnú isteach i liosta focal. Chomh maith leis sin, tá an comhéadan ildaite beagáinín casta agus b’fhiú é a dhéanamh níos simplí amach anseo. Is dea-chomhartha é go bhfuil an t-údar, Patrick McCormack, tar éis roinnt mhaith fadhbanna a dheisiú cheana féin agus na “paistí” a chur ar fáil.

Is féidir EasyReader a ordú ar an suíomh gréasáin www.irishforlife.com ar chostas $75 (thart ar €60), praghas a d’fhéadfadh a bheith beagáinín ard do dhaoine áirithe. Oibríonn EasyReader ar ríomhairí PC, agus tá sé éasca go leor é a chur ag obair. Chun stop a chur le cóipeanna mídhleathacha, caithfear gach cóip de EasyReader a chlárú ar an idirlíon laistigh de thrí seachtaine nó stopfaidh sé de bheith ag feidhmiú.

Tá a lán rudaí úsáideacha in EasyReader ach tá an chuma air go bhfuil iarracht déanta an iomarca acmhainní a chur ar fáil i bpacáiste amháin. Ach is acmhainní fiúntacha iad a bhformhór, agus tá an foclóir leictreonach an-úsáideach ar fad. B’fhéidir amach anseo go bhféadfaí leagan den bhfoclóir a fhoilsiú leis féin ar phraghas níos ísle chun go mbeadh deis ag níos mó daoine úsáid a bhaint as.

Is cinnte go bhfuil éacht mór déanta ag foilsitheoirí EasyReader leis an bpacáiste seo - pacáiste atá úsáideach do gach duine a labhraíonn Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí dúchais.

Is é Diarmaid Mac Mathúna foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (eolas breise ar fáil ag www.cruinneog.com). Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD (agus cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí ar nós Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.