224
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cé nach bhfuil Darren Ó Rodaigh ach cúig bliana is fiche d’aois tá comhlacht teicneolaíochta bunaithe aige i mBaile Átha Cliath a bhfuil ag éirí thar cionn leis. Labhair Diarmaid Mac Mathúna leis faoina shaol agus faoina chuid oibre.
»»»Labhair Tom Deignan le scoláire as Béal Feirste ó dhúchas a bhfuil taighde suimiúil ar bun aige i measc na nGael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac.
»»»Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain. Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
»»»Déanann seantrealamh leictreonach go leor dochair don chomhshaol, ach anois tá an tAontas Eorpach ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá gné scanrúil den scéal is deireanaí faoi Thriail na nArm nach bhfuiltear tar éis aird cheart a thabhairt uirthi. Aontaíonn gach duine gur chuir an clár ‘Prime Time’ a rinne Michael Heney an mhí seo caite eolas fíorthábhachtach os comhair an phobail. Chruthaigh an fhianaise a chuir an clár i láthair go rabhthas tar éis ráiteas duine de na príomhfhinnéithe sa chéad triail a athrú. Tá sé soiléir don saol mór go n-ardaíonn sé seo ceisteanna tromchúiseacha.
»»»Tá fíbín vótála ag teacht ar mhuintir Québec faoi reifreann tábhachtach atá ar na bacáin agus tá Eoin Ó Catháin thall ina measc. Tá gnéithe go leor ann a mhodraíonn an scéal ar an lucht féachana lasmuigh den áit.
»»»An bhfuil sé ‘dotty’ nó ‘intellectually bankrupt’ a bheith ag amharc ort féin barraíocht? Tá ceist nó dhó dúisithe ag an dealbhóir Anthony Gormley, agus d’amharc Ciara Nic Gabhann ar roinnt díobh.
»»»Léiríonn na hailt atá le fáil i leabhar nua Con Houlihan go bhfuil sé ar dhuine de na scríbhneoirí spóirt is fearr dá bhfuil ann, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Má tharlaíonn go mbeidh tú ag gearradh trí aerfort Shingeapór, ó dheas chun na hAstráile nó ar ais go hÉirinn, is í comhairle Aoife Uí Fhaoláin, stad agus caith lá nó dhó sa chathair ar leith seo, Singeapór.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil cuid mhór de na córais agus rialacha atá ag Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith lochtach.
»»»Tá feachtais éagsúla i gcoinne an Uachtaráin Bush agus na gcorparáidí móra ag bailiú nirt sna Stáit Aontaithe, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Tá Robert McMillen den bharúil gur saoithiúil an dóigh a athraíonn saol na polaitíochta i bhfaiteadh na súl.
»»»Tá sé mar aidhm ag an iris idirlín Transcript pobal léitheoireachta níos mó a chruthú d’údair chumasacha Eorpacha nach mbíonn díol mór ar a saothar, mar a mhíníonn eagarthóir na hirise, Diarmuid Johnson.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.