CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Dúnmharú
Áine Ní Chonghaile Áine Ní Chonghaile

Gearrscéal ón mbailiúchán nua le Daithí Ó Muirí, [i]Ceolta[/i], a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) i mí an Mheithimh.

Íomhá
Bhí sé socraithe agam duine a dhúnmharú. Le gunna a dhéanfainn é, an bairille a chur le baithis an duine, fáisceadh, pléasc, preab aniar agus ansin mé féin a thabhairt ar lámh do na póilíní, nó éalú liom agus gan a fhios ag duine ar bith cé a d’fhág an du
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

An chéad rud eile—piléir. Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.

Agus mé ar mo bhealach abhaile, traochta, fliuch—bhí báisteach ann—agus ocras orm freisin, stop póilín ar ghluaisrothar mé. Cén t-ainm atá ort? Agus cén seoladh? Ansin, go searbhasach, an bhfuil ceadúnas lena aghaidh sin agat? An gunna a bhí i gceist aige, ag gobadh amach as póca mo bhríste a bhí sé, ní an rothar—bhí sé sin goidte orm, gan aon ghlas curtha agam air, is ag siúl abhaile a bhí mé. Thaispeáin mé dó é—an ceadúnas—lig mé orm gur thaispeáin agus ba chosúil go raibh sé sásta go leor leis. É sin nó rith mé.

Sa bhaile gan mórán achair. Thuas i mo sheomra dom, ag faire ar an saol taobh amuigh den fhuinneog. Leadrán. Go tobann bhí póilíní ar fud na háite, fir cromtha ar chúl carranna le raidhfilí agus teileascóip orthu, na comharsana ag gliúcaíocht trí bhearnaí sna cuirtíní, daoine ag siúl thart le ceamaraí, ní mé ar iriseoirí iad—bhí siadsan ann ina dtáinte, ar ndóigh, lucht teilifíse agus araile.

Tar éis uair an chloig—chaith sé múr trom báistí, bhí toirneach agus tintreach ann, stoirm cheart, agus ní raibh radharc ar dhuine ar bith lena linn—sheas fear chun tosaigh ar an slua le micreafón agus méadaitheoir soghluaiste ar iompar aige. Ghlaoigh sé m’ainm amach. Póilín an ghluaisrothair a bhí ann, d’aithin mé a ghlór, cé gur le tocht bróin a labhair sé anois. Le do thoil, bíodh ciall agat, as ucht Dé caith uait an gunna agus tar amach.

Le bairille an ghunna bhuail mé arís agus arís nó gur phléasc an ghloineina chíréib a bhí sé agus an slua ag teitheadh—agus sháigh amach é. Is liomsa an gunna agus ní chaithfidh mé amach é, a scairt mé chomh fíochmhar agus ab fhéidir, agus tá mé ag iarraidh rud éigin le hithe, anois láithreach. Pizza a thug siad dom, agus sú oráistí.

Chuaigh an ghrian faoi agus bhí soilse móra crochta acu. Tháinig tinneas cinn orm. Thuig mé nach raibh aon mhaith ann níos mó, bheadh orm géilleadh. Ar an urlár faoin bhfuinneog, droim le balla, shuigh mé agus an gunna le mo bhaithis. Is mé féin a bhí le dúnmharú agam ón tús, nach ea? Bíodh an diabhal acu, a dúirt mé, bíodh an diabhal ag an rud ar fad. Chaith mé an gunna amach tríd an bpoll san fhuinneog. Tá mé ag teacht amach anois, a scairt mé.

Shiúil mé síos an staighre go mall agus go ciúin, mo chroí ag bualadh go fiáin i mo chliabhrach, na deora réidh le sileadh. Níor thúisce greim agam ar hanla an dorais tosaigh nó gur osclaíodh doras na cistine. Mo thuismitheoirí a bhí ann, cúr tiubh gallúnaí ar mo mháthair suas ar rí na láimhe clé, an lámh eile á glanadh aice sular ardaigh sí í chun an cluasán clé (ceol, céard eile?) a bhaint di. Cá bhfuil tusa ag dul?

Amach, a dúirt mé. Bhain sí an cluasán deis de m’athair—bhí pláta mór i lámh amháin aige, ceirt sa lámh eile. Cá bhfuil tusa ag dul? Amach, a dúirt mé leis. Cén áit amach? Amach, a dúirt mé, ag spraoi.

Bhreathnaigh siad ar a chéile, m’athair is mo mháthair. Maith go leor, a dúirt seisean agus chuir sise a chluasán deis air arís. Rinne sí meangadh ceanúil liom sular chuir a cluasán clé uirthi arís. Lena lámh chlé rug m’athair ar lámh dheis mo mháthar agus chas siad beirt taobh le chéile, beagán místuama, isteach doras na cistine, áit ar slogadh iad—bhí siad ceangailte le chéile ag na cluasáin, dhá phéire acu sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí i bpóca ghúna mo mháthar. Chuireadh mo thuismitheoirí náire orm ach iad a dhúnmharú?

Amach liom, i mo sheasamh os comhair an tí. Bhí gach duine imithe. B’in an gunna ina luí ar an gcosán. Ba chuma faoi, d’fhágfainn ann é—­ní raibh ann ach cumadóireacht, ar aon nós. Agus dúnmharú—ní bhacfainn lena leithéid de rud gránna go deo arís.

Trasna na sráide liom go teach Phádraigín—cnag ar an doras, cas an eochair agus do chéad fáilte isteach am ar bith. A Phádraigín, a scairt mé. Síos an halla, isteach sa chistin, an leithreas cúil, mún beag, ar ais sa chistin, an halla arís agus isteach sa seomra suí—an teilifís ar siúl, gan fuaim, ach ní raibh ann ach scéal nuachta éigin, tubaiste, cogadh, dúnmharú. Sa halla arís eile scairt mé suas an staighre. A Phádraigín? Tháinig scairt anuas ag rá gur imithe amach a bhí sí. Amach cén áit? Amach, a tháinig an freagra, ag spraoi.

Ar leic an dorais casadh seanathair Phádraigín orm. Chroith sé an scáth báistí taobh amuigh agus ansin chroch istigh é. Cheap mé gur básaithe le fada a bhí sé. Bhí a chloigeann ina bhlaosc, maith go leor, ach súile airdeallacha, glór beo—ní raibh sé sa bhaile le leathchéad bliain, b’in a dúirt sé. Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é?

Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí. Réimse ceart ceoil, bhí an oiread ceoil nár chuala sé, ceol a chloiseadh sé ar an raidió, a gcloiseadh sé daoine ag caint air, a léadh sé rud faoi, ceol nach bhfeiceadh sé sna siopaí, ceol clasaiceach, snagcheol, popcheol, ceol leictreonach. Fiosracht, a dúirt sé, faoin éagsúlacht aisteach ceoil a bhí ar fáil.

Ina sheasamh a bhí sé ansin, de phreab shiúil sé go dtí an balla agus chrom ag léamh na dteideal, suas agus síos, iontach a dúirt sé, suas agus síos arís. Amuigh sa halla dó ghlaoigh sé orm, beartán beag cearnógach a leag sé i mo lámh, tuilleadh ceoil ag teacht sa phost gach lá. Iontach, iontach, iontach.

Nach iontach é? Nach gceapann tú go bhfuil sé iontach? Níor thug mé de fhreagra air ach sciotaíl, breathnú ar an urlár—ar nós gasúir a bhí sé, ach é an-sean. Nach mbeadh sé iontach, a dúirt sé agus slócht éigin air, iontach dá mbeadh gach uile phíosa ceoil a taifeadadh riamh i do chartlann? Bhí sé suite ar chéad chéim an staighre—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha arís—agus a bhéal oscailte, na fiacla buí nochta aige, iad fliuch le seile agus cúr, rud gránna. Tháinig racht casachta air, greim aige ar a thaobhanna, sianaíl ina anáil. Ba sheanduine ceart é ar feadh tamaill ach ansin labhair sé arís. Iontach go deo, sea, ag gach duine ar spéis leo é, MP3s ar do ríomhaire féin, ar gach ríomhaire atá ceangailte leis an idirlíon, P2P—tá sé sin ann cheana, ceol ar bith, ceol nua, ceol difriúil, iontach.

An eisean a bhí le marú agam? Bhain an cheist croitheadh asam, cheap mé go raibh an dúnmharú caite in aer agam.

Sheas sé go tobann, bhí sé díreach in aice liom, é chomh hard, rud a bhain geit asam—thóg mé coiscéim siar. An raibh seisean chun mise a mharú, díreach anseo anois? Bhreathnaigh sé anuas orm, rinne sciotaíl. Ná bíodh faitíos ort romhamsa, a ghasúirín. Ansin shiúil sé síos an halla píosa, a shúile lasta agus é ag breathnú ar an gceol uile a bhí ina thimpeall.

Casfaidh muid ceann, a dúirt sé, ach cén ceann?

Dhún sé a shúile, chas timpeall cúpla uair, trí, ceithre, cúig huaire, timpeall níos sciobtha, sé, seacht, thosaigh ag titim, d’ardaigh gach aon lámh agus rinne iarracht greim a fháil ar an aer, dhírigh é féin, chuir cos go místuama amach ar leataobh, ar ais arís, cos eile chun tosaigh, shiúil sé agus lámh amach roimhe san aer, ghluais go mall le corrmhéar sínte gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca—d’oscail sé a shúile. Kid606, a léigh sé amach, Down With The Scene. Cé hé sin? Ní raibh tuairim agam ach thaitin an t-ainm liom, a dúirt mé.

Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach. Shuigh muid, eisean ar an tolg, mise ar an urlár, agus d’éist leis an gceol ó thús go deireadh. Cuid den am is ag breathnú ar an teilifís a bhí mé, an chosúlacht amanna gur ag gluaiseacht de réir an cheoil a bhí na pictiúir, cuid eile den am is airsean a bhí mé ag breathnú. Bhí línte i ngach áit air, a éadan, línte doimhne ag síorathrú timpeall ar na súile, ar an mbéal agus é ag meangadh, na malaí seasta amach, bán, scrobarnach ribí sna polláirí, i bpoill na gcluas, línte ar na méara freisin, an muineál, gach áit. An ceol, bhí sé craiceáilte, chuir cuid mhaith de gáire orainn, cuid de bhodhraigh sé muid, cuid de bhí sé go hálainn agus d’fhan muid ciúin agus socair, cloigne ag luascadh beagán.

Ar deireadh d’fhiafraigh mé de ar mhaith leis casadh le mo thuismitheoirí—bhí neart ceoil acu sin freisin. Maith go leor, a dúirt sé. Iontach, a dúirt mé féin. D’éirigh muid chun imeacht, chuaigh amach go dtí an halla ach ar éigean greim aige ar an scáth báistí nó gur chuala muid coiscéim ar bharr an staighre agus an eochair á casadh sa doras.

Is as Muineachán ó dhúchas é Daithí Ó Muirí ach tá sé ina chónaí in Indreabhán, Conamara anois. Tá ceithre chnuasach gearrscéalta foilsithe aige go dtí seo, ina measc *Cogaí, a bhuaigh duais Oireachtais agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2001). *

Is féidir an cnuasach Ceolta a cheannach ar shuíomh Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) ar €10.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.