225
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Féachann Mary Beth Taylor ar fhás an ghrúpa seo agus ar na himpleachtaí atá aige don tír.
»»»Measann Tom Deignan nach cúis iontais ar bith é go bhfuil ráchairt chomh mór sin ar leabhair mar gheall ar na bithiúnaigh Éireannacha sna Stáit Aontaithe nuair a smaoiníonn tú an saghas saoil a chaith go leor acu.
»»»Féachann Ciara Nic Gabhann ar stair Dhuais Turner agus tugann sí cur síos ar chuid de na healaíontóirí agus de na saothair atá san iomaíocht don duais i mbliana.
»»»D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’. Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána
»»»Tá na milliúin duine i Meiriceá ag tnúth go géar leis an Superbowl, a bheas ar siúl Dé Domhnaigh, 4 Feabhra. Tuairisc ó Bhrian Ó Broin.
»»»Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.
»»»Dar ndóigh tá difríochtaí idir Tuaisceart Éireann/na sé chontae (nó pé ainm is mian leat a thabhairt air) agus an chuid eile den oileán. Gan amhras tá an chríochdheighilt tar éis éagsúlachtaí a mhúnlú i meon agus i gcultúr mhuintir an dá stát. Mar sin pléann meáin chumarsáide na Poblachta le Tuaisceart Éireann mar aonad ar leith. Bíonn comhfhreagraithe agus iriseoirí ar leith lonnaithe i mBéal Feirste acu. Dúirt Beo.ie liomsa go bhfuilim in ainm is a bheith ag plé le cúrsaí reatha an deiscirt. Tá Robert McMillan ag plé leis an Tuaisceart. Is socrú deas néata é. Cúrsaí eachtrannacha, cúrsaí Éireannacha agus cúrsaí Thuaisceart Éireann.
»»»Tar éis d’Emer Ní Bhrádaigh Camino de Santiago de Compostella na Spáinne a shiúl an samhradh seo, bhí sí cinnte de rud amháin - nach mbeadh sí ag dul ar ais ansin an bhliain seo chugainn.
»»»Beidh TG4 deich mbliana ar an aer oíche Shamhna. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha, faoin chéad deich mbliana sin, agus faoina shaol féin mar chléireach agus mar scoláire i dtús a shaoil agus sna meáin chumarsáide ina dhiaidh sin.
»»»Más mian leat BMW a cheannach ar athláimh, agus a bheith i do Bhímear, cuideoidh an chomhairle a bhreac Daragh Ó Tuama san alt seo leat.
»»»Seo sliocht as An Bóthar go Santiago (Cois Life, 2007), an chéad leabhar le Mícheál de Barra as Contae an Chláir. Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
»»»‘Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.
»»»Is mór an chailliúint é bás Kieran Hegarty, fear a raibh baint aige le gach clár Gaeilge a craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann le ceithre bliana is fiche. Crónófar a dhóigh shéimh agus a cheannasaíocht dhocht, a deir dlúthchara agus comhoibrí dá chuid, Antaine Ó Donnaile.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.