AR NA SAOLTA SEO
Cé a Chinnfeas na Lipéid?
Seán Mac Risteaird Seán Mac Risteaird Seán Mac Risteaird

Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.

Is iomaí feidhm atá ag teanga. Úsáidtear teanga le cur síos a dhéanamh ar dhaoine; chun iad a cheiliúradh, a mholadh nó, ó am go chéile, chun iad a cháineadh. Céad leath na míosa seo caite, bhí minicíocht lipéidí éagsúla ag dul i méad go háirithe ar na gréasáin sóisialta agus sna meáin chumarsáide. Má áirtear gur duine homafóbach nó ciníoch an té atá i gceist, cén chaoi a ndéantar sainmhíniú agus bainistiú ar lipéid den sórt sin? Agus cé leis na lipéid sin? An t-íospartach nó an t-úsáideoir? Cé hé ‘réiteoir’ chluiche na lipéad?

Tá cumhacht na teanga in úsáid mar uirlis shóisialta agus mar bhuthal aithneachtála go tréan i gcúlra na ceiste seo; go ndéantar daoine ar leith a aicmiú de réir iompair, tuairimí agus de réir chur i láthair. Is cinnte go bhfuil toradh an lipéidithe, ina ghníomh agus ina phointe sainmhínithe seo le feiceáil go soiléir i gcás bheirt ealaíontóirí le deireanas; Ani DiFranco, amhránaí Meiriceánach feimineach, ar tugadh an lipéad ‘chiníoch’ uirthi, agus Miss Panti Bliss, banríon draig Éireannach, atá lipéadaithe mar bhéadchainteóir. Díreofar san alt gearr seo ar chúlra na gconspóidí thuas luaite faoi dhíon na lipéad.

Ani DiFranco

Is gníomhaire sóisialta í Ani DiFranco; is file agus amhránaí iomráiteach í a dhiúltaigh do chathú an airgid sna nóchaidí agus a ghlac ród an neamhspleáchais mar cheoltóir féinriartha. Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta. De thoradh ar thuairimí liobrálacha agus comhaimseartha DiFranco, ghin an t-amhránaí lucht leanúna a bhí go príomha ina ngníomhairí feimineacha agus leispiacha. Athrú poirt a bhí i ndán dóibh, mar dhea, nuair a reáchtáil DiFranco ceardlann amhránaíochta agus ceoil i seanteach plandála i Louisiana – ceantar atá fréamhaithe go dlúth i stair fhoiréigneach, bhrónach, sclábhaithe Afracacha san Oileán Úr. Ní raibh cuid mhór de lucht leanúna DiFranco sásta le láthair na gceardlann ós rud é go ndéanann sé ceiliúradh, b’fhéidir, ar áilleacht na dtithe seo a bhí in úsáid ag úinéirí sclábhaithe sa naoú céad déag. Ar Facebook, Tumblr agus ar Twitter cuireadh feachtas ar bun le DiFranco a cháineadh agus bhí leithscéal uathu ina leith. Maíodh ann gur ciníoch í, go raibh sí ag teacht salach uirthi féin agus nach feimineach ceart í a thuig cás na nGormach ar chor ar bith. Ar deireadh, ghlac DiFranco leo agus ghabh sí a leithscéal.

Rory O Neill

Ar an gcuma chéanna tháinig Rory O Neill (nó Panti Bliss, persona draig O Neill) agus chuir sé tuairimí láidre in iúl maidir leis an lipéadú. Shíl Panti go raibh iachall uirthi ráiteas a eisiúint chun plé a dhéanamh ar an homafóbachas. Bagraíodh caingean dlí áfach, toisc gur bhain Brendan O Connor ainmneacha daoine as a aoi, na daoine siúd a bhí ceaptha a bheith ina ‘homafóbaigh’, dar le O Neill. Agus an tUasal O Neill ar an ardán mar Phanti in Amharclann na Mainistreach, ionad a bhraith torthaí na cinsireachta in anallód, mhínigh Panti don lucht féachana gur duine homofóbach í féin.

Cén chaoi a mbeadh taibhneoir draig, agus fear atá gníomhach i dtroid chearta na n-aerach in Éirinn, in ann a bheith ina dhuine homafóbach. Mar a mhínigh Panti dúinn go snoite snasta ní haon ionadh é go bhfuil gach mac máthair homafóbach go pointe áirithe agus go mbíonn sé ionainn go léir daoine ón imeall a cháineadh agus a imeallú níos faide uainn. Scaip aitheasc breá Phanti go sciobtha i ngréasáin sóisialta éagsúla agus cuid mhór dá tacadóirí dá moladh go hard.

Ná Caitheadh Éinne Againn Cloch

Dhá scéal éagsúla a chuirim os bhur gcomhair, dhá scéal a bhaineann leis an lipéadú mar nós. I ndeireadh na dála, tá feidhm ag na lipéid seo: le hiompar agus le seasamh polaitiúil daoine a shonrú. Mar is léir do DiFranco, ní mór di glacadh leis go bhfuil claonadh chun ciníochais ionainn uilig agus nach féidir linn i dtólamh chás an chine eile a thuiscint – ach gur féidir linn foghlaim uaidh mar fhorbairt leanúnach phearsanta. B’amhlaidh an scéal do Phanti agus dá conspóid – níl aon ‘chontúirt’ dhíreach ann i leith na lipéad seo – níl iontu ach focla – ach, is féidir linn glacadh le ciall na bhfocla seo agus iarracht a dhéanamh ár dtimpeallacht agus ár gcur chuige a chlaochlú. Má tá daoine áirithe den tuairim go ndéanfadh na lipéid seo dochar dá gcarachtar de thoradh na n-impleachtaí diúltacha agus gráinneachta na lipéid seo, tá siad ag tabhairt droim láimhe dá bhforbairt phearsanta agus do dhul cinn na tíre seo. Seas an fód agus bíodh misneach agat – is homafóibigh agus cinígh uilig muid – ach is féidir linn sin a athrú ó bhonn aníos trína aithint ar an gcéad dul síos.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is mac léinn taighde Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Má Nuad é Seán Mac Risteaird.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.