THALL IS ABHUS
Brides-les-Bains
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.

Íomhá
Aimhréidh Alpach
Íomhá
An t-údar agus a mhac Hugh ar an mullach
Íomhá
Hugh agus Dara Mac Gabhann
Íomhá
Les Trois Vallées, aghaidh le fána an tsléibhe
Íomhá
Níl cailleadh ar bith ar seo

Ní thosaíonn an bóthar ag dul in airde i gceart go dtí go bhfágfar Moutiers, baile gruama faoi scáth na sléibhte a dtugtar baile tairsí na nAlp air sna bróisiúir thurasóireachta. Is ar ár mbealach go Méribel a bhíomar agus deifir orainn a bheith ann chun an sneachta a fheiceáil agus socrú isteach san árasán a bhí tógtha ar cíos againn, greim a réiteach le hithe agus oíche mhaith chodlata a fháil. Theastaigh uainn uile a bheith amuigh ar na fánaí sciála an chéad rud an mhaidin dár gcionn.

Mé féin a bhí ag tiomáint. I ndiaidh breis agus deich n-uaire an chloig a chaitheamh ar an mbóthar, bhí mé sásta go raibh ár gceann scríbe nach mór bainte amach againn. In ainneoin gur fhágamar Páras ar a cúig a chlog an mhaidin sin, níor éirigh linn na tranglaim thráchta ar an mótarbhealach siar ó dheas a sheachaint.

taithí éigin againn anois ar an ollimirce inmheánach a bhíonn ann i gcónaí ag tús na laethanta saoire sa Fhrainc. Ach bhí gach cosúlacht air go raibh breis daoine ar na bóithre i mbliana le hais blianta roimhe. Ar chúiseanna éagsúla, a dúradh linn: an chíor thuathail pholaitíochta sna tíortha Arabacha, an Éigipt agus an Túinéis go háirithe, agus an ghéarchéim i ngeilleagar na hEorpa na fáthanna ar shocraigh daoine an tsaoire a chaitheamh sa bhaile.

Agus ní réiteach ar an scéal é an t-iompar poiblí ach oiread. Is iondúil go mbíonn an méid sin éilimh ar thicéid thraenach chuig na stáisiúin sciála tráth na laethanta saoire i mí Feabhra gur gá iad a chur in áirithe i bhfad roimh an Nollaig.

Ceann Scríbe

Bhí sé ina chlapsholas faoin am a shroicheamar Les Trois Vallées, an ceantar sciála is mó ar domhan más fíor don suíomh idirlín www.les3vallees.com, áit a bhfuil Méribel, mar aon le bailte cáiliúla ardsléibhe eile ar nós Courchevel agus Val Thorens.

Bhíomar uile inár suí go luath an lá arna mhárach, muid réidh don lá agus aimsir mhaith geallta. Ag dul suas go barr an tsléibhe ar chéad ardaitheoir sciála na maidine, tharla sé gur chuala mé fear ag caint le cara leis ar an bhfón póca. ‘C’est carte postale,’ a dúirt sé agus é ag déanamh cur síos ar an radharc thíos fúinn. Agus bhí an ceart ar fad aige!

An tráthnóna céanna agus an chéad lá caite againn, tugadh deis dúinn bualadh le cuid eile den lucht saoire ag teacht le cheile beag a eagraíodh i halla an bhaile. Deis ag na scoileanna sciála, ag lucht óstlainne agus bialainne agus ag lucht soláthair seirbhíse eile iad féin a chur in aithne dúinn. Chuaigh mé chun cainte le fear a raibh cuma air go raibh sé díreach tar éis ceann scríbe a bhaint amach. ‘Cé go gcaillim amach ar lá sciála,’ a dúirt sé liom, ‘b’fhearr liom gan taisteal riamh ar an Satharn mar go mbíonn na bóithre plódaithe.’

Fear glic gan amhras, agus fear sona. Ar ndóigh, is minic ráite gurb é an cú mall a bhíos sona. Toisc go ritheann an tsaoire phacáiste sa Fhrainc ón Satharn go dtí an Aoine dár gcionn, is iondúil go mbíonn na sluaite ar an mbóthar ar an Satharn, iad ag dul ar saoire nó ag filleadh abhaile. Tugtar ‘journées rouges/noires’ ar na laethanta taistil sin, ag brath ar cé chomh trom is a bhíonn an trácht. Ar an Domhnach, ámh, is minic a bhíonn na bóithre ciúin. D’aontaíomar gurbh fhearr síneadh lae a chur lenár saoire sciála, dá bhféadfaí é ar chor ar bith. Bheadh lá breise againn ar an sliabh, ar ndóigh, agus fíorbheagán tráchta ar an mbealach abhaile.

An tAthóstán

Bhí ciotaí sa scéal, áfach. An mbeimis in ann teacht ar sheomra óstlainne don cheathrar againn ar gearrfhógra? Agus ar phraghas réasúnta? Ní bheadh sé éasca, bhí fhios againn é sin, ach b’fhiú tabhairt faoi. Mo bhean chéile a tháinig ar an óstlann sa deireadh i mbaile beag darb ainm Brides-les-Bains, leath bealaigh idir Méribel agus Moutiers. Is cosúil go bhfuil clú ar an mbaile, ní hamháin i measc mhuintir na Fraince ach sa Bhreatain agus sa Rúis chomh maith, de bharr íocshláinte fuaruisce na háite agus triall ag daoine ann dá bharr le breis agus dhá chéad bliain anuas.

‘An baile inar féidir le duine éirí tanaí’, an mana atá ag Brides-les-Bains agus is fíor go bhfeictear go fóill céatadán ard daoine atá tar éis titim chun feola timpeall an bhaile agus é mar sprioc acu cuid den mheáchan sin a chailliúint. Bhí rogha idir dhá bhiachlár ag custaiméirí na hóstlainne ina bhfuaireamar cóiríocht na hoíche, biachlár an lae agus an biachlár diaitéiteach, biachlár ar a bhfuil luach calrach luaite le gach mias in áit costais!

Ach ba shráidbhaile Oilimpeach é Brides-les-Bains nuair a tionóladh Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i gceantar na Trois Vallées i 1992. Tógadh ardaitheoir sciála idir an baile atá sé chéad méadar os cionn chothrom na farraige agus Méribel atá míle méadar níos faide thuas, turas ar féidir a dhéanamh taobh istigh de fiche nóiméad. Is é an buntáiste atá ag Brides-les-Bains ar Méribel agus ar na bailte ardsléibhe eile, ar ndóigh, ná gur saoire, agus dar liom féin gur fearr, an lóistín atá ar fáil ann. Agus ní beag sin.

An Satharn Saor

Ní raibh an tseachtain i bhfad ag dul thart. Tráthnóna Dé hAoine, fad is a bhí cuid mhór daoine ag déanamh réidh chun filleadh ar an mbaile an lá arna mhárach, bhí fhios againn go raibh lá breise romhainn ar na fánaí sciála. Agus mar bharr ar an ádh, ba bheag duine a bhí amuigh ar an sliabh Dé Sathairn seachas muintir na háite agus sinn féin.

Chaith mé an mhaidin ag sciáil ach ar theacht an mheán lae, shocraigh mé féin agus mo bhean chéile an chuid eile den tráthnóna a chaitheamh i bhfolcadáin teo an bhaile. Leoga, arsa muid, nárbh é an spá is túisce a tharraing cáil ar Brides-les-Bains sula raibh aon chaint ar sciáil? Agus idir an teach allais, is é sin, an sabhna, agus an seomra gaile, an seacúsaí faoin aer agus an cith ilfheidhmeach, ní raibh lá aiféala orainn gur ansin a chríochnaíomar an tseachtain sciála.

Is le drogall a d’fhágamar na folcadáin teo sa deireadh chun filleadh ar an óstlann. Nach orainn a bhí an t-ádh gur thángamar ar Brides-les-Bains agus gur éirigh linn síneadh a chur leis an tsaoire fiú mura raibh ann ach an t-aon lá amháin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.