AR NA SAOLTA SEO
Kieran Hegarty, 1956-2007
Antaine Ó Donnaile Antaine Ó Donnaile

Is mór an chailliúint é bás Kieran Hegarty, fear a raibh baint aige le gach clár Gaeilge a craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann le ceithre bliana is fiche. Crónófar a dhóigh shéimh agus a cheannasaíocht dhocht, a deir dlúthchara agus comhoibrí dá chuid, Antaine Ó Donnaile.

Íomhá
Kieran Hegarty, 1956-2007

Fuair Kieran Hegarty, a bhí ina cheannasaí ar chúrsaí idirghníomhaíochta agus foghlama le BBC Thuaisceart Éireann, bás ar an 29 Deireadh Fómhair i ndiaidh dó obráid chroí a bheith aige. Ba chraoltóir ceannródaíoch é Kieran, a chaith beagnach ceithre bliana is fiche ag soláthar scoth na gcláracha don lucht féachana ó thuaidh. Ba chara mór é fosta ag a lán fostaithe de chuid BBC – go háirithe acu siúd a raibh baint acu le hAonad na Gaeilge, agus ag cuid mhór daoine eile i saol na Gaeilge i gcoitinne.

Cuireadh oideachas dara leibhéal ar Kieran ar Choláiste Cholm Cille i nDoire agus bhain sé céim chéad onóracha amach sa Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Thosaigh Kieran ag obair le BBC Thuaisceart Éireann sa bhliain 1983 nuair a ceapadh é mar léiritheoir ar chláracha Gaeilge – an chéad duine riamh a raibh an ról sin aige. Go luath ina dhiaidh sin, bunaíodh Aonad na Gaeilge faoi stiúir Kieran. Ba é Kieran féin a scríobh agus a léirigh bunús na gcéadchláracha Gaeilge a craoladh ar BBC. Ar an raidió den chuid ba mhó a bhíodh siad le cloisteáil ag an tús, ach de réir a chéile – agus faoi thionchar Kieran – chuaigh BBC TÉ i mbun cláracha teilifíse as Gaeilge a léiriú. Ba é Kieran a léirigh na cláracha teilifíse sin i dtosach – *Dá mBíodh Ruball ar an Éan, *scannán faisnéise ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna ar bronnadh gradam air ag féile idirnáisiúnta scannán, ina measc.

Ní ba mhoille agus é ina bhainisteoir, tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, agus le linn dó a bheith tinn, bhí sé i gceannas ar an Rannóg Idirghníomhaíochta agus Foghlama, áit a raibh sé freagrach as na meáin úra, as cúrsaí oideachais agus as cúrsaí Gaeilge agus Albainis Uladh.

Ba dhuine fíorchruthaitheach é Kieran. Ba dhuine umhal suaimhneach é chomh maith – tréith a bhí inmholta i saol méaldrámata na meán cumarsáide. Cronófar a dhóigh shéimh, a cheannasaíocht dhocht agus a chairdeas dlúth.

Spreag agus chothaigh Kieran go leor léiritheoirí óga lena linn. Bhí sé fial lena chuid saineolais agus lena chuid scileanna. Chuir sé muinín ina chomhoibrithe agus thug sé saoirse dóibh ina gcuid oibre le go dtiocfadh siad faoi bhláth.

Bhí meas mór ag daoine ar Kieran taobh istigh de BBC – agus lasmuigh de chomh maith – mar chraoltóir agus mar chara. Is mór an chailliúint é a bhás, ach is mór fosta an oidhreacht a d’fhág sé againn, go háirithe acu siúd a bhíonn – agus a bheas – ag obair sna meáin Ghaeilge.

Déanann a chomhghleacaithe BBC comhbhrón ó chroí le clann Kieran agus le gach duine a raibh grá aige dó.Léiritheoir sinsearach le BBC Thuaisceart Éireann is ea Antaine Ó Donnaile, a bhfuil cónaí air i mBéal Feirste. Is as Contae Ard Mhacha ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.