483
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cé go bhfuil seachtar páistí ag Gearóidín Bhreathnach as Rann na Feirste i dTír Chonaill, tá a cion féin déanta aici ar son na Gaeilge agus an chultúir. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoina saol mar amhránaí sean-nóis agus mar sheanchaí, agus faoina leabhar nua do pháistí atá díreach foilsithe.
»»»Chas Robert McMillen le Conor O’Clery, ón Irish Times, agus labhair sé leis faoina dhírbheathaisnéis atá foilsithe ag Poolbeg. Chuaigh Conor siar ar bhóithrín na smaointe, ar a chuid oibre thar lear sa tSín, sa Rúis, sna Stáit Aontaithe agus i mórán áiteanna eile nach iad. Tá léamh sainiúil aige ar chuid dá bhfuil ag titim amach sa domhan mhór thart orainn ar na mallaibh
»»»Níl cothrom na Féinne á fháil ina dtír dhúchais ag ceoltóirí Gearmánacha a chanann sa Ghearmáinis agus sa Bhaváiris, dar le Christoph Wendler.
»»»Ní aireoidh Aire Stáit na Gaeltachta rud ar bith coimhthíoch faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne mar bhí sé féin, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, ag baint duaiseanna scéalaíochta ag an Oireachtas na blianta siar. Chas Seosamh Mac Muirí leis ar an lá ar seoladh Plean Forfheidhmithe na Roinne don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
»»»Tá an chuma ar an scéal go ndaorfar chun báis cuid de na hAstrálaigh a gabhadh le déanaí i mBali agus hearóin ina seilbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Measann Dáithí Ó Colchúin go n-éireoidh leis an mbeirt ón Astráil a toghadh ina mbaill de Pharlaimint agus de Sheanad na hIodáile le gairid go leor a bhaint amach.
»»»Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa gur spaga beag folamh an rialtais áitiúil a d’fhág é ag santú comhlachtaí a chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic. Ní chun leas na timpeallachta an méid sin.
»»»Tá Deirdre Davitt ag triall ó dheas go Corca Dhuibhne i gCiarraí ó bhí sí ina déagóir agus tá sí oiread faoi dhraíocht ag an gceantar anois is a bhí an chéad lá riamh.
»»»Cothaíonn Gradaim na Réaltaí go leor conspóide gach bliain ach tá Colm Mac Séalaigh go mór i bhfábhar na scéime.
»»»Munar cumannach é ní Meiriceánach é an gháir a chuaigh amach ón slua amadán. Chonaic Brian Ó Broin imirt an dráimh ag an mámh ar cheist ionad breithe Obama.
»»»Géillfimid, in éadan ár dtola, do thuairim an duine eile sin a dúirt, “tá sé go maith le haghaidh grianghraif a sheachadadh gan stró”, nó “caithfidh tú amharc isteach ann”. Facebook, Bebo, Myspace. Ghéill Breandán de Gallaí agus dhírigh a aghaidh ar an Aghaidhleabhar i ndeireadh báire.
»»»An t-ealaíontóir gur mhór aici an damhan alla agus gur mhór a cuid damhan alla, Louise Bourgeois, fuair sí bás ar na mallaibh. Chuir Ciara Nic Gabhann an t-alt mar chuimhne ar a carn.
»»»Tá cur síos ag Tony Birtill an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain dó agus é ar chúrsa i sléibhte na hAlban.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.