AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Na Breitheadóirí
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Munar cumannach é ní Meiriceánach é an gháir a chuaigh amach ón slua amadán. Chonaic Brian Ó Broin imirt an dráimh ag an mámh ar cheist ionad breithe Obama.

Íomhá
An tUachtarán Obama lena bhean is a gclann
Ben Stanfield a tharraing ar Flickr
Íomhá
Luí na gréine ar Thrá Maili, Hawaii
le D. Schmitz ar Picasaweb
Íomhá
An Dr. Tom Coburn agus an tUachtarán Obama 06
ar Vicipéid
Íomhá
Arnold Schwarzenegger a rugadh lasmuigh de SAM
ar Vicipéid
Íomhá
Crónachan in Arizona
le Dominic McDevit ar Vicipéid

Cár rugadh thú?

Ní ceist dheacair é sin a fhreagairt d’éinne, is cosúil. Tá cóip dár dteastais bhreithe againn go léir i dtarraiceán éigin, ar eagla go mbeadh orainn clóichead a fháil nó cuntas bainc a oscailt. Is cinnte gurbh éigean do Bharack Obama ceann a thaispeáint chun clóichead a fháil i 1967, nuair a thaistil sé lena thuismitheoirí go dtí an Indinéis, agus i 1981, nuair a thaistil sé ansin arís, agus ar aghaidh chun na hIndia agus na Pacastáine an bhliain chéanna.

Ach ní leor sin do dhaoine áirithe. Is cosúil go bhfuiltear amuigh ansin a sheasann in aghaidh uachtaránacht Obama mar, dar leo, níor rugadh sna Stáit Aontaithe é, agus dar le Bunreacht Mheiriceá, ní mór don uachtarán theacht ar an saol i Meiriceá.

Go deimhin, rinneadh clár iomlán sa tsraith teilifíse "30 Rock" faoi seo le déanaí, nuair a thiteann tinneas clainne ar charachtar an-choimeádach agus í i gCeanada. Ainneoin an obair a dhéanann sí filleadh ar na Stáit Aontaithe sara saolaítear a páiste, teipeann uirthi, agus caithfidh sí glacadh leis nach mbeidh a gasúr ina uachtarán ariamh.

Ní Bheidh mé ar Ais!

Rinneadh trácht ar an bhfadhb tamaillín eile ó shin nuair a moladh Arnold Schwarzenegger, an aisteoir cáiliúil, mar iarrthóir uachtaránachta. Ainneoin go raibh sé in ann oifig ghobarnóir Chalifornia a ghlacadh, ní fhéadfadh sé seasamh don uachtarácht gan athrú a dhéanamh do bhunreacht an stáit. Bhíothas ag déanamh machnamh dáiríre ar seo ar feadh tamaill.

Tá an ceart ag lucht na cáiréise maidir leis an mbunreacht. I mbunreacht Mheiriceá, a ritheadh i 1788, deirtear nach bhfuil cead ag éinne ach “saoránach nádúrbheirthe” a bheith ina uachtarán ar Mheiriceá. Ach níl an téarma seo róshoiléir nuair a bhreathnaíonn tú go géar air. An gciallaíonn an nath go gcaithfear thú a bheith beirthe ar thalamh Mheiriceánach? Más ea, ní bheadh cead ag John Mc Cain, a sheas do pháirtí na bPoblachtánach, a bheith ina uachtarán, ó rugadh i bPanama é i 1936.

Mar a thuigfí, níl rófhonn ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe rialú sa chás seo, ó rugtar an méid sin Meiriceánach thar lear cheana féin agus a dtuismitheoirí ag freastal sna fórsaí míleata. An ndiúltófaí an uachtaránacht do dhuine mar go raibh a mháthair ina cónaí i mbeairic de chuid fórsaí armtha Mheiriceá sa Ghearmáin, sa tSeapáin, nó sa Chóiré?

Cibé, níor bhac daoine leis an dlí seo mórán go dtí le déanaí. Ceart go leor, bhí conspóid bheag i 1964 i dtaobh Barry Goldwater, a sheas don uachtaránacht in aghaidh Lyndon Johnson, ainneoin gur rugadh é i gcríoch Arizona sara rinneadh stát de.

Faoi Chopóig nó Faoi Theastas?

Bhí an cheist ina mhórachrann arís le déanaí mar gheall ar an Uachtarán Barack Obama, a rugadh in Hawai’i in 1964. Dar le daoine áirithe, níor rugadh ansin in aon chor é, ach san Indinéis nó i gCéinia (tír dhúchais a athar). Le breis agus dhá bhliain, tá na daoine seo ag scríobh litreacha go dtí tithe cúirte agus parlaimintí stáit ag éileamh cruthúnais gur rugadh an tUachtarán ar thalamh Mheiriceánach. Thosaigh sé seo le hamadán nó dhó i rith feachtas toghchánaíochta Obama, ach tá sé ina bhunalt creidimh i measc cuid mhaith de lucht an “Tea Party” anois, na daoine i bhfad amach ar eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh a sheasann in aghaidh bheartais lárchlé an uachtaráin agus an Pháirtí Dhaonlathaigh. Ar ndóigh, dhiúltaigh an tUachtarán Obama a bheith ina arracht na seacht gceann uilig, agus choinnigh a theastas sa tarraiceán.

Ach tá amadáin fud fad an domhain, I ndomhnach, má bhíonn tú sásta amadán a dhéanamh díot féin go poiblí i Meiriceá, tá seans maith go dtuillfidh tú airgead as, má imríonn tú na cártaí i gceart. Tá a fhios go maith seo ag Donald Trump, fear a chaith a shaol i mbun féinbholscaireachta. Cé nár fear maith gnó ariamh é, thuig sé tábhacht na margaíochta go rímhaith, agus nuair a theip air ar a chomhlacht forbartha talún sna hochtóidí, d’athraigh sé é féin ó bhun. In áit gabháltais a bhainistiú, chuir sé a ainm orthu agus thug sé úinéireacht na n-áiteanna do chomhlachtaí eile. Sar i bhfad bhí Donald Trump agus a pheiriúc dochreidte le feiceáil ar scáileáin teilifíse Mheiriceá, go háirithe nuair a chuir sé tús le sraith teilifíse réaltachta “The Apprentice” i 2004. Luaim an tUasal Trump mar gur fhógair sé go luath i mí Aibreáin 2011 go raibh súil aige ar uachtaránacht Mheiriceá, agus nár chreid sé gur rugadh an tUachtarán Obama i Meiriceá.

Imirt an Dráimh ag an Mámh

Go tobann bhí an fothaispeántas i lár an aonaigh, le Trump ag spalpadh a scéil ar gach clár teilifíse a ghlacfadh leis. Ba chosúil go raibh an lá ag na hamadáin. Chomh tobann céanna, tháinig deireadh leis an scéal, ámh, nuair a thogair an t-uachtarán an teastas úd a chur suas ar an idirlíon agus deireadh a chur leis na scéalta.

Bhí na “breitheadóirí” (mar a thugtar orthu) in aimhréidh. Mar a dúirt cara liom i Wisconsin “An gcloiseann tú sin? Sin torann na mílte inchinní beaga ag pléascadh timpeall na tíre!” B’fhéidir go raibh sé seo réamhbheartaithe ag an uachtarán an t-am ar fad. Conspóid amaideach a thabhairt do lucht an chlamhsáin chun a n-aird a dhíriú ó rudaí níos tromchúisí. Más ea, d’éirigh go seoigh leis. Níl le cloisteáil ó na breitheadóirí faoi láthair ach ciúnas.

Ach ba chuma i ndeireadh báire. D’fhógair Trump i ndeireadh mhí Aibreáin go ndeimhneodh sé a iarrthóireacht ag deireadh a shraithe teilifíse reatha i mí Bealtaine, agus gur cheart dúinn breathnú ar sin. I ndeireadh báire, ní raibh ann ach seift bolscaireachta do scaothaire eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.