CÚRSAÍ SPÓIRT
an-fhiúntas ag baint le Gradaim na Réaltaí
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Cothaíonn Gradaim na Réaltaí go leor conspóide gach bliain ach Colm Mac Séalaigh go mór i bhfábhar na scéime.

Íomhá
Gradam Réalta á bhronnadh ar an iománaí John Mullane as Port Láirge sa bhliain 2003
Íomhá
Brian Whelehan as Uíbh Fháilí - fágadh ar lár é 'trí thimpiste'
Íomhá

Gach bliain sa scoil s’againne fógraítear réaltaí peile agus iomána na bliana agus bronntar plaiceanna ar na buaiteoirí ar an a bhronntar duaiseanna eile na scoile. Is ócáid mhór í ag deireadh na scoilbhliana agus bíonn an-dúil ag na buachaillí duais réalta a bhaint amach. Tugann aitheantas agus stádas dóibh agus gcuid iarrachtaí i rith na bliana. Is mór an gaisce, dar ndóigh, réalta peile agus iomána a ghnóthú an bhliain chéanna agus tarlaíonn sin ó am go ham. is moite deImreoir na Bliana”, níl aon ghradam níos fearr réalta.

Dar ndóigh is aithris ghlan iad réalta peile agus iomána na scoile ar na Gradaim Réaltaí Peile agus Iomána a bhronntar gach bliain ar imreoirí sinsearacha idirchontae Chumann Lúthchleas Gael (GLG). Níl dabht ar bith ach gur smaoineamh é seo ar éirigh thar barr leis ó bunaíodh é i measc imreoirí, lucht tacaíochta, lucht urraíochta agus lucht nuachtán agus teilifíse. Bíonn ócáid bhronnta na Réaltaí ar na hócáidí is spóirt i rith na bliana lasmuigh d’imirt na gcluichí féin. Bíonn maithe agus móruaisle lucht CLG, teilifíse agus raidió, nuachtán agus gnó i láthair agus de ghnáth craoltar an ócáid beo ar RTÉ. (Is mór an trua nach mbíonn úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den ócáid phoiblí náisiúnta seo, ócáid a d’fheilfeadh go mór d’úsáid na teanga agus an oiread sin lucht labhartha gafa leis na cluichí Gaelacha.)

Thosaigh na Réaltaí i l971. Tuairisceoirí ar chluichí Gaelacha ag an am a chuir an smaoineamh chun cinn (bhí gradaim an-chosúil leis na Réaltaí ag an *Irish Gaelic Weekly *sna l960í). Ba iad na hiriseoirí a bhailigh le chéile agus a chuir an plean i dtoil a chéile Paddy Downey, John D. Hickey, Pádraig Puirséal agus Mick Dunne. Rinne siad teagmháil le comhlacht toitíní PJ Carroll & Co a bhí i mbun urraíochta ar Chomórtas Seachtar-an-Taobh a bhí á eagrú ag Cumann Peile na hOllscoile, Áth Cliath. Chuir lucht PJ Carroll an-suim sa scéim nua agus chuaigh na hiriseoirí ansin i dteagmháil le Rúnaí CLG ag an am, Seán Ó Síocháin. Ba ghearr ina dhiaidh sin go raibh beannacht oifigiúil CLG ag an scéim agus b’fhadradharcach an cinneadh é mar fógairt na Réaltaí Peile agus Iomána gach bliain ar na hócáidí spóirt is sa tír.

Fógraíodh an chéad fhoireann Réaltaí i nDeireadh Fómhair l971 - an fhoireann iománaíochta - agus fógraíodh an fhoireann pheile cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Tionóladh an chéad Fhleá (ócáid bhronnta) ar an 15 Nollaig l971; ócáid an-ghalánta a bhí inti agus leagadh síos an gnás don ócáid nach bhfuil mórán athrú uirthi ó shin.

Bunaíodh coiste roghnaithe i measc iriseoirí agus craoltóirí spóirt agus bunaíodh coiste stiúrtha freisin chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos don scéim.

Conspóid

Ón gcéad , nach ionadh, bhí conspóid ag baint le cinntí na roghnóirí agus is féidir a gur cuid de bhua na scéime ó shin an chonspóid chéanna. An chéad bhliain sin, bhí go leor daoine ag clamhsán faoin bhfoireann pheile, go mór mór toisc nár roghnaíodh Mícheál Ó Conaill agus Mícheál Ó Duibhir as Ciarraí. Bhí an bheirt Mícheál ar na peileadóirí ab fhearr ina féin i ar bith, ach raibh áit dóibh ar an gcéad fhoireann Réaltaí!

Is iomaí argóint agus díospóireacht a spreag na Réaltaí ó shin agus is féidir a go líonann an fhoireann a roghnaítear gach bliain bearna mhór ó thaobh cluichí idirchontae i míonna dorcha an gheimhridh. Dar ndóigh, ar nós gach conspóid leithéid, ligtear i ndearmad na hargóintí agus na heasaontais a luaithe is a thosaíonn an séasúr nua tar éis na Nollag, ach amháin, b’fhéidir, i measc imreoirí a cheapann go raibh an gradam tuillte acu ach nach bhfuair é. Is minic iadsan ag obair níos déine ina dhiaidh le rudaí a chur ina gceart, dar leo féin.

Is dóigh gurbh é an chnámh spairne is ar feadh i bhfad an riail maidir le sportúlacht. Is éard a bhí i gceist riail a dúirt nach bhféadfadh imreoir a bheith i dteideal an gradam a fháil gcuirfí den pháirc é i gcluiche ar bith i rith na bliana, fiú amháin sa tréimhse idir fógairt na foirne agus bronnadh na nduaiseanna.

Tharla, i rith na mblianta, gur ceileadh an gradam ar imreoir de bharr gur díbríodh den pháirc é i gcluiche club gan tábhacht agus chuir sin go leor daoine le báiní. Ar deireadh athraíodh an riail, ach cuirtear sportúlacht an imreora san áireamh i gcónaí nuair atá an fhoireann á roghnú. Bhí ócáidí ann freisin nuair a fágadh imreoirí ar lártré thimpiste”. Tharla sin i gcás Brian Whelehan i 1994, iománaí a roghnaíodh ar fhoireann an chéid ina dhiaidh sin. Fágadh ar lár é i l994 de bharr locht sa chóras ballóide faoi rún, ach an bhliain chéanna sin, roghnaigh na himreoirí é marImreoir na Blianaagus ba é an rogha leis do dhuais Texaco, “Iománaí na Bliana"!

Gné eile de scéim na Réaltaí a thug uchtach agus spreagadh d’imreoirí turas na Réaltaí. Is go Meiriceá a théidís sna blianta tosaigh agus suas go dtí na l990í. D’imrítí cluichí taispeántais i gcathracha Mheiriceá Thoir, Thiar, Thuaidh agus Theas. D’fhanadh na himreoirí le lucht tacaíochta i Meiriceá sna blianta tosaigh ach ba ghearr gur socraíodh ar lóistín in óstáin a chur ar fáil dóibh. “Duaisiontach eile gan dabht. Le roinnt blianta anuas na foirne Réaltaí tar éis taisteal chuig ionaid eile timpeall an domhain agus cluichí taispeántais a imirt iontu - áiteanna ar nós Dubai, Buenos Aires, agus Hong Kong.

Meas

Níl aon dabht faoi ach meas ag imreoirí ar ghradam Réalta - ar mhaithe le turas thar lear amháin, ach toisc go bhfuil an gradam tábhachtach ann féin. D’athraigh saol cuid de na buaiteoirí, go háirithe i gcás imreoirí as contaetha nár bhuaigh Craobh na hÉireann agus a bhí bhrí sin mar réaltaí breise ina gcontae agus ina bparóiste féin.

Insíonn Liam Dunne (Loch Garman) an scéal go maith ina leabhar I Crossed the Line faoin gcéad ghradam Réalta a ghnóthaigh i l990. raibh súil ar bith aige leis an ngradam, ach nuair a d’fhill abhaile i ndiaidh na hócáide ( raibh an fhoireann fógartha roimh ) ba gheall le réalta popcheoil é ina shráidbhaile féin, an tAbhallort, agus bhí ceiliúradh ag muintir an bhaile ar feadh seachtaine. mór a nach raibh tada gnóthaithe ag an Abhalort le fada roimhe sin ag Loch Garman ach oiread.

Ar aon nós, is scéal iontach é scéal na Réaltaí agus mórán scéalta ag imreoirí faoi. mbeadh locht amháin agam féin air, agus mian liom a bheith cáinteach, is é seo é: bronntar an iomarca duaiseanna ar imreoirí churaidh na hÉireann gach bliain. Gan dabht is iad curaidh na hÉireann an fhoireann is fearr gach bliain ach hionann sin agus a gur ábhar Réalta gach ball den fhoireann sin. Ba chóir go mbeadh na duaiseanna scaipthe níos forleithne sin. Is cinnte go dtugann imreoirí taispeántais iontacha ar fud na tíre i rith na bliana, go háirithe le cúpla bliain anuas agus an méid sin cluichí breise ann de bharr chóras anchúldorais.

Nílim cinnte go bhfuil súil ag na roghnóirí ar a dhóthain de na cluichí a imrítear agus go leathann an scéim an fhallaing sách fairsing. É sin ráite, tugaim tacaíocht iomlán don scéim agus guím gach rath uirthi.

Ar deireadh, moladh amháin a bheadh agam faoi na Réaltaí go ndéanfaí nasc ar leith idir an scéim agus Corn an Bhóthair Iarainn. Mholfainn go roghnófaí foirne cúige díreach i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann gach bliain, go n-imreodh na cúigí i gcoinne a chéile le haghaidh Chorn an Bhóthair Iarainn agus go roghnófaí na Réaltaí as na himeoirí sin a d’imreodh ar son a gcúige.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.