122
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ceapadh Tim Collins, seinnteoir consairtín den chéad scoth, le déanaí mar Scoláire Fulbright, rud a chiallaíonn go mbeidh sé ag tabhairt aghaidhe ar Nua-Eabhrac go luath le tosú ag léachtóireacht ar cheol dúchasach na hÉireann ansin. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin scoláireacht spéisiúil seo.
»»»Iar-phríomhoide meánscoile, duine de Chúigear Ros Dumhach agus fonnadóir agus ceoltóir é Mícheál Ó Seighin. Tháinig sé ar an saol i gContae Luimnigh ach tá a shaol oibre caite aige i gceann de sheoda áille rúnda na tíre seo, in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige le gnaithí na tíre a spíonadh in éineacht leis ina theach os cionn na farraige idir céibh na Rinne Ruaidhe agus Sruth Fada Con. Nocht Mícheál a thuairim ar an iliomad rudaí sa taobh tíre álainn sin, ina measc ar Pat ‘the Chief’ O Donnell atá anois ar an leaba chláir sa gCaisleán Riabhach, ar an mBord Pleanála, ar an iriseoir Paul Williams, an Betelgeuse a pléasc i gCuan Bheanntraí, ar Lloyds Marine, ar Acht Airgeadais 1992, Ray Burke agus Bobby Molloy agus ar airgead na Gaeltachta a bheith dá roinnt ar Bhéal an Mhuirthead.
»»»Ní hé Barack Obama amháin atá ina réadóir thall i Meiriceá. Tá trácht ag Brian Ó Broin ar bhean atá ag déanamh dul chun cinn go seoigh as cúlra nach mbeadh aon duine ag súil léi. Sonia Sotomayor a hainm agus tá sí ag fíorú na haislinge Meiriceánaí.
»»»Is é tuairim Bhalor go mbeidh Caoimhín My Erse ag tairngreacht inimirce, bás agus díothú ar Ghaelaibh um Earrach na bliana. Fair amach!
»»»An bhféadfadh go mbeadh Fine Gael agus Fianna Fáil i gcomhrialtas tar éis an chéad olltoghchán eile? Cíorann Breandán Delap na féidireachtaí.
»»»Ní leithne an t-aer ná an timpíste a deir an seanrá. Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach. Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.
»»»Nuair a fógraíodh buaiteoir an Turner Prize ar an 9 Nollaig i Londain, bhí go leor daoine i saol na healaíne an-mhíshásta. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Is mithid do bhainistíocht an BBC éisteacht le toil na ndaoine lasmuigh de sheomraí cumhachta na heagraíochta, nó tá John-Paul Mc Carthy den bharúil go bhfuil siad ag dul amú agus solas acu.
»»»Tuairiscítear go mbeidh ar charthanais seirbhísí a chur ar fionraí de dheasca titim mhór sna síntiúis. Chuaigh Niamh Ní Shúilleabháin ag iniúchadh dúshlán na hearnála deonaí muinín an phobail a chothú sna carthanais arís.
»»»Thug Ruth Nic Giolla Iasachta do na boinn é ag tús Redadeg, nó Rith, a shín timpeall na Briotáine ar son ghníomhaíocht na Briotáinise, scolaíocht sa teanga sin go háirithe.
»»»Tá léamh ar leith ag Maidhc Ó Cathail ar chuairt Barack Obama ar sheanfhóda dúchais na beirte acu, thart ar Mhuine Gall.
»»»Shiúil John-Paul Mc Carthy seal i ndomhan nár mhair aon ghreann riamh ann nuair a léigh sé an bheathaisnéis a scríobh Charles Moore ar Margaret Thatcher.
»»»Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh gurb é an dúshlán is mó a bheas roimh an Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta, atá le ceapadh go luath, ná dearcadh daoine i gCumann Lúthchleas Gael maidir leis an iománaíocht a athrú.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.