AR NA SAOLTA SEO
Stair
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Seachaint na fírinne i measc lucht polaitíochta ó thuaidh a tharraing aird Robert McMillen, cionn is gur fhógair Peter Robinson i rith na seachtaine nach mbeadh aon iniúchadh ar stair na coimhlinte is déanaí.

Bhí ag plé cuid mhór leis an stair i Feabhra agus inné féin, bhuail an stair smitín orm agus ag léamh an News Letter, an nuachtán Béarla is fadmharthanaí ar domhan. (Thosaigh in 1737). Ba é clann Mhic Neachtain - McCracken - a bhunaigh an nuachtán, an sliocht ónar shíolraigh Henry Joy McCracken, duine de cheannairí na nÉireannach Aontaithe a crochadh i lár Bhéal Feirste i Iúil 1798.

Ar ndóigh is é guth an phobail Aontachtaigh inniu é an News Letter, rud a thugann le fios go seasann an stair ina staicín in aon áit amháin ach go n-athraionn de réir mar a nochtar léargais úra. Ach ba sa News Letter a léigh an ceannlíne iontach’No history re-write, pledges Robinson”. Lean an nuachtán leis: "The re-writing of history by terrorists to portray the security forces as villains will not be allowed, Peter Robinson has warned republicans." Is cosúil go bhfuil troid faoi úinéireacht na staire ag dul ar aghaidh.

Níl a fhios agam cad é a déarfadh Robbo faoin chlár Empire a craoladh ar BBC an céanna a raibh a ráiteas ar an nuachtáin. Níor chuir láithreoir Empire, Jeremy Paxman, fiacail ann. Chuir síos ar an chaimiléireacht, an tsaint, an craos chun cumhachta, na gealltanais nár comhlíonadh agus doirteadh ollmhór na fola nuair a bhí an ceathrú cuid de dhaonra an domhain faoi smacht ag Impireacht na Breatáine. Léirigh fear Newsnight go glinn an fhreagracht atá ar an Bhreatain as síoraighneas marfach na Palaistíne nach bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair 64 bliain i ndiaidh an Balfour Declaration.

Cumha i nDiaidh an tSeansaoil

I mbliana, 2012, laethanta na hImpireachta bailithe leo ach bhí an Bhreatain páirteach i seacht gcogadh le 30 bliain anuas. I ráiteas an-suimiúíl, duirt Paxman: "It’s as if we can’t quite let go of who we once were." Measaim gur cur síos beacht é sin ar sciar mhaith den phobal Aontachtach agus ar a bpolaiteoirí chomh maith ach beidh ag fanacht fada go leor le go mbeadh siad chomh haithríoch le Jeremy Paxman.

An tseachtain seo caite ar an News Letter, léigh gur iarr iar-Mhodhnóir na hEaglaise Preispitéirí, Norman Hamilton, ar an Chumann Lúthchleas Gael a bheith ar shean a ndíchill an Ghaeilgea dhípholaitiú”. In alt a scríobh don Irish News, chuir in iúl nár thosaigh polaitiú na Gaeilge le Sinn Féin ach le Reacht Chill Chainnigh (1366), An Concas Túdarach, Acht an Oideachas 1831 síos go dtí rámhaillí an Irish Independent sa atá inniu ann. Ach luaitear iad seo. fheiceann daoine ach polaitiú na Gaeilge, mar is áil leo féin, ag poblachtánaigh. ( liosta an-mhaith de ráitis fhríth-Gaeilge, 1388-2011, in politics.ie; féach an nasc de leataobh anseo.)

An tArán a Itheadh, Dearmadta

Ag fanacht le cúrsaí staire, agus ó tharla beith ag déanamh taighde ar Naomh Gall ( ceistigh ), léigh How The Irish Saved Civilisation le Thomas Cahill an tseachtain seo caite. Sa leabhar iontach seo, luann Cahill nach gceanglaítear na focail "Irish" agus "Civilisation" le chéile ach nuair a bhí Impireacht na Roimhe ag titim as a cheile, ba iad na manaigh Éireannacha a las solas na sibhialtachta Críostaí ar fud na hEorpa sa Dorcha.” Ach luann Éire agus Éireannaigh, smaoineoidh siad ach ar Guinness, gruaig rua, Riverdance agus Jedward. Scríobhann na buaiteoirí an stair agus scríobhtar na daoine a chaill amach as an stair, ach ar ais chuig Peter Robinson. Sa chaint a thug ag an deireadh seachtaine, dúirt ceannaire an DUP nárbh fhiú Coimisiún Fírinne a bheith ann le heachtraí conspóideacha na coimhlinte ó thuaidh a iniúchadh.

bhfaighfeá ach, arís eile, na póilíní agus an tArm sa duga agus an stair curtha as a riocht,” ar , ionann is a gur thuig gach cor i stair na dtrioblóidí agus go raibh lom na firinne ina chroí istigh.

Ar ndóigh, an stair an chloch is ar phaidrín Robinson ach idé-eolaíocht, bosca stáin ina sánn an stair, a bhrú agus a mhúnlú le go mbeidh in oiriúint do do dhearcadh polaitíochta. Déanann poblachtánaithe an rud céanna, ach raibh an chumhacht acu ó thuaidh ach sin an fáth gur an fonn atá orthu ( orthu uilig) coimisiún de chineál éigin firinne a bheith ann. Is i bhfad an dochar a dhéanfadh a leithéid de choimisiún d’Aontachtaithe do phoblachtánaithe. Is rí-éadócha nár léigh Peter Robinson Mo Bhealach Féin ach thuigfeadh an chéad abairt ann.

Deir siad go bhfuil an fhirinne searbh ach, creid mise, searbh atá ach garbh agus sin an fáth a seachantar í.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.