AR NA SAOLTA SEO
Eisceachtúlachas Iosraelach:
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Tugann Maidhc Ó Cathail a thuairim san alt seo ar leabhar nua M. Shahid Alam, Ollamh le hEacnamaíocht i mBoston. Imeallú SAM agus tubaiste don phobal Giúdach atá ag titim amach mar gheall ar an ‘obliterating the hopes of another people’ atá ar siúl sa Mheán-Oirthear le dhá ghlúin anuas.

Íomhá
Ollscoil Northeastern, Boston
Vicipeid
Íomhá
An Ginearál George C. Marshall, Rúnaí Stáit SAM
Vicipéid
Íomhá
An Rúnaí Cosanta James Forrestal
le Paul Hamilton ar Vicipéid
Íomhá
An tUachtarán Harry Truman i lár
le Deutsches Bundesarchiv ar Vicipéid

Fiafraíonn M. Shahid Alam, Ollamh le hEacnamaíocht ag Ollscoil Northeastern i mBoston sa réamhrá dá leabhar nua, Israeli Exceptionalism: The Destabilizing Logic of Zionism, “Cén fáth go bhfuil eacnamaí ag scríobh leabhair faoi gheopholaitíocht an tSíónachais?” Is é an freagra a thugann sé ná nárbh fhéidir le leabhar faoi gheilleagar cabhrú leis “an loighic fhuar agus an paisean domhaina spreag an Síónachas a thuiscint. Tá an Síónachas ag cothúimbhualadh contúirteach” idir Giúdaigh agus Críostaithe ar thaobh amháin agus an saíocht Ioslamach ar an taobh eile, dar leis, agus ba dheacair an “stair thubaisteach” seo a mhíniú le samhail eacnaiméadrach.

“The history of Zionism is history gone wrong, and not only for the Palestinians,” a deir Alam. Is follasach an tubaiste maidir leis na Pailistínigh gan amhras, ach go dtí le gairid, bhí muintir an Iarthair dallta ar an tubaiste seo ag a gcuid ciníochais agus claontacht na meán, dar leis. Is tubaiste é chomh maith don phobal Giúdach a chomhthoghadh ag na Síónaigh lena chuid fuinnimh, tallainne agus dóchais a chur amú ar thionscadal nár chóir dóibh glacadh mar chúram orthu féin sa chéad áit, agus “whose only chance of success lay in obliterating the hopes of another people.” Is iomaí leabhar atá scríofa mar gheall ar an Síónachas ar ndóigh, ach díríonn leabhar Alam ar ghné faoi leith den cheist. Díríonn sé ar an bpríomh-uaillmhian a bhí ag an Síónachas ón dtús -- stát Giúdach a chruthú sa Mheánoirthear tríd na dúchasaigh a easáitiú. “This exclusionary colonialism would unleash a deeply destabilizing logic, if it were to succeed,” de réir Alam. “It could advance only by creating and promoting conflicts between the West and the Islamicate.”

An Tuar Faoin Tairngreacht

Agus i mí Aibreáin 1948, mí roimh cruthú Iosrael, thuar Comh-Chinn Foirne SAM go dtarlóidh seo. Scríobh siad go mbeadh na Síónaigh ag iarraidh “to involve [the United States] in a continuously widening and deepening series of operations intended to secure maximum Jewish objectives.” Bhí a fhios ag ceannairí míleata SAM nach mbeadh na Síónaigh sásta le cuid de Phailistín, nó le Pailistín ina iomláine fiú; bhí mórcheannas ar an Meánoirthear uilig uathu. Mar a chuir na Cinn Foirne go neamhbhalb é, “All stages of this program are equally sacred to the fanatical concepts of Jewish leaders.”

Thuig oifigigh i Roinn an Stáit agus i Roinn Cosanta SAM go maith go gcuirfeadh Iosrael an lasóg sa bharrach sa Mheánoirthear uile agus go mbeadh Meiriceá thíos leis. Rinne Rúnaí Stáit George Marshall agus Rúnaí Cosanta James Forrestal a seacht ndícheall a chur ina luí ar Uachtarán Harry Truman gan tacaíocht a thabhairt do na Síónaigh. Bliain toghchán uachtaránachta a bhí ann i 1948, áfach, agus bhí Truman ag brath ar a “chairde” ar nós Abraham Feinberg lena fheachtas a mhaoiniú. Nuair a d’inis Truman dá Rúnaí Cosanta nach raibh an dara rogha aige ach géilleadh do na Síónaigh ar fhaitíos go gcaillfeadh na Daonlathaigh stáit New York, Pennslyvania agus California, d’fhreagair Forrestal: “I thought it was about time that somebody should pay some consideration to whether we might lose the United States.” D’fhógair Truman tacaíocht SAM don stát nua Iosraelach, áfach, beag beann ar an mbaol dá thír.

“The creation of a Jewish colonial settler state in the Arab world – one that would have to engage in massive ethnic cleansing – was the perfect incitement for starting a rising spiral of anger against Israel’s Western backers, chiefly, the United States,” dar le Alam.

SAM Imeallaithe

Anuas ar sin, thapaigh ceannairí Iosrael gach deis na hArabaigh agus na Moslamaigh a bhriogadh ó shin i leith. Mar bharr ar an gcos ar bolg ar na Pailistínigh, cuimhnigh ar na hionsaithe ar an Liobáin, an Iordáin, an tSiria, an Éigipt, an Iaráic agus an Túinéis – agus go leor gníomhartha ceilte nach iad. De réir Alam, “Israel’s expansionist policies could only succeed by creating the anti-American backlash against which it could “defend” the United States.”

Ag an am céanna, bhí lucht Iosrael i SAM ag déanamh iarracht mhór a chur ina luí ar mhuintir Mheiriceá gur sócmhainn straitéiseach a bhí i stát na nGiúdach, agus gur chóir tacaíocht láidir a thabhairt dó dá réir. Ní hamháin sin, ach, mar a chuir Alam é, “Jewish Zionists in the United States working both inside and outside the Jewish community, worked to whittle down the ability of the American political system to take positions contrary to the interests of Israel.” Rinne na Síónaigh dianstocaireacht ar an gComhdháil, chothaigh siad na Síónaigh “Chríostaí,” agus bhunaigh siad meithleacha smaointe a chothaigh eagla roimh Ioslam mar bhagairt don Iarthar Domhain.

Ar ndóigh, d’íoc Meiriceá go daor as a thacaíocht do na Síónaigh ó 1948 i leith. Luann Alam na céadta billiún i bhfóirdheontais, coimhthiú na nArabach, arduithe ar luach ola, borradh faoin radacachais sa réigiún, cogadh costasach nach gá i gcoinne na hIaráice, agus go leor eile nach iad. Cuireann sé deireadh lena leabhar fíorthábhachtach leis an bhfoláireamh seo: “The costs that the United States – and the rest of the Western world – might incur in the future are likely to be much greater.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.