132
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh sé, dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Bhí an-ionadh ar chairde Mark Uí Fhionnáin nuair a chuala siad go raibh sé ag tabhairt aghaidhe ar Lublin in Oirdheisceart na Polainne chun an Ghaeilge a mhúineadh. Nuair a shroich sé an chathair, áfach, fuair sé amach go raibh an-suim ag bunadh na háite i gcultúr na hÉireann.
»»»Tá níos mó grianghraf á dtógáil anois ná mar a bhí riamh, ach an grianghrafadóirí níos fearr muid na laethanta seo, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Ceapadh Tim Collins, seinnteoir consairtín den chéad scoth, le déanaí mar Scoláire Fulbright, rud a chiallaíonn go mbeidh sé ag tabhairt aghaidhe ar Nua-Eabhrac go luath le tosú ag léachtóireacht ar cheol dúchasach na hÉireann ansin. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin scoláireacht spéisiúil seo.
»»»Tá Robert McMillen den tuairim nach múchfar an stair a fhad a mhairfeas an chuimhne. An tseachtain seo féin, chualathas guth ón uaigh féin sna Sé Chontae thiar i Meiriceá ag éisteacht de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe.
»»»D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.
»»»Tabharfaidh Beo cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Bosco Ó Conchúir ar a cheantar dúchais féin, Corca Dhuibhne i gCiarraí.
»»»Chaith Liam Mac Con Iomaire cúig bliana dá shaol ag obair ar bheathaisnéis an fhonnadóra chlúitigh as Conamara, Seosamh Ó hÉanaí, agus tá toradh a chuid oibre le feiceáil anois sa leabhar Nár fhágha mé bás choíche, a foilsíodh le déanaí. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoi scríobh an leabhair seo agus faoin obair eile a bhí ar siúl aige roimhe sin, mar oideachasóir agus mar iriseoir.
»»»Is maith le Brian Ó Broin córas coinbhinsiúin na Stát Aontaithe gona bhladhmann, a gháifeacht aignis agus an reacaireacht láidir go léir.
»»»Bíonn sé costasach go maith grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh sa bhaile ach tá roghanna eile ann anois le tamall anuas, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Caroline Nolan, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Béal Feirste.
»»»Tá go leor rudaí suimiúla cloiste agus feicthe ag Liz Curtis ó thosaigh sí ag obair mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste.
»»»Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath. Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: An Ród seo Romham: Saol agus Saothar Phádraic Mhic Phiarais (Comhar, €12.50) le Liam Mac Uistín. Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Tá ‘fíricí’ agus fíricí sa saol, dar le Donncha Ó hÉallaithe, ach is fearr fanacht i dtaobh leis an daonáireamh le teacht ar an gcineál fírice atá ceart!
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.