AGALLAMH BEO
Pól Ó Muirí
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá Pól Ó Muirí ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times le hocht mbliana anuas anois ach tá go leor oibre eile idir lámha aige, an scríbhneoireacht chruthaitheach san áireamh. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis faoina chuid oibre agus faoina dhearcadh i leith eagraíochtaí éagsúla i saol na Gaeilge a mbíonn sé dian go leor orthu uaireanta.

Íomhá
Íomhá
Camilla Parker Bowles - scríobh Ó Muirí alt fúithi le déanaí!
Íomhá
Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, áit a bhfuair Pól Ó Muirí a chuid oideachais
Íomhá
Íomhá
An file Nuala Ní Dhomhnaill - dúirt sí go raibh cuid dánta Uí Mhuirí "autistic"

Is ábhar agallaimh deacair é Pól Ó Muirí. Ní mar gheall air go bhfuil sé ciúin nó rúndadrochbhéasach mar dhuine – a mhalairt ar fad atá fíor.

Is ábhar deacair é toisc go bhféadfadh duine deich n-agallamh a chur air – agallamh leis an bhfile, leis an iriseoir, le heagarthóir Gaeilge an *Irish Times *agus leis an scríbhneoir próis, ina measc. D’fhéadfaí agallamh ar leith a chur ar an bhfear a bhfuil Ph.D sa Léann Ceilteach bainte amach aige, nó ceann a chur ar an bhfear as an tuaisceart a bhfuil a dhearcadh sainiúil féin aige ar chúrsaí ansin.

Is é an t-agallamh is suimiúla le cur ar Phól Ó Muirí, áfach, ná an ceann i dtaobh a chuid tuairimí. Agus tá neart díobh aige. Tar éis an tsaoil, is colúnaí é agus ní íoctar a leithéidí mura bhfuil rudaí suimiúla le rá acu!

Nuair a bhuail mé leis le gairid bhí sos á thógáil aige óna chuid oibre san Irish Times, áit a n-oibríonn sé ar an Luan agus ar an Máirt. Scríobhann sé do neart foilseachán eile chomh maith, áfach, *Foinse, Fortnight *agus *The Belfast Telegraph *ina measc.

Ó thaobh na scríbhneoireachta de, ní hamháin gur duine toirtiúil é Ó Muirí, ach is scríbhneoir é atá ar a shuaimhneas ag saothrú i *genres *difriúla fosta.

Nuair a bhuail mé leis, bhí sé díreach i ndiaidh dráma raidió darb ainm “The Great Gaeilgeoirs”, a chraolfar ar RTÉ Raidió a hAon ag tús mhí na Bealtaine, a chríochnú. Tá obair leanúnach á déanamh aige ar bheathaisnéis an údair Chonallaigh Seosamh Mac Grianna fosta.

Mar a dúirt mo dhuine i Monty Python, *Now for Something Completely Different *– tá sé díreach tar éis alt a scríobh don *Belfast Telegraph *dar teideal *“Should Camilla be Queen?”! *Tá sraith leabhar d’fhoghlaimeoirí fásta faoi theifeach ón mBoisnia scríofa aige fosta, mar aon le ceithre chnuasach filíochta.

Le cois na scríbhneoireachta go léir, is fear mór clainne é Ó Muirí a n-éiríonn leis éacht faoi leith a dhéanamh (éacht a mholfaidh aon duine a bhfuil páistí dá chuid féin aige): éiríonn leis aire a thabhairt dá pháistí – Ultan, Aoife agus Laoise - agus obair a dhéanamh ag an am céanna!

“Tá mé ar dhuine chomh heagraithe go gcuireann sé eagla orm féin in amanna!” a deir sé.

A óige i mBéal Feirste

Cé go bhfuil cónaí ar Ó Muirí taobh amuigh den Lurgain i gCo. Ard Mhacha sa lá atá inniu, rugadh é in iarthar Bhéal Feirste i 1965 agus tógadh é sa cheantar céanna.

“In Ard Mhacha, tá daoine ann a bhfuil cónaí orthu san áit chéanna le céad bhliain, nó níos mó, anuas. Mar sin má labhraíonn tú le daoine d’aois áirithe in Ard Mhacha faoin tseanchuimhne atá acu, déarfadh siad go bhfuil caidreamh acu le daoine ó achan traidisiún. Ach ar bhealach, tá coimhlintí ann idir an pobal Protastúnach agus an pobal Caitliceach fosta.”

Nuair a bhí Ó Muirí ag éirí aníos i mBéal Feirste, ní raibh an caidreamh céanna idir an dá phobal is a bhí roimhe sin.

“Tógadh mise i mBéal Feirste ag tráth nuair a gearradh na caidrimh idir na pobail ar fad,” a deir sé. “Ag smaoineamh ar m’athair, mar shampla, tógadh é in Barsnley in iarthar Bhéal Feirste. Ach ag an am, ceantar measctha de chuid an lucht oibre a bhí ann. Bhíodh Andy Terry, iarcheannasaí an UDA, ina chónaí ar an taobh eile den tsráid. Ní raibh sé mar sin nuair a bhí mise ag éirí aníos – bhí Béal Feirste scoilte idir thiar, thoir, thuaidh agus theas. Ceithre bhaile bheaga a bhí ann ar bhealach.”

Ní raibh Ó Muirí báúil le feachtas an IRA riamh. D’oibrigh a athair i monarcha eitleáin Shortts i mBéal Feirste agus bhí neart cairde ó gach traidisiún aige.

“Bhí m’athair cosúil liomsa,” a deir sé. “Bhí sé ina athair óg agus ní fhacthas dó go raibh ciall ar bith ag baint le feachtas an IRA. Muintir s’agamsa, bí bheadh muid polaitiúil ar an dóigh sin ar chor ar bith.”

Sa lá atá inniu ann, níl “muinín ar bith” aige as páirtí polaitíochta de “chineál ar bith”. Tá sé “sceipticiúil” fúthu ar fad, agus aithnítear nach bhfuil sé báúil le Sinn Féin.

“Ó thaobh Shinn Féin,” a deir sé, “is cuma liom ar bhealach. An rud is spéis liomsa mar iriseoir ná an scéal a scríobh de réir mar a fheictear dom an scéal a bheith. Níl olc agam d’aon duine nó d’aon ghrúpa.”

Breathnaíonn Ó Muirí ar an nGaeilge i gcomhthéacs cultúrtha, in ionad comhthéacs pholaitiúil amháin. An dóigh leis, mar sin, go bhfuil *“hijacking” *déanta ag Sinn Féin ar an teanga?

“Ní focal é sin a d’úsáidfinn,” a deir sé. “Tá sruth taobh istigh de thraidisiún na Gaeilge ar sruth poblachtánach é. Tá sé iomlán ceart go mbeadh a ndearcadh féin ag poblachtánaigh ar an Ghaeilge. An t-aon deacracht atá agamsa ná nuair a chuireann siad a ndearcadh chun tosaigh mar an t-aon rogha atá ann ó thaobh na Gaeilge sa Tuaisceart, mar níl sin cruinn. Níl sé cruinn ó thaobh na staire de. Is é an rud is spéis liomsa mar iriseoir ná an ceart le bheith difriúil. An ceart le bheith i m’easaontóir, más mian leat, agus daoine nach mbaineann leis an traidisiún poblachtánach a chosaint agus bealach isteach a thabhairt dóibh sa teanga.

“Ó thosaigh mé ag obair san Irish Times, measaim go bhfuil dearcadh níos leithne – dearcadh uile-Éireann - agam ar chúrsaí teanga nach mbeadh ag go leor daoine de chuid Shinn Féin. Ní thuigeann siad an cultúr sa taobh seo tíre [An Phoblacht] ar chor ar bith. Ní thuigeann siad stair an Stáit seo. Ní thuigeann siad an meas atá ag pobal an Stáit seo ar an Ghaeilge, bíodh is nach labhraíonn siad í i gcónaí.”

Cé go gcaithfeadh Ó Muirí vóta dá mbeadh toghchán ar siúl, ní thuigeann sé an dílseacht chuimsitheach a bhíonn ag daoine do pháirtithe faoi leith.

“Tá an saol i bhfad níos leithne ná páirtí polaitíochta,” a deir sé. “Mar shampla, i gcás Shinn Féin, an rud atá ann le cuid de na daoine atá ag plé leis ná go bhfuil meon thar a bheith docht acu. Cloíonn siad le smacht an pháirtí. Do dhaoine nach mbaineann le páirtí faoi leith, is rud aisteach é sin.”

Scoil na mBráithre Críostaí

D’fhreastail Ó Muirí ar an mbunscoil i mBaile Andarsan agus bhain sé a chuid meánscolaíochta amach i Scoil na mBráithre Críostaí ar Bhóthar an Ghleanna. Dar leis gur ghríosaigh na Bráithre a ndaltaí i gcónaí lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh.

“Ba é an t-aon sprioc a bhíodh ag na Bráithre ná muid a chur i dtreo na hollscoile. Ba chuma leo cad é a dhéanfadh muid ina dhiaidh sin, ach thacaigh siad linn i gcónaí an ollscolaíocht a bhaint amach.”

Le linn dó bheith sa mheánscoil, thosaigh Ó Muirí a fhoghlaim Gaeilge den chéad uair.

“Bhí mé aon bhliain déag d’aois nuair a rinne mé teagmháil leis an teanga,” a deir sé. “Níl sin sláintiúil. Sin ceann de na rudaí nach dtuigtear sa Phoblacht nuair a bhíonn daoine ag tabhairt amach faoi Ghaeilge éigeantach ar scoil. Ní raibh Gaeilge againne ar an bhunscoil ar chor ar bith agus b’in scoil Chaitliceach in iarthar Bhéal Feirste.”

“Tá sé deacair oiliúint a thabhairt do pháistí ar Éirinn gan an Ghaeilge a bheith ar an churaclam nó gan deis a thabhairt dóibh í a fhoghlaim. Cibé laigí a bhaineann leis an teanga sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna sa Phoblacht, ar a laghad tá sí ann. Sin rud nach dtiocfadh leat a rá faoin Tuaisceart.”

Cé go ndeachaigh sé leis an teanga déanach go maith, is léir go ndeachaigh sí i bhfeidhm air. Nuair a bhí sé sé bliana déag, fuair sé a chéad bhlaiseadh den teanga bheo nuair a thug sé cuairt ar an nGaeltacht i Mín an Chladaigh i dTír Chonaill.

“Sin an t-am a thuig mé den chéad uair go dtiocfadh le duine an teanga seo a labhairt mar theanga bheo,” a deir sé, “agus thuig mé gur mhaith liomsa í a labhairt.”

Ollscoil na Ríona

Thug Ó Muirí faoi chéim san fhealsúnacht agus sa Ghaeilge in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste tar éis dó an scoil a fhágáil.

“Bhí sé aisteach go leor nuair a thosaigh mé a fhreastal ar an ollscoil,” a deir sé. “Gasúir ar fad a bhí ann nuair a bhí mé ag freastal ar an bhunscoil agus an mheánscoil. Bhí sé chomh difriúil sin, mná a bheith sa rang. Ach ní hamháin gur mná a bhí iontu, ach Protastúnaigh a bhí iontu chomh maith!”

Bhí sé ar intinn aige céim a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis ar dtús ach theip air sa scrúdú Gearmáinise faoi dhó.

“Ich bin zweimal in den Prufung gefallen!”, a deir sé, “ach níor réitigh mé le cuid mhór de na léachtóirí agus níor réitigh mé leis an chlár léinn ach an oiread! Rinne mé an fhealsúnacht in ionad na Gearmáinise sa deireadh.”

Nuair a léann tú saothar Uí Mhuirí bíonn sé soiléir gur fear mór machnaimh é. An dóigh leis, mar sin, gur thug an fhealsúnacht dearcadh ar leith dó?

“Cuidíonn sí leat smaointe a chur le chéile. Ní fealsamh mé. Ní thiocfadh liom suí síos leat agus teoiricí móra teibí a phlé, ach an rud is mó a bhain mé aisti ná conas ceist a cheapadh - conas ceist a chur le chéile agus conas argóint a dhéanamh. Déanann an fhealsúnacht duine fiosrach díot gan dabht.”

Tar éis dó an bhunchéim a chríochnú, thug sé faoi Ph.D agus scríbhneoirí Gaeilge Thír Chonaill ón aois seo caite mar ábhar tráchtais aige. Cé go raibh staidéar ag leibhéal ard á dhéanamh aige, bhí eagla air i gcónaí go “bhfaighfí amach é” mar dhuine nach raibh intleachtach go leor le tabhairt faoi dhochtúireacht.

“Ní raibh traidisiún na hollscolaíochta roimhe sin sa chlann s’agamsa,” a deir sé. “Ba mise an chéad duine ón chlann a chuaigh chun na hollscoile. Bhínn ag rá liom féin, ‘Ní bheidh tú in ann Ph.D a dhéanamh’. Ach lean mé ar aghaidh leis. Sin an cineál duine atá ionam. Ní duine millteanach éirimiúil mé ach cloím le rudaí. Is duine iontach dáigh mé!”

Is minic a chloistear mic léinn thaighde ag gearán faoin saol uaigneach atá acu, agus iad scoite amach ina n-aonar, ar a ndícheall ag iarraidh “an diabhail tráchtas” a chríochnú. De réir dealraimh, b’eisceacht é Ó Muirí, áfach; ní hamháin gur chríochnaigh sé a Ph.D taobh istigh de cheithre bliana (agus é sé bliana is fiche d’aois), ach d’éirigh leis neart taitnimh a bhaint as an tréimhse sin fosta!

Le linn dó bheith ina iarchéimí, bhíodh sé ag scríobh píosaí do Raidió Uladh agus do Comhar, An tUltach, agus Fortnight, i measc foilseachán eile. Bhíodh sé “fíordháiríre” faoin liathróid láimhe fosta agus é ina uachtarán ar an gCumann Liathróide Láimhe in Ollscoil na Ríona.

“Imíonn na fichidí chomh gasta sin,” a deir sé. “Beidh mé 40 bliain d’aois an Nollaig seo chugainn. Ní mhothaím sean anois, ach amharcaim siar ar an duine singil a bhí ionam, an duine a d’oibrigh go crua, an duine a bhíodh amuigh ag bualadh le daoine, agus measaim gur am thar a bheith luachmhar a bhí ann. Sílim gur chóir d’achan duine seal a chaitheamh san ollscoil.”

Tuigeann Ó Muirí an phribhléid a bhí ag baint leis na blianta a chaith sé ar an ollscoil agus tuigeann sé na pribhléidí a thugann oideachas don duine.

“Ní obair í obair na hollscoile,” a deir sé, “níl ann ach léitheoireacht. Shuigh mé ar mo thóin agus léigh mé leabhair agus scríobh mé aistí. Tá sin á dhéanamh agam go fóill ach tá daoine ag tabhairt airgid dom anois!”

“Chaith m’athair a shaol ar fad ag obair i Shortts. D’éirigh sé achan uile mhaidin agus chuaigh sé ag obair in áit a bhí callánach agus contúirteach mar mhonarcha. Chaith mo mháthair a saol ar fad mar bhanaltra ag obair sealanna oíche. *Sin *obair. An dearcadh a bhí agam ná ‘má thig leosan sin a dhéanamh, thig liomsa Ph.D a dhéanamh go cinnte’.”

Iriseoireacht

Nuair a d’fhág Ó Muirí an ollscoil, thosaigh sé ag obair le Fortnight Educational Trust, áit a raibh sé i mbun eagarthóireachta agus fhoilsiú forlíonta a bhain le cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí Gaeilge. Cé gur bhain siad seo leis an nGaeilge ach go háirithe, foilsíodh iad trí mheán an Bhéarla den chuid is mó.

“An dearcadh a bhí agamsa,” a deir sé, “ná go raibh méid mór scríbhneoirí ag scríobh trí mheán na Gaeilge nach mbeadh aithne ag daoine le Béarla amháin orthu. Cheap mé gur cheart forlíonta beaga a fhoilsiú a thabharfadh le fios cé hiad na daoine seo agus cad é an tábhacht a bhain lena gcuid filíochta nó lena gcuid scríbhneoireachta.”

Cé gur dúnadh an tionscadal seo tar éis dó bheith trí bliana ar an bhfód toisc gur chaill siad an deontas a bhí á fháil acu, tá an dearcadh céanna aige go fóill i leith thábhacht na n-ealaíon Gaeilge don phobal ar fad. Chomh maith leis an gcolún seachtainiúil a chur ar fáil san Irish Times, scríobhann Ó Muirí léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge trí mheán an Bhéarla sa nuachtán chomh maith.

“300 focal san Irish Times, sa Bhéarla, faoi leabhar Gaeilge, tá sé chomh luachmhar sin,” a deir sé. “Tarraingíonn sé aird phobal eile na hÉireann ar na scríbhneoirí seo. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine go bhfuil na húdair iontacha seo againn, go bhfuil Liam Mac Cóil, Alan Titley agus Máirín Nic Eoin againn. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine go bhfuil na scríbhneoirí seo, nach ndéantar aistriúcháin ar a saothar, ag saibhriú chultúr na tíre seo.”

Thosaigh Ó Muirí ag obair leis an *Irish Times *den chéad uair deich mbliana ó shin ag scríobh corralt do “Beocheist” nuair a bhí Liam Ó Muirthile, agus níos déanaí a chomharba Uinsionn Mac Dubhghaill, ina n-eagarthóirí Gaeilge leis an nuachtán. D’éirigh le Ó Muirí an post mar eagarthóir Gaeilge a fháil nuair a d’fhág Mac Dubhghaill agus tá sé ann le hocht mbliana anuas anois mar scríbhneoir an cholúin “Tuarascáil”.

“Tá saol saghas uaigneach agam ar go leor bealaí,” a deir sé, “sa mhéid is gur ag scríobh i nGaeilge atá mé do nuachtán Béarla. Níl cónaí orm i mBéal Feirste agus níl cónaí orm i mBaile Átha Cliath. Tá mé idir an dá chathair. Ní bhainim le pobal ar bhealach. Ach tá sin sláintiúil fosta mar iriseoir mar na tuairimí a bheas agam, níl ann ach mo thuairimí. Ní hé go bhfuil olc agam do dhaoine. Is é an t-aon tionchar atá ar mo chuid iriseoireachta ná mo thuairim féin. Deirim liom féin, ‘An gcreidim go bhfuil seo fíor?’ Má chreidim, déarfaidh mé é.”

Toisc gur colún feiceálach é colún Uí Mhuirí, sa nuachtán is tábhachtaí, b’fhéidir, sa tír, tarraingítear neart airde go minic ar na “tuairimí” seo a nochtann sé ann. Deirtear uaireanta go bhfuil sé róchriticiúil maidir le rudaí áirithe agus le “Saol na Gaeilge” go ginearálta. Ní aontaíonn Ó Muirí leis an tuairim seo ar chor ar bith.

“Mar a dúirt mé, níl ann ach mo thuairim. Ní dhéanaim ionsaithe pearsanta ar dhaoine, ach déanaim struchtúir nó eagrais a cháineadh má fheictear dom go bhfuil lena leithéid. Má tá tuairim dhearfach agam i leith rud éigin, scríobhfaidh mé sin. Má tá tuairim dhiúltach agam i leith rud éigin eile, scríobhfaidh mé sin. Ní íoctar mé le bheith neodrach agus rudaí leamha a scríobh.”

Mearbhall maidir leis an bhForas

Tá Foras na Gaeilge i measc na n-eagraíochtaí atá cáinte aige ach, dár ndóigh, ní rud radacach é sin faoi láthair agus na conspóidí go léir atá ann maidir leis an bhForas (an tslí a bhfuil teipthe orthu aon tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú go dtí seo, mar shampla).

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Tá mé díreach i ndiaidh *Nasrúidín *le Gabriel Rosenstock, *Scéal Eitleáin *le Seán Mac Mathúna agus Blanketmen le Richard O’Rawe a léamh. Ní fada go mbeidh mé ag tabhairt faoi *Why Europe will run the 21st century *le Mark Leonard agus tá úrscéal le J.M. Coetzee le léamh ina dhiaidh sin.

Cén ceol is fearr leat?

Is maith liom ceol de gach aon chineál. Molaim dhá phíosa do léitheoirí Beo!: Alina *le hArvo Pärt. Ceol clasaiceach comhaimseartha atá ann. Tá sé thar barr. Molaim fosta albam nua k.d. lang, *Hymns of the 49th Parallel. An-ghlór agus an-chur i láthair aici.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Ag brath ar an spionn – *Ferris Bueller’s Day Off *nó *Citizen Kane. *

Cá dtéann tú ar saoire?

Dún na nGall den chuid is mó. Drochaimsir, drochbhia, drocháiseanna ach tránna ar dóigh agus cúpla focal Gaeilge go fóill.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Uair amháin. Seachtain sa Phortaingéil leis an chlann.

Cén bhialann is fearr leat?

Pizza Hut. Ní cuisine *go *curly fries.

Cé hiad na daoine is mó a bhfuil meas agat orthu?

Mo thuismitheoirí. Thug siad grá, aire, ciall agus oideachas dom agus mé ag éirí aníos in iarthar Bhéal Feirste sna 1970í. Ní thiocfadh liom níos mó a iarraidh.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Doctor Who.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Earraidí kló.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Oibrím don *Irish Times *Dé Luain agus Dé Máirt agus scríobhaim colún beag spóirt do *Foinse *Dé Céadaoin. Caithim Déardaoin i gcuideachta Sheosaimh Mhic Grianna agus mé ag cur an dlaoi mhullaigh ar a bheathaisnéis i nGaeilge. Scríobhaim drámaí raidió nó píosaí fánacha eile Dé hAoine agus Dé Sathairn. Léim Dé Domhnaigh agus, lena chois sin, tugaim aire do na páistí. Déanta na fírinne, bím i gcónaí ag obair sa chiall is go mbím i gcónaí ag scríobh. Ach ní doiligh an obair í i gcomparáid le náibhíocht, mar shampla.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Litreacha dlíodóra agus traenacha a bhíonn mall.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Tugaim buíochas do Dhia gach aon lá as an saol atá agam. Tá mé thar a bheith sásta lena bhfuil bainte amach agam – agus níl mé ach ag tosú, le cuidiú Dé.

“Is é an rud a chuireann mearbhall orm,” a deir sé, “ná cad é go díreach a dhéanann an Foras. Tá a fhios againn go mbaineann Gael Linn le hoideachas agus le tionscadail eile. Baineann feidhm Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúrsaí reachtaíochta. Cad é a dhéanann an Foras ach seiceanna a eisiúint? Is tasc simplí go leor é sin.

“Ní rud nua le rá é seo, ach níl aon phlean straitéiseach ag an Fhoras. Tá Éamon Ó Cuív díreach i ndiaidh Fóram na Gaeilge a bhunú le plean straitéiseach don Ghaeilge a cheapadh. Agus measaim gur droch-chomhartha d’Fhoras na Gaeilge é go bhfuil siad ina bhfo-pháirtnéirí san Fhóram sin.”

Tá Ó Muirí tar éis corrthuairim dhiúltach i leith TG4 a nochtadh in “Tuarascáil” thar na blianta fosta. I measc na n-alt inar phléigh sé an stáisiún bhí ceann dar teideal “Nuacht Theilifís na Gaeilge – Zzzzzzzzzzzz”.

“Scríobh mé sin i 1998,” a deir sé, “agus tá cúrsaí nuachta ag dul i bhfeabhas an t-am ar fad ó shin i leith. Tá athruithe móra sa tseirbhís ó thosaigh Pól Ó Gallchóir [ceannasaí na seirbhíse] ag obair inti. Tá TG4 ag dul níos mó i dtreo Raidió na Gaeltachta anois agus, ar bhealach aisteach, tá Raidió na Gaeltachta ag dul i dtreo TG4 leis na liricí Béarla agus gach rud. Is ‘saothar idir lámha’ é TG4. Tar ar ais chugam air sin i gceann deich mbliana!”

Meastar fosta go mbíonn sé dian ar an nuachtán , rud a shéanann sé.

“Ní bhím i gcónaí ag cáineadh an nuachtáin sin,” a deir sé. “Nuair a athbhunaíodh é mar nuachtán laethúil dúirt mé go dtabharfadh na léitheoirí a mbreithiúnas féin faoi cé acu a raibh margadh ann nó nach raibh margadh ann do nuachtán laethúil sa Ghaeilge. Measaim gur chaith an Foras airgead i dtreo Lá *fosta de bharr toscaí polaitiúla. Bhí brú orthu airgead a thabhairt do nuachtán Gaeilge sa Tuaisceart *agus *sa Phoblacht [Foinse*] toisc gur eagraíocht uile-Éireann iad.”

Íospartach eile dá chuid é an míosachán Saol, nó “Pravda Fhoras na Gaeilge” mar a thug Ó Muirí air tráth.

Ráiteas saghas éadrom a bhí ann,” a deir sé. Ach, ardaíonn sin ceist shuimiúil - an dóigh leis go bhfuil na meáin chlóite Ghaeilge an iomarca faoi scáth dheontais an Fhoras agus an rud sláintiúil é sin d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge?

“Níl mé lánchinnte faoi sin,” a deir sé. “Tá daoine fíorchumasacha ag scríobh sna meáin chlóite Ghaeilge faoi láthair, daoine mar Chathal Mac Coille [a scríobhann do Foinse] agus Seán Tadhg Ó Gairbhí [eagarthóir Foinse]. Níl na daoine seo le ceannach. Is iriseoirí gairmiúla iad. Ach is dócha, tá seans ann go ndéanfar níos mó machnaimh ar chinneadh scéal a chlúdach más scéal atá fíordhian ar an Fhoras é. Ach níl a fhios agam.

“Ní dóigh liom go bhfuil mé chomh céimiúil sin go gcaitheann daoine a gcuid ama ag déanamh imní faoin mhéid a scríobhaim. Níl aon rud pearsanta ag baint leis. Ní duine bog mé. Thig liom cic sa tóin a thabhairt agus thig liom glacadh le cic sa tóin. Sin é gnó na hiriseoireachta agus gnó na scríbhneoireachta poiblí.”

Cic amháin nach raibh Ó Múirí in ann glacadh leis, áfach, ná an ceann a thug an file Nuala Ní Dhomhnaill dó anuraidh agus í ag déanamh léirmheasa ar a chuid filíochta ar an gclár “Soiscéal Phádraic” ar TG4. D’úsáid Ní Dhomhnaill an focal “autistic” le cur síos a dhéanamh ar fhilíocht Uí Mhuirí agus chuir seo an-olc ar fad air. Scríobh sé litir oscailte chuig Ní Dhomhnaill a foilsíodh san iris Fortnight (www.fortnight.org/muiri427.html). I measc na rudaí a dúirt sé sa phíosa sin, bhí an líne seo: “I was wondering if I was to review your work Nuala, and say…that you ‘write like a spa’, would that provoke a row?”

“Ghoill an focal ‘*autistic’ *orm agus goilleann sé orm go fóill,” a deir Ó Muirí, a bhfuil mac óg aige a bhfuil an t-uathachas air. “Tá meas agam ar Nuala mar fhile go fóill, ach ní mar dhuine.”

Is léir gur duine é Ó Muirí a bhfuil an-daonnacht ag baint leis, tréith a nochtar agus é ag labhairt faoina chlann óg agus faoina thuismitheoirí, a thug “grá, ciall, oideachas agus cosaint” dó le linn dó bheith ag fás aníos. Is léir fosta gur fear é atá sásta lena ghairm bheatha, cé go maíonn sé go modhúil nach bhfuil “cumas speisialta nó tallann aige”.

“Is duine díograiseach mé,” a deir sé, “sin an méid. D’fhoghlaim mé sin ó mo thuismitheoirí, a ghríosaigh muid uilig.”

Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin. Tá bunchéim aici san iriseoireacht agus bhain sí céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.