AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bás agus Beatha i mBali
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Meabhraíonn Bearnaí Ó Doibhlin eachtraí báis agus beatha dúinn as taobh na hIndinéise, eachtraí a d’fhág ábhar dóláis ag muintir na hAstráile. Chuaigh an gháir amach as an Astráil ar son phionóis an bhais i dtosach, ach tharla údar athmhachnaimh ar an scéal nuair a gabhadh naonúr Astrálach san Indinéis as coir eile.

Íomhá
Buamáil i mBali
Íomhá
Cuimhneachán ar an bhuamáil i mBali
Íomhá
Nguyen

Bhí dúnghaois láidir ag rialtais náisiúnta agus stáit san Astráil in éadan phionós an bháis le corradh is daichead bliain anuas. Tá muintir na tíre i gcoitinne ar aon intinn leis na rialtais i dtaca leis an gcur chuige seo, de réir dealraimh. Is fada an lá, cinnte, ó bhí éileamh ag grúpa polaitiúil nó ag eagraíocht eile abhus, pionós an bháis a chur i bhfeidhm arís.

Is minic a thug urlabhraithe ar son rialtas na hAstráile aithisc in éadan phionós an bháis ag fóraim idirnáisiúnta, na Náisiúin Aontaithe san áireamh. Nuair a daoradh daoine chun báis i dtíortha thar lear agus baint ag an Astráil leis na cásanna, ní raibh aon leisce ar rialtais na tíre seo riamh iarracht a dhéanamh na breitheanna a mhaolú.Fiú nuair nach raibh aon bhaint ag an Astráil le cásanna áirithe thar lear ina mbeadh pionós an bháis i gceist, labhair an rialtas náisiúnta amach go rialta in éadan na mbreitheanna. Ní ba luaithe i mbliana, mar shampla, rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Seanadóir Stephen Smith, gearán le rialtas na hIaráine nuair a daoradh daoine óga chun báis ann.

An Chroch

Mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo i mí na Nollag 2005 (eagrán 56), crochadh fear óg Astrálach darbh ainm Van Tuong Nguyen i Singeapór de dheasca a chiontaithe as 400 gram hearóine a thabhairt isteach sa tír. Rinne rialtas náisiúnta na hAstráile ag an am – in ainneoin nach raibh aon bhá aige le lucht smuigleála drugaí – dianiarracht an fear óg a shábháil, ach theip air.

Bhí dhá chás i gcúirteanna na hIndinéise ar na mallaibh áfach, in ar daoradh daoine chun báis. D’fhág an dá chás seo rialtas na hAstráile idir dhá thine Bhealtaine.

Ar an gcéad dul síos, tharla i mí Dheireadh Fómhair 2002 an t-anfhorlann sceimhlitheoireachta

is measa riamh sa taobh seo domhain. Tharla sé i mbaile beag saoire cois farraige darbh ainm Kuta, ar an oileán Indinéiseach, Bali. Rinneadh ionsaithe buama ar Paddy’s Pub agus an Club Sari inar maraíodh 202 duine as 22 tír éagsúil, agus inar gortaíodh na céadta eile, cuid acu dóite go dona.

Tháinig formhór na ndaoine a bhí sna clubanna oíche seo, nó a bhí ar na sráideanna lasmuigh díobh, as tíortha an Iarthair. Maraíodh 88 duine as an Astráil sna pléascanna agus sna tinte a lean iad.

Chuaigh an eachtra uafáis seo i gcionn go han-mhór ar mhuintir na hAstráile agus fógraíodh lá bróin náisiúnta seachtain tar éis na n-ionsaithe. Mar gheall ar an líon Astrálach a maraíodh agus a gortaíodh iontu, tugtar ‘11 Meán Fómhair na hAstráile’ ar phléascanna Bali sna meáin abhus.

An Sléacht

Bhí tuairim ag na húdaráis póilíní san Indinéis agus san Astráil láithreach go raibh Moslamacha radacacha míleatacha freagrach as an sléacht, agus bhíothas in amhras ach go háirithe faoi eagraíocht Indinéiseach darbh ainm Jemaah Islamiah (JI). Go gairid tar éis na n- ionsaithe gabhadh triúr ball den eagraíocht seo, Muklas bin Nurhasyim, a dheartháir, Amrozi, agus Imam Samudra. Thug siad le fios le linn na dtrialacha go raibh siad bródúil as an ról a bhí acu ag troid ar son a gcreidimh. Gaiscígh ar son Jihad a thug siad orthu féin agus bhí daoine go leor i láthair na dtrialacha ag tacú leo. Ciontaíodh an triúr agus daoradh chun báis iad faoi dheireadh.

Chomh maith leis an triúr buamadóirí, ciontaíodh bunaitheoir agus ceannaire spioradálta JI, Abu Bakar Bashir, as a ról imeallach sna hionsaithe, agus chaith seisean tréimhse i bpríosún.

Trí bliana tar éis na n-ionsaithe in Kuta, gabhadh grúpa Astrálach in Bali, ar a tugadh ‘An Naonúr Bali’ sna meáin áitiúil. Bhí os cionn ocht gcileagram hearóine i seilbh acu ar an iomlán.

Ba ríléir gur rugadh maol ar an naonúr agus ní raibh an dara suí sa bhuaile acu, ach an choir a admháil agus dul i muinín trócaire na cúirte. Gearradh téarmaí fada príosúin ar sheisear, ach daoradh chun báis beirt cheannairí an ghrúpa, Andrew Chan agus Myuran Sukumaran, agus fear óg darbh ainm Scot Rush. Meastar nach raibh san fhear seo ach fear iompair, nó ‘miúil’ drugaí.

An tAthmhachnamh

Chomh luath is a daoradh na fir chun báis scríobh Alexander Downer, a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha ag an am, chuig Ard-Aighne na hIndinéise le cur in iúl dó, “that the Australian Government was opposed to the death penalty.” Cúpla mí ó shin chuaigh an Seanadóir Stephen Smith ar cuairt oifigiúil go dtí an Indinéis, agus mhol sé trócaire don triúr Astrálach thuas atá ar shraith an bháis in Bali, nuair a bhuail sé lena mhacasamhail Indinéiseach, Hassan Wirajuda.

Sular imigh sé go dtí an Indinéis dúirt sé, “The prime minister and I have both made clear that we don’t propose to make representations on behalf of terrorists who have been subjected to the death penalty.” Agus in agallamh raidió a rinne sé in Perth i mí Dheireadh Fómhair, dúirt an Príomh-Aire, Kevin Rudd, “they [na buamadóirí] deserved the justice that we delivered to them.”

Ar an naoú lá den mhí seo caite, cuireadh chun báis an triúr buamadóirí thuas ag trí bhuíon lámhaigh ar an oileán príosúin, Nusakambangan, ar chósta theas Iáva. Tháinig an triúr as Iáva agus go dtí lá a mbás d’fhan siad neamhaithreach, ag maíomh nach raibh siad ach ag cosaint thír Mhoslamach ó thionchar olc an Iarthair.

Is léir go bhfuil go leor daoine san Indinéis a bhreathnaíonn orthu mar mhairtírigh. Is baolach go ndéanfar mí-úsáid as mairtíreacht an triúir ag lucht an fhoréigin le glúnta eile san Indinéis a chur ar bhealach a n-aimhleasa.

Cúpla lá tar éis bhás na mbuamadóirí, d’eisigh an Seanadóir Stephen Smith ráiteas inar thug sé le fios go molfaidh an Astráil rún ag na Náisiúin Aontaithe ag lorg moratóra idirnáisiúnta ar phionós an bháis. Ag labhairt dó ar an lá céanna ar an teilifís, dúirt sé, “We urge countries who apply capital punishment not to do so.”

Ní bheidh sé i bhfad anois go dtí go ndéanfar cinntí ar na hachomhairc a rinne an triúr smuigléirí Astrálacha thuas in éadan a mbreitheanna. Má theipeann orthu, níl aon amhras ach go ndéanfaidh rialtas na hAstráile iarracht na breitheanna a mhaolú. Ach is dóigh liom gur lagaigh an rialtas aon tionchar a bheadh acu ar údaráis na hIndinéise i gcás na smuigléirí nuair nach ndearna sé iarracht trócaire a fháil do bhuamadóirí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.