CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Fís teicneolaíochta an Chomórtais Eoraifísen
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá ag teip ar fhormhór na gcomhlachtaí atá ag iarraidh seirbhísí agus earraí a dhíol ar an idirlíon aon bhrabús a dhéanamh, ach d’fhéadfadh na gutháin shoghluaiste a bheith mar chuid den réiteach ar an bhfadhb seo sa todhchaí. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

Ní cheapfadh mórán daoine go raibh baint ar bith ag an gComórtas Amhrán Eoraifíse le dul chun cinn na tráchtála leictreonaí i dtíortha atá i mbéal forbartha. Ach léiríonn an tsraith teilifíse “You’re a Star”, atá á chraoladh ar RTÉ, conas is féidir teicneolaíocht nua a úsáid chun an-chuid airgid a bhailiú ó a lán daoine beagán ar bheagán - teicneolaíocht atá tábhachtach don tráchtáil leictreonach.

Sa chlár “You’re a Star” bíonn deis ag an lucht féachana vótáil ar son amhránaithe agus amhrán trí ghlao gutháin a dhéanamh nó teachtaireacht téacs a sheoladh ar ghuthán soghluaiste. Ag deireadh na sraithe (atá i bhfad uainn, de réir dealraimh) rachaidh an buaiteoir ar aghaidh chun canadh thar ceann na hÉireann sa Chomórtas Eoraifíse.

Murab ionann agus tíortha eile, tá a lán daoine in Éirinn ag úsáid na dteachtaireachtaí téacs úd (atá níos daoire ná gnáth-theachtaireachtaí) chun a vóta a chaitheamh - mé féin san áireamh. Go deimhin, bhí an méid sin daoine ag vótáil le déanaí gur theip ar an gcóras a bhí i bhfeidhm chun na vótaí a chomhaireamh agus gur cruthaíodh scannal beag go dtí gur tháinig RTÉ ar réiteach. Tá RTÉ tar éis a lán airgid a ghiniúint ón bhfeachtas seo - rud a léiríonn an chumhacht atá ag micrea-íocaíochtaí mar ní chosnaíonn sé ach thart ar 60 cent gach vóta a chaitheamh.

Cé go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh i dtíortha atá i mbéal forbartha maidir le húsáid an idirlín i gcúrsaí gnó, tá go leor fadhbanna le sárú sna tíortha sin go fóill. Mar a léirítear i dtuarascáil 2002 Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt, ceann de na fadhbanna a bhaineann le tráchtáil leictreonach a chothú ná go bhfuil sé deacair airgead a bhailiú ó chustaiméirí chun íoc as na hearraí agus as na seirbhísí atá á soláthar. Is i dtíortha forbartha is mó atá bonneagar airgeadais leictreonach an domhain, rud a fhágann go bhfuil tíortha san Afraic, mar shampla, ag brath ar bhainc sna Stáit Aontaithe chun a gcuid orduithe a phróiseáil. Agus, ar ndóigh, bíonn táillí le híoc as an tseirbhís sin.

Go deimhin, tá an fhadhb chéanna ag daoine in Éirinn a bhíonn ag díol líon beag bogearraí agus ceoil thar an idirlíon. Bíonn orthu brath ar sheirbhísí Meiriceánacha ar nós PayPal agus DigiBuy chun orduithe a phróiseáil. Tuairiscíodh sa *Guardian *go raibh ar mhná i bPeiriú a bhí ag díol seacláidí ar an idirlíon brath ar ghaolta leo a bhí ina gcónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun déileáil le seiceanna agus orduithe airgid - réiteach nach raibh sásúil sa bhfadtéarma.

Fadhbanna eile

Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair. Léirigh suirbhé a rinne 3com Ireland le déanaí gur beag gnó atá á dhéanamh go leictreonach in Éirinn - dúirt os cionn trí cheathrú de na comhlachtaí beaga go bhfuil níos lú ná 10 % dá dteacht isteach á ghiniúint ag tráchtáil leictreonach. Agus dúirt an méid céanna comhlachtaí nach bhfuil sé i gceist acu trádáil ar líne i mbliana. Is beag airgead atá á dhéanamh, fiú, ag ceann de na comhlachtaí ar líne is mó le rá in Éirinn, Buy4now.ie - ní raibh ach brabús de thart ar €15,000 ag an gcomhlacht sin idir Aibreán agus Meán Fómhair 2002.

Léiríonn an clár “You’re a Star” go bhféadfaí leas a bhaint as gutháin shoghluaiste chun tacú le tráchtáil leictreonach agus “m-ghnó”, mar a thugtar air, a chruthú. Ach in ionad na seirbhísí a sholáthar thar an nguthán soghluaiste faoi mar a bhí i gceist go dtí seo, tá an fhéidearthacht ann anois an fón a úsáid mar ghléas chun íoc as seirbhísí a sholáthraítear ar shlite eile - bíodh sé sin ar an idirlíon nó tríd an bpost. Tá triail á baint ag Ireland On-Line as an modh seo le tamall anuas i gcás na seirbhíse léarscáileanna atá acu. Roimhe seo bhíodh léarscáileanna an-úsáideacha á soláthar acu saor in aisce ar a suíomh gréasáin i bpáirt leis an gcomhlacht Mapflow.com. Anois ní mór teachtaireacht téacs a chur chuig uimhir ghutháin faoi leith chun teacht ar an tseirbhís; seoltar pasfhocal mar fhreagra agus má chlóscríobhtar é seo sa spás cuí ar an suíomh, bíonn an léarscáil le feiceáil.

Cé go bhfuil roinnt daoine i gcoinne íoc as aon rud ar an idirlíon, ní chosnaíonn an tseirbhís seo ach 50 cent in aghaidh na huaire an chloig agus tá sé deacair argóint ina choinne sin. Má éiríonn leis an scéim seo, tá gach seans ann go mbeidh leithéidí irisí agus nuachtán ar líne á húsáid mar mhodh le hairgead a bhailiú ó úsáideoirí. Tá gach seans ann freisin go mbeidh muinín ag úsáideoirí as an modh íocaíochta seo, agus más féidir an tseirbhís a fheidhmiú ar bhonn idirnáisiúnta beidh tíortha atá ag forbairt ábalta leas a bhaint aisti.

B’fhéidir go mbeidh muid buíoch den Chomórtas Eoraifíse lá éigin.

Tá leagan nua den litreoir Gaeilge “GaelSpell 3” do Microsoft Word díreach foilsithe ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com agus beagnach 300,000 iontráil ann. Bíonn sé ag obair le hAgtel freisin mar thaighdeoir ar an irischlár “An Tuath Nua” a chraoltar ar TG4 gach Déardaoin agus Domhnach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.