AR NA SAOLTA SEO
An ghaoth a chroitheann an láithreán bruscair
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Le linn dó bheith i gceannas ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an samhradh seo, thug Tony Birtill cuairt ar láithreán atá an-tábhachtach ó thaobh stair an cheantair de agus chuir an droch-chaoi a bhí air an-díomá air.

Íomhá
Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall
Íomhá
Tony Birtill agus na siúlóirí ina seasamh in aice le píosa den eitleán ar Chruach na Rad. Tá Aogán Ó Rathallaigh chun tosaighGrianghraf: Áine Allen
Íomhá
Aogán Ó Rathallaigh agus a lámh aige ar phíosa den eilteán ar Chruach na RadGrianghraf: Áine Allen

“Seoid Oidhreacht na hÉireann” – sin an rud a deirtear mar gheall ar Ghleann Cholm Cille sa treoirleabhar ildaite a d’fhoilsigh Oideas Gael i 1997. “Níorbh fhéidir le Colm Cille a ainm a thabhairt d’áit níos iargúltaníos áille; tá stair na háite le feiceáil ag an chuairteoir achan áit a leagann sé a shúil,” a deir Liam Ó Cuinneagáin i réamhrá an leabhair chéanna.

Agus 5,000 bliain greanta i gcloch sa cheantar, idir thuamaí cúirte agus thuamaí ursanacha, is áit an-suimiúil í do na daoine ar mo chúrsa siúl sléibhe agus bíonn siad i gcónaí sásta sos a ghlacadh ón siúl le hamharc ar na hiarsmaí Neoiliteacha.

Ach tá scéal na nua-aoise le feiceáil fosta, idir an leacht cuimhneachán breá don óglach áitiúil, an Ceannfort Donnchadh Mac Niallais (1897-1954) atá suite in aice le sráidbhaile an Chaisil, an Chros Cheilteach ar uaigh an Fholeifteanaint Thomas Stokes Curry ó fhoireann an HMS Wasp, a scriosadh i dToraigh in 1884, agus, in aice leis, i reilig Eaglais na hÉireann, na leaca cuimhneacháin de chuid Arm Shasana ar uaigheanna an tSaighdiúra F. Burgess agus Leifteanant VG Stoker, a fuair bás i 1940.

Tá cuma néata ar na rudaí thuasluaite, rud a thaispeánann do na cuairteoirí go bhfuil meas ag muintir na háite ar a stair. Mar sin, cuireann sé iontas orm féin agus ar na daoine a bhíonn amuigh ag siúl liom go bhfuil neamhaird tugtha le blianta anuas ar shuíomh tábhachtach i stair an cheantair, is é sin, seanteach Mhíchíl Uí Éanaigh i Málainn Bhig, áit ar mharaigh na Dúchrónaigh é ar 28 Feabhra 1921.

Cé go bhfuil cros Cheilteach ar an láthair seo le blianta fada, tá sé tréigthe le fada fosta, rud a chuireann brón orm agus mé ag labhairt faoin óglach cróga seo leis na siúlóirí agus iad ar an bhealach ar ais ó Shliabh Liag. Níos measa fós, áfach, i mbliana – bliain The Wind That Shakes the Barley – tá an suíomh ina láithreán bruscair anois!

Tá Mícheál Ó hÉanaigh curtha sa reilig Chaitliceach i gCaiseal, áit a bhfuil leac cuimhneachán breá in ómós dó, agus na focail seo scríofa air: “I ndilchuimhne ar Mhicheál Ó hIgne d’Óglaigh Phoblacht na hÉireann, Complacht D, An Dara Cath, Céad Roinn an Tuaiscirt, a mharaigh Arm Shasana, Málainn Bhig, Gleann Cholm Cille, ar 28ú Feabhra 1921. Ar dheis Dé go raibh a anam. A chomrádaithe agus a chairde a thóg an leacht seo.”

Níl a fhios agam an bhfuil “a chomrádaithe agus a chairde” fós beo agus, má tá, cén bharúil atá acu den drochchaoi atá ar an áit a bhfuair sé bás.

Suíomh suimiúil eile

Thug muid cuairt ar shuíomh suimiúil ó choimhlint eile i mí Lúnasa, Cró na Rad, áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF sa Dara Cogadh Domhanda. Bhí suim ar leith ag duine amháin sa ghrúpa, Aogán Ó Rathallaigh, sa scéal mar bhí sé ina chónaí sna Cealla Beaga, in aice leis an chnoc, nuair a thit an Sunderland Flying Boat ón spéir ar 2.15 a.m., 14 Márta 1945. Bhí ceithre lánán doimhneachta ar bord agus phléasc siad mar thoradh ar an imbhualadh, rud a scrios an t-eitleán go hiomlán.

“Mhúscail an pléascadh ollmhór gach duine sna Cealla Beaga agus chonaic muid an tine thuas ar bharr Chró na Rad,” a d’inis sé dom. “Bhí mé ag freastal ar Scoil Néill Mhóir ag an am agus bhí mé féin agus mo chairde uilig ag caint faoin tubaiste an lá dár gcionn. Ar ndóigh, bhí muid uilig ag iarraidh dul suas an cnoc leis an raic a fheiceáil ach bhí tródam ag Arm na hÉireann thart ar an áit; bhí sé an-chontúirteach, mar go raibh armlón beo i ngach áit.”

Bhí athair Aogáin ina chléireach bainc sna Cealla Beaga ag an am agus, go gairid ina dhiaidh sin, bhog sé féin agus an teaghlach mar go bhfuair sé post i gcathair na Gaillimhe, áit ar lean Aodhán ar aghaidh lena chuid oideachais. Mar sin, ní raibh deis aige cuairt a thabhairt ar shuíomh na tubaiste agus bhí an-suim aige dul suas Cró na Rad agus é ar mo chúrsa siúl sléibhe. Thug daoine píosaí den raic abhaile leo mar chuimhneacháin anuas trí na blianta, ach bhí a fhios agam go raibh píosa mór amháin alúmanaim fágtha ar an bharr agus shocraigh muid grianghraf d’Aodhán agus den ghrúpa a ghlacadh in aice leis.

Fuair dáréag bás san eitleán, a tháinig ó bhunáit an RAF ar Loch Éirne Íochtair, agus thug Arm na hÉireann na coirp d’údaráis na Breataine ag an teorainn. Tá siad curtha i bhFear Manach, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus i Sasana.

Dé Céadaoin a bhí ann nuair a chuaigh muid suas. De réir réamhaisnéis na haimsire, bheadh gaoth ghéar ag séideadh in aice leis an chósta an lá sin, ach shíl mé féin go mbeadh an aimsir measartha maith ar Chró na Rad, áit a bhíonn faoi cheo cuid mhaith den am.

Shiúil muid siar ó thuaidh agus ansin soir, suas an cnoc go dtí an barr, áit a raibh gaoth mhór ag séideadh. D’ith muid ár lón in ascaill fhoscúil in aice leis an bharr agus ansin lean muid ar aghaidh go dtí an Pointe Triantánaithe, is é sin, an pointe is airde, ag 493 méadar.

Bhí an ghaoth ag neartú an t-am uilig agus, níos measa, tháinig an ceo isteach. Ach d’aimsigh mé an píosa den eitleán gan stró, cé go raibh sé deacair againn bheith inár seasamh in aice leis le haghaidh an ghrianghraif, bhí an ghaoth chomh láidir sin.

“Gála fórsa uimhir a cúig” a bhí ann dar le hÁine Allen, bean sa ghrúpa, agus bheadh a fhios aicise mar gur ollamh le fisic í a bhfuil suim aici i mbádóireacht, agus d’inis sí dúinn go raibh sí amuigh i gCuan Mó lá amháin i ngála den fhórsa céanna.

Agus an grianghraf glactha, lean muid ar aghaidh siar ó dheas ar an droim go dtí an áit ina raibh ár gcarranna páirceáilte.

Rinneadh cuimhneachán ar an tubaiste i Márta 1995 nuair a chuaigh grúpa daoine, agus an sagart paróiste chun tosaigh, suas Cró na Rad ó na Cealla Beaga agus dúradh paidreacha ar an suíomh. D’eitil héileacaptar ó Aerchór na hÉireann thar Chró na Rad i rith an tsearmanais.

Agus comóradh céad bliain 1916 ag druidim linn, níl a fhios agam an bhfuil cuimhneachán do Mhícheál Ó hÉanaigh beartaithe ag muintir Ghleann Cholm Cille. Má tá, beidh leoraí bruscair de dhíth chun tosaigh!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.