128
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
»»»Tá go leor conspóide ag baint leis an scannán The Magdalene Sisters le Peter Mullan ó d’oscail sé an fómhar seo. Labhair Ciara Nic Gabhann leis an ghrianghrafadóir digiteach Diane Fenster, atá lonnaithe i San Francisco, faoi shuiteáil dá cuid a dhíríonn ar an ábhar céanna.
»»»Thaitin an chuairt a thug sí ar Ros Maircnigh ar chósta thoir na hAlban go mór le Liz Curtis.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le beirt a bhfuil baint acu le tionscadal tábhachtach in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil sé mar sprioc aige traidisiún ceoil agus seanchas an cheantair a chaomhnú.
»»»Tá Ray Kurzweil ag cinntiú go bhfuil gach cóir air chomh maith le gach cóir a chur ar Google más féidir. Bhí Roseanne Smith ag faire ar a bhfuil ar siúl aige.
»»»Sular scaoileadh le slua NICRA i nDoire, bhí corraí ar dhaoine go leor mar gheall ar an Imtheorannú gan Triail a cuireadh i bhfeidhm sna Sé Chontae mí Lúnasa 1971, mar is maith is cuimhin le Tony Birtill.
»»»Síneann staire na scannánaíochta i bhfad siar ach má mhúch forbairt na haibhléise a lán de na taibhsí, thug forbairt na scannánaíocht cineál fad saoil do na púcaí ar feadh tamaill dar le Mícheál Ó hAodha.
»»»Tá Donncha Ó hÉallaithe lonnaithe i gConamara le 40 bliain. San alt seo caitheann sé súil siar ar na hathruithe a tharla sa cheantar Ghaeltachta is mó agus is láidre sa tír agus ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, mar a labhartar anois í sa Ghaeltacht.
»»»Is é meas John-Paul Mc Carthy go bhfuil cruth na fírinne go láidir ar dhráma teilifíse an BBC a bunaíodh ar leabhar Birdsong le Sebastian Baulks, dráma a léiríonn ár agus imní an Chéad Chogadh Domhanda.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.
»»»Bhí Colm Ó Snodaigh an-tógtha le cuid ceoil The Boomtown Rats agus é ag éirí aníos agus bhí áthas nuair a fuair sé deis bualadh le Bob Geldof agus le ball eile den ghrúpa i mbliana.
»»»Ghrinnigh Robert McMillen iompar na bpóilíní deireadh mhí na Samhna. Níl siad ag cuidiú leo féin ach oiread le duine ar bith, dar leis.
»»»Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le ceamaraí digiteacha.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Eilvéiseach Diego Fasciati faoina chuid oibre le roinnt blianta anuas leis an Chomhairle Ealaíon agus an dúshlán atá roimhe mar léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.