AR NA SAOLTA SEO
An Chomh-aireacht ar an pháirc imeartha
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Craobhchomórtas na hÉireann faoi lán seoil um an dtaca seo agus amharcann Breandán Delap ar an fhoireann a d’fhéadfadh ár dTaoiseach nua a chur chun páirce sa chomórtas.

Íomhá
An Taoiseach Brian Cowen ag smaoineamh ar a fhoireann
Íomhá
Titfidh go leor cúraimí ar an Tánaiste Mary Coughlan
Íomhá
Barry Andrews ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann

1. Mary Harney (Cúl báire): Toilteanach imirt san áit nach raibh aon duine eile sásta a bheith agus í faoi ionsaí leanúnach ag an fhreasúra. Croílár ár gcosanta atá inti agus beatha agus sláinte an phobail faoina cúram. Bíonn idir fhrídíní agus phléascáinmás fíor do chur síos Cowen i dtaca leis an Roinn Sláinte a bheith cosúil le hAngóla mar gheall ar líon na mianach talún atá scaipthe ar fud na háiteá crá. Ach go leor den chúram curtha anois ar dhuine (Brendan Drumm) nach bhfuil ar an pháirc ar chor ar bith.

Buntáistí: Bean chróga mhisniúil is ea í. Ba cheart go mbeadh in ann dúshlán a thabhairt d’aon dris chosáin atá ag cur bac ar leasú an chórais sláinteáitiúlachas agus caomhnaitheacht na ngairmeacha leighis, cuir i gcásde thairbhe gur dócha nach mbeidh feachtas toghchánaíochta eile le fearadh aici feasta.

Míbhuntáistí: Theip uirthi go n-uige seo dul i ngleic go sásúil lena cuid dualgas agus cuma spíonta uirthi le deireanas. Tugann barraíocht deiseanna scórála don fhreasúra.

2. Willie O’Dea (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois. Beidh díomá air nár tugadh aireacht níos tábhachtaí , ach an baol ann i gcónaí go gcuirfidh an liathróid ina eangach féin.

*Buntáistí:* **Fear éirimiúil atá ann atá lán ábalta an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic i ndíospóireachtaí.

*Míbhuntáistí:* **Róthógtha le cúraimí logánta Luimnigh agus ródhúil aige san ruathar aonair. ghlactar go ródháiríre leis in amanna.

3. Dermot Ahern (Lánchúlaí): Lánchúlaí ar féidir brath air is ea é agus liathróidí arda á dteilgeadh isteach sa chearnóg. Níl mórán féithe cruthaithí ann, áfach.

*Buntáistí:* **A chúlra dlí agus an taithí fhada rialtais atá aige.

*Míbhuntáistí:* **Pearsantacht thur atá aige agus é éirithe giota beag sotalach le tamall anuas.

4. *Brendan Smith *(Lánchúlaí ar chlé): D’éirigh go seoigh leis ar fhoireann na sóisear ach beidh le feiceáil an bhfuil in ann do leibhéal na sinsear. an Roinn Talmhaíochta imeallaithe i dtreo na gcliathán mar aireacht san ord tosaíochta le blianta beag anuas.

Buntáistí: Cúlra feirmeoireachta aige agus é mar ionadaí tofa ar chontae mór déiríochta.*Míbhuntáistí:* ** amhras ar go leor faoi mar gheall ar go síleann siad nach bhfuil a dhóthain taithí bainte amach aige san Aontas Eorpach, áit a dtroidtear na mórchathanna talmhaíochta agus iascaireachta faoi láthair.

5. Éamon Ó Cuív *(leathchúlaí ar dheis): Fear atá ámharach go leor a áit a choinneáil ar an fhoireann. Maith go leor ag luail na ngéag, ach tosaíonn a chuid fadhbanna nuair a fhaigheann an liathróid. Is iondúil nach mbíonn a fhios aige cad é ba cheart a dhéanamh léi agus cuireann cinntí ar an mhéar fhada ag súil go n-imeoidh siad i léig. Ach cumasach i mbun pasála agus go maith ag seachadadh na liathróide chuig a chuid comhimreoirí nuair a bhíonn faoi bhrú.6. Noel Dempsey *(Leathchúlaí láir): Fear neamheaglach a bhfuil bonneagar na tíre faoina réim. Is breá leis dul ar ruathar aonair i ngan fhios chomhimreoirí. Is iomaí liathróid a chuireann san aer, ach níos minice a mhalairt is beag an toradh a bhíonn orthu. Cuireann barraíocht seansanna amú.

Buntáistí: Lán ábalta an fód a sheasamh in éadan brúghrúpaí ar nós na múinteoirí agus iad siúd a bhí i mbun feachtais in éadan chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena chuid eitiltí ó Londain go hAerfort na Sionainne. Míbhuntáistí: Níl scileanna maithe idirphearsanta aige agus é ag plé lena chomhghleacaithe le grúpaí san earnáil iompair.

*Buntáistí: *De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, ba cheart go mbeadh tuiscint aige ar riachtanais mhúinteoirí.

*Míbhuntáistí:* **De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, beidh doiligh go leor an chluas bhodhar a thabhairt d’éilimh na múinteoirí.

*8. Brian Cowen (C) *(Lár páirce): Is i lár na páirce a dhéantar treo na himeartha a stiúradh agus is amhlaidh a bheas i Roinn an Taoisigh amach anseo. Murab ionann agus a réamhtheachtaí, cáil ar Cowen mar fhear atá sásta dul i ngleic le fadhbanna, nach bhfuil leath chomh garbh agus a bhí. an-chuid cosúlachtaí idir é agus Gordon Brown ó thaobh a gcúlra polaitiúil de agus caithfidh a chinntiú nach dtitfidh an drochrath céanna air i ndiaidh a thréimhse cneastachta.

*Buntáistí:* **Printíseacht mhaith curtha isteach aige i lear mór aireachtaí éagsúla. Fear láidir agus cumasach is ea é a bhfuil smacht iomlán aige ar a pháirtí.

Míbhuntáistí: Pearsantacht bhorb agus ghrod aige agus is cinnte nach mbeidh scileanna taidhleoireachta Ahern aige agus é i mbun cainteanna leis na pairtnéirí sóisialta.

Cúl báire

Harney

Lánchúlaí ar dheis

O’Dea

Lánchúlaí

Ahern

Lánchúlaí ar chlé

Smith

Leathchúlaí ar dheis

Ó Cuiv

Leathchúlaí Láir

Dempsey

Leathchúlaí ar chlé

O’Keefe

Lár Páirce

Cowen (C)

Lár Páirce

Lenihan

Leatosaí ar dheis

Martin

Leatosaí Láir

Coughlan

Leatosaí ar chlé

Ryan

Lántosaí ar dheis

Hanafin

Lántosaí

Gormley

Lántosaí ar dheis

Cullen

9. Brian Lenihan (Lár páirce): bheidh cóir ghaoithe leis an sparánaí san am atá le teacht mar go mbeidh na cianóga gann. bheidh de chumas aige flúirse caide a bhronnadh ar a fhoireann tosaithe. téagar ag baint leis i súile an phobail agus éirim aigne den scoth aige.

Buntáistí: tábhachtach fear maith ón phríomhchathair a bheith ar an fhoireann. Míbhuntáistí: an baol ann go bhfuil ardú céime faighte aige róghasta agus níl taithí laghad aige in aireacht gheilleagrach. Beidh fómhar gann ann agus bheidh ar a chumas mórán scóipe imeartha a thabhairt fhoireann thosaithe.

10. *Micheál Martin *(Leatosaí ar dheis): Is iad baill na foirne tosaithe, de ghnáth, a tharraingíonn poiblíocht orthu féin agus bheidh díobháil bolscaireachta ar phríomhthaidhleoir an tíre agus reifreann ar Chonradh Liospóin ar na bacáin. an aireacht seo imeallaithe le tamall anuas de thairbhe síocháin a bheith i réim ó thuaidh. Giota beag santach i seilbh na liathróide.

Buntáistí: Beidh deis aige in athuair a ainm a chur ar ais i mbéal an phobail tar éis gur theip air sa Roinn Sláinte.

Míbhuntáistí: easpa téagair agus státaireachta ag baint leis agus thiocfadh leis sin deacrachtaí a chothú i gcomhchainteanna san Aontas Eorpach.

  1. *Mary Coughlan *(Leatosaí Láir): Inneall na foirne is ea an leatosaí láir. Titfidh cúraimí tábhachtacha uirthi, hamháin mar thánaiste, ach san aireacht Fiontair, Trádála is Fostaíochta chomh maith mar gheall ar an Tíogar Ceilteach a bheith sna smeachanna deireanacha. Cuireadh ina leith san am a chuaigh thart go raibh faiteach i mbun cosanta ach is cinnte nach mbeidh a leithéid inghlactha a thuilleadh agus í roghnaithe mar leaschaptaen na foirne. Tugadh urraim chuí do mhná na hÉireann lena ceapachán. cuma níos scafánta uirthi le tamall beag anuas.

Buntáistí: Seans go mbeidh Cowen ag súil go mbeidh a pearsantacht ghealgháireach mar chúiteamh ar a easpa carasma féin. Míbhuntáistí: Níl a sáith taithí aici in aireachtaí eacnamúla. teanga gharbh, ghéar aici.

12. Eamon Ryan (Leatosaí ar dheis): Fear éirimiúil a bhfuil fís aige don tsochaí agus do chúrsaí cumarsáide ach go háirithe. Níl ach bliain caite sa phost aige agus feictear don fhreasúra gur laigeacht atá ann. É faoi shíorionsaí sa Dáil faoin easpa leathanbhanda i gcodanna éagsúla den tír. Is airsean a thitfidh comhréiteach a aimsiú idir muilte gaoithe a fhorbairt agus áilleacht na timpeallachta a chaomhnú. Bunchlocha tábhachtacha iad an ghné seo i bpolasaithe an Chomhaontais Ghlais ach is minic iad a bheith ag teacht salach ar a chéile.

Buntáistí: teacht i láthair maith aige agus íomhá mhaith aige sna meáin réir.

*Míbhuntáistí:* **Bíonn soineantacht ag baint le cuid mbíonn le aige

  1. *Mary Hanafin *(Lántosaí ar dheis): Í brúite i dtreo an chúinne. D’fhéadfadh soláthar na peile a bheith gann de thairbhe nach bhfuil caidreamh maith aici leis an chaptaen úr. Tugann barraíocht airde ar a mbíonn le ag na státsheirbhísigh in áit a bealach féin a shiúl.

Buntáistí: Seans go mbeidh ina chuidiú di dúshlán úr a bheith aici agus a lán deiseanna aici cúpla pointe a chur ar an scórchlár ó tharla buiséad flaithiúil de shuáilcí a bheith aici.

*Míbhuntáistí:* ** meath tagtha ar a cuid imeartha ar an mallaibh. Mura n-aimsíonn scóir go gasta, d’fhéadfadh a comhghleacaí ó Dhún Laoghaire, Barry Andrews, teacht isteach ina háit mar fhear ionaid.

*14. John Gormley *(Lántosaí): Laoch na himeartha i rith an gheimhridh. Beidh buiséad mór le caitheamh aige agus an-deis aige cúil a aimsiú pháirtí agus don rialtas. Údar gach oilc, dar leis an fhreasúra, agus caithfidh níos deiseanna scórála a thapú seachas a bheith ag cosaint a pháirtí de shíor.

Buntáistí: Cuma ghairmiúil curtha aige ar an Chomhaontas Glas. Imreoir maith foirne, bua atá ina bhuntáiste do lántosaí. *Míbhuntáistí:* **Cinntí crua le glacadh aige maidir le loisceoirí agus tógáil mótarbhealaí agus is cinnte go gcothóidh na ceisteanna sin teannas ina pháirtí féin.

*15. Martin Cullen *(Lántosaí ar dheis): Sáite i gcúinne den pháirc gan mórán scóipe aige a scáth a fhágáil ar chruth na himeartha. Ach is beag damáiste a dhéanfaidh ansin ach an oiread. Beifear ag súil go ndáilfear neart airgid ón Chrannchur Náisiúnta ar Phort Láirge sna blianta beaga amach romhainn.

Buntáistí: Seans go bhfuil ciall cheannaithe aige um an dtaca seo agus go seachnóidh an chonspóid feasta. É suite go lárnach ó thaobh dháileadh tíreolaíochta an rialtais. *Míbhuntáistí:* ** an t-ádh dearg leis a áit a choinneáil ar an fhoireann agus is dócha a mhalairt go mbeidh a rás rite faoi leathama nuair a chuirfear fios ar an chéad fhear ionaid.

Fir ionaid

16. Pat Carey: Sop chun muintir Hill 16 a choinneáil i dtiúin. Fear maith ionaid a bhfuil 20 bomaite fiúntach ann.

Buntáistí: Chruthaigh é féin go maith mar aire sóisearach agus freagracht air i leith drugaí. *Míbhuntáistí:* ** trí scór bliain d’aois um a dtaca seo agus drochsheans go bhfaighidh mórán deiseanna eile.

17. Barry Andrews: Ógánach ( 41 bliain d’aois!) atá ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann mar gheall ar rudaí maithe a bheith déanta aige le bliain anuas, nach raibh ar an fhoireann taca fiú. Reifreann na Leanaí is ea an chéad chúram tábhachtach a thitfidh air. Santóidh an áit cliathánacha sa líne lántosaithe don dara leath de shaolré an rialtais.

Buntáistí: A chúlra dlí mar abhcóide agus a phearsantacht lách.

*Míbhuntáistí:* **Amhras an bhfuil dalba agus seanaimseartha go leor don phost úr tábhachtach seo.

Is Clár-Eagarthóir é Breandán Delap le Nuacht RTE-TG4. cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.