AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor ar a sheanléim arís
Balor Balor Balor

Fuair Balor neart póg agus barróg le tamall anuas - agus ní mar gheall ar Lá Fhéile Vailintín a bheith ann.

Íomhá
Íomhá

Gabhann Balor a mhíle buíochas leis na sluaite léitheoirí a bhí imníoch nuair nach bhfaca siad a ghnúis ghnaíúil agus nár léigh siad a scríbhinn scothúil ar Beo ar Éigean na míosa seo caite. Ar fhleasc a dhroma a bhí fear na súile nimhe, é buailte amach ar fad le halltacht, le hiontas agus le huafás go raibh Údarás na Galltachta chomh hamaideach agus chomh doscaí agus gur cheap siad Leamh Ó Cuinneagáin mar Chathaoirleach.

“Léifidh mé arís é,” a dúirt Balor le díchreideamh, “Agus léifidh mé i gceart an t-am seo é!” Seacht n-uaire a b’éigean d’fhear na súile nimhe an nuacht a léamh ar “Tuarascáil” an Irish Times sular chreid sé é. Bhí sé cinnte ar dtús gur scéal grinn a bhí ann. Ach chuimhnigh sé ansin gur Pól Ó Muiríneach a scríobh an t-alt agus nach bhfuil a fhios ag an Mhuiríneach an dóigh leis an fhocal greann a litriú.

“Ar scor ar bith, tá mé ar mo sheanléim arís,” a mhaíonn Balor. “An fhéile bheag sin i bhFaoilleach idir coicís faoide agus coicís fáide, Lá Fhéile Vailintín, a dhéanann maitheas dom gach bliain. Cuireann sé an súlach ag sileadh aníos fríd mo chuid féitheacha arís agus fágann sé dinglis ar mo bhánchnis.” Ba mhaith le Balor a bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd uilig a chuir cártaí Vailintín chuige, go háirithe do Mháire Ní Chlochráin, an tAire Stáit i Roinn na hÉalainge, Oighearaoise, Galltachta agus Oinniún. Gheall an tAire póga agus barrógai bpáirtíocaíocht ar a bhéal a choinneáil druidte.

“Cén béal? Cén druid? Cén chúis?” a fhiafraíonn Balor le béal ar leathadh. “Cionn is gur dlúthchara í le Leamh Ó Cuinneagáin, ní hionann sin agus a rá go sílfeadh sí go sílfinnse nó go sílfeadh pobal na Gaeilge go raibh lámh ná páirt aicise ina cheapadh siúd mar Chathaoirleach ar Údarás na Galltachta? Beag an baol! Gura fada uainn smaointe mar sin … Agus bhí an cárta go hálainn, a Aire … agus an nóta beag a bhí istigh ann, a Aire - an nóta €100.”

Tharla ceapachán eile ar na mallaibh agus ní raibh mórán le rá ag mórán de mhuintir na Gaeilge faoi. Ach bhí a chuid le rá ag Balor faoi bheirt a bheith ceaptha mar Phríomhfheidhmeannaigh ar Fhoraois na Gaeilge i gcomharbacht ar a sheanchara agus a leathbhádóir féastaíochta, Micheál Ó Grúdaireachta: “Bhí mé á mhaíomh le haois asail nach dtiocfadh leo duine ar bith a cheapadh ina áit. Ghlac sé beirt lena bhróga a líonadh: Seosamh Mac Donnchadh agus Joe McDonagh. Aisteach go leor, cé go bhfuil an bheirt seo iontach cosúil le chéile ní fhacthas iad le chéile go fóill ar aon phictiúr nuachtáin. Bíonn McDonagh ar na páipéir nuachta Béarla agus Mac Donnchadh ar a leithéid agus Foinse. Is dócha, nuair nach mbeidh nuaíocht ar bith ag baint le ceachtar acu níos mó, go mbeidh rud inteacht le rá ag Beo ar Éigean faoin cheapachán aisteach seo.”

Ach tá fear na súile nimhe i ndiaidh an tsuirí agus an tochmharc, an chointinn agus an chonspóid a fhágáil ina dhiaidh. “Tá an Carghas buailte linn!” a deir Balor Beannaithe, “Agus is cóir dúinn ár n-aigne a dhíriú ar nithe neamhshaolta, agus an dúthroscadh agus an féinsmacht a chleachtadh.”

Ní mar an chéile ar chor ar bith é ó fuair sé an litir sin ó EP II na Róimhe. Ba chuma má bhí an litir le dul chuig Bertie an Súmaire Niata seachas Balor na Súile Nimhe; ba chuma má bhí dearmad déanta ag EP II an litir a chur isteach sa chlúdach; ba chuma má bhí dearmad déanta ag EP II cérbh é Bertie nó cén fáth go raibh sé ag scríobh chuige an chéad lá; ba chuma má bhí dearmad déanta ag EP cérbh é EP II féin; chomh luath agus a chonaic Balor postmharc na Vatacáine buaileadh é le taom trom cráifeachta. Ag Dia atá a fhios cad é mar a bheas sé agus muid i mbéal na Cásca.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.