AR NA SAOLTA SEO
Ceist Chasta na hInimirce sa Bhreatain
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.

Íomhá
Ruathar agus gabháil
(le UKhomeoffice ar Flickr)
Íomhá
Imirce
(le Statistics.gov.uk ar Vicipéid)
Íomhá
UKBA
(le Daniel Farnes ar Picasaweb)
Íomhá
Féile Nottinghill
(le Kaysha ar Flickr)

Foilsíodh figiúirí le déanaí ó dhaonáireamh 2011 Shasana is na Breataine Bige ar cúis ardaithe meanman iad do dhaoine a cheapann gur rud dearfach é an imirce a dtugann daoine faoi dá ndeoin féin. Ceann de na rudaí ba mhó a nocht an staidreamh sin ná gur inimircigh iad 13% de dhaonra Shasana is na Breataine Bige, is é sin daoine a rugadh i dtíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe. Is méadú 4% é sin ar an sciar den daonra arbh inimircigh iad de réir daonáirimh 2001. I gcomhthéacs na staitisticí seo is inimirceach duine a bhfuil sé mar rún aige fanacht sa Bhreatain ar feadh bliana ar a laghad.

Thug an daonáireamh is déanaí athruithe suntasacha eile chun solais, leis. Cé gur Éireannaigh an grúpa eachtrannach ba mhó i 2001, is daoine ón India atá sa chéad áit anois. Taobh thiar díobh tá Polannaigh, ar bhorr a líon ó 58,000 i 2001 go 579,000 i 2011 agus sa tríú háit tá Pacastánaigh. Tá Éireannaigh sa cheathrú háit agus gan ach 407,000 dínn áirithe mar chuid de dhaonra Sasana is na Breataine Bige.

Ábhar Gairdis?

Is dea-scéala iad na hathruithe seo do dhaoine atá den tuairim gur maith an rud é an imirce. Más luachmhar linn an éagsúlacht agus an ceart daonna chun tír dhúchais a fhágáil, ní chuirimid i gcoinne na himirce. Má chreidimid go saibhrítear sochaithe nuair a chuireann daoine ó thíortha is ó chultúir eile fúthu iontu, gan trácht ar na buntáistí éagsúla a bhaineann imircigh as an taithí a fhaigheann siad ar thír nua, fearfaimid fáilte roimh thorthaí daonáirimh 2011.

Ach tá daoine sa Bhreatain, agus i ngach tír eile ar domhan, ar ndóigh, nach bhfuil chomh láidir sin ar son na hinimirce, go háirithe i ré seo an chúlaithe gheilleagair. Is amhlaidh go bhfuil sé mar bheartas ag rialtas na Breataine líon na n-inimirceach a thagann go dtí an Bhreatain in aghaidh na bliana a laghdú go suntasach. I 2010 d’fhógair an Rúnaí Baile, Theresa May, go mbeifí ag iarraidh ráta bliantúil na hinimirce go dtí an Bhreatain a ísliú ó na céadta míle go dtí na deicheanna míle faoi 2015. Is dócha go gciallaíonn sin go mba mhaith leis an mBreatain faoi bhun 100,000 inimirceach a ligean isteach in aghaidh na bliana ó 2015 ar aghaidh.

An Té a Bhíonn Thíos...

Ós rud é go mbeadh deacracht faoi leith ag baint le srian a chur leis an gceart gluaiseachta ar fud an Aontais Eorpaigh atá ag daoine ó na ballstáit éagsúla, caithfidh an Bhreatain díriú ar inimircigh ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach chun ráta na hinimirce a laghdú. D’fhonn an cuspóir seo a chur i gcríchroinnt beartas sriantach á gcur i bhfeidhm atá chun aimhleasa, ní amháin daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad, ach sciar maith Briotanach, leis.

Is é an beart is mó a bhfuil aird na meán dírithe airiarrachtaí an rialtais chun inimirce teaghlaigh a laghdú. Is é atá i gceist leis seo ná go bhfuil constaicí á gcruthú do dhaoine sa Bhreatain, idir shaoránaigh is inimircigh, a dteastaíonn uathu baill teaghlaigh, nach as an Aontas Eorpach iad, a thabhairt chun cónaí sa Ríocht Aontaithe. Ó mhí Iúil na bliana seo caite, caithfidh duine £18,600 a thuilleamh in aghaidh na bliana sula mbeidh sé in ann sonuachar nó páirtí lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt go dtí an Bhreatain.

Ar ndóigh, is iad is mó a bheidh thíos leis na hathruithe seo ná na daoine is lú airgead, is é sin mná agus mionlaigh eitneacha. Áirítear go bhfuil beagnach caoga faoin gcéad de lucht saothair na Breataine nach gcomhlíonann an riachtanas airgid seo.

Pobal inimirceach eile a bhfuiltear ag díriú orthu mar chuid den iarracht chun ráta na hinimirce a laghdú ná mic léinn idirnáisiúnta. Dar leis an rialtas go dtagann na mílte chun na tíre cláraithe mar mhic léinn ach nach é an staidéar a bhíonn ar siúl acu. D’fhonn deireadh a chur le calaois den sórt seo, teastaíonn ó Theresa May córas nua a thabhairt isteach ina gcuirfí daoine faoi agallamh i gcomhair víosa mac léinn. Ós rud é gurb iad na Stáit Aonaithe agus an Bhreatain an dá cheann scríbe is mó a bhfuil tóir orthu i measc mac léinn idirnáisiúnta is tionscal é seo a bhfuil an-tábhacht ag baint leis ó thaobh an gheilleagair de. Ba chóir aird a thabhairt mar sin ar thuairisc a d’eisigh Teach na dTiarnaí roimh an Nollaig a mhaígh go raibh gníomhartha an rialtais ag tabhairt le tuiscint nach bhfuil fáilte roimh mhic léinn idirnáisiúnta sa Bhreatain.

Ábhar Imní?

I gcomhthéacs seo na laghduithe inimirce, b’fhéidir gur cúis imní iad uimhreacha an daonáirimh a bhaineann le heachtrannaigh sa Ríocht Aontaithe. Tabharfaidh siad lón lámhaigh don lucht frithimirce, do dhaoine a mheasann go bhfuil an iomarca imirceach sa Bhreatain is atá i bhfách le breis srianta den sórt atá á gcur i bhfeidhm le cúpla bliain anuas. Agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí le hiarrachtaí an rialtais. Sa bhliain dar críoch Márta 2012, bhí glansreabhadh 183,000 imirceach go dtí an Ríocht Aontaithe, titim shuntasach ón 242,000 i gcomhair na bliana dar críoch Márta 2011. Ach is léir ó shracfhéachaint ar an stair gurb é an toradh a bhíonn ar shrianta imirce go minic ná nach laghdaítear ar an ráta inimirce ach méadaítear ar líon na n-inimirceach a bhíonn ag maireachtáil lasmuigh den dlí. Áirítear go bhfuil suas le 900,000 inimirceach sa Bhreatain in aghaidh an dlí faoi láthair. Seans gur mó i bhfad an uimhir sin nuair a bheidh spriocanna imirce an rialtais curtha i gcrích.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.