CÚINNE NA nEALAÍON
KINOan Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

dhá scannán molta ag Pat Butler an iarraidh seo. Deir gur scannáin eisceachtúla iad agus táid ar a gcamchuaird pictiúrlainne faoi láthair.

Íomhá
Cuimhneachán Sabra & Shatila
le Bertramz ar Vicipéid
Íomhá
Colin Firth
le Caroline Bonarde Ucci ar Vicipéid
Íomhá
Javier Bardem
Siebbi ar Vicipéid
  • Incendies’ - Denis Villeneuve - Eisiúint Cineama

  • Biutiful’ - Alejandro Gonzalés Inárritu - Eisiúint DVD

Ba éIncendies’ ainmniúchán Cheanada don Osgur i mbliana, sa rannóg ar a dtugtarAn Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta mise a chum a cheap an t-ainm sin. Cuireadh ar ghearrliosta an Acadaimh é, ach níor bhain Villeneuve an sméar mullaigh. fhaca fósIn A Better World’ a bhuaigh an gradam, ach chonacBiutiful’ a bhí ar an liosta lena gcois siúd. Feicim go bhfuilBiutiful’ arna eisiúint ar DVD faoi láthair, agus Incendies’ ar an gcamchuaird pictiúrlainne anois. Is scannáin eisceachtúla iad araon, agus is fiú iad a scagadh.

Incendies’

Nuair a fuair an seanfhaltanas eadarchine agus creidimh an ceann is fearr ar Chríostaithe, Muslamaigh agus Drúsaigh sa Liobáin i 1975, lean ainghníomhartha fuilteacha díoltais ar gach taobh. Sin cúlscéalIncendies’.

Bean óg den bpobal Críostaí is ea Nawal Marwan - í torrach. Beirtear uirthi féin is ar a grágheal Arabaigh agus iad ag iarraidh éaló lena chéile. Scaoileann a deartháir an fear óg ar an toirt. Bhí urchar aige do Nawal freisin, ach tugann an tseanmháthair dídean agus tearmann di. Saolaítear mac óg léi ar ball agus seoltar eisean chuig dílleachtlann. Loitfeadh tuilleadh den gcúlscéal an scannán ort.

Ar aghaidh linn go dtí an atá inniu ann - Quebec, Ceanada. an daonnachta=humanity">="gloss" title="middle-aged immigrant">t-imirceach meánaosta Nawal Marwan tar éis bás d’fháil. Léann an t-aturnae a huacht i bhfianaise a beirt pháiste, an cúpla Jeanne agus Simon. Baintear siar astu nuair a nochtar dóibh go bhfuil deartháir acu - an leanbh a saolaíodh fadó sa Liobáin. Is iomaí rún a cheil an mháthair orthu. Agus sin deireadh an scéil. Cuireann uacht na máthar Jeanne faoi gheasaiarrtar uirthi a hathair a aimsiú. D’fhág Nawal litir di le seacadadh air. Fágtar litir le Simon le tabhairt don deartháir, ach é a aimsiú freisin. Is mar sin a theilgtear an cúpla sa tóir ar thaibhsí rúnda na máthar. Tugann deamhain Nawal go leaca fuara Ifrinn iad sara n-iomlánaítear an scannán.

Villeneuve an-oilte mar cheardaí scannáin. Trasghearrtar go paiteanta turas na hiníne le haistear fuilteach na máthar roimpi. an eagarthóireacht chomh snoite sin nach feasach dúinn go minic cioca ar amlíne na máthar, ar aistear na hiníne atáimid. Bíodh is nach fada a leanann an éiginnteacht sin, is gléas cliste é chun an scéal - mar a bhí is mar atáa tharraingt le chéile go snasta.

Fearg, díoltas, sceitheadh, uafáis, brúidiúlacht, éadulaingt sheachnaíonn Villeneuve na téamaí móra beatha is báis. Is meafar í Narwan don Liobáin in aimsir chogaidh. ionannas idir céasadh na mná agus céasadh na tíre. Ach tagann dínit na daonnachta agus cumhacht fuascailteach an ghrá chun cinn i ndeireadh thiarfiú más denouement róchliste, rónéata ar fad a nochtar in eireaball an scannáin. Sin ráite, ceolann Villeneuve spiorad an duine tríd síos. Agus beag sin i cineama an lae inniu.

Incendies’ ar thaispeáint i cineama éigin gar duit faoi láthair. Agus seolfar an DVD i dtús an Fhómhair.

Biutiful’

Tar éisAmores Perros’ (2000), a chéad fadscannán, ‘d’aimsigh Holywood an auteur Meicsiceach sainiúil Alejandro Gonzáles Inárritu. Thug an boc óg agus an seanstríopach ‘21 Grams’ agusBabel’ dúinn. Is scannáin fhiúntacha iad - ‘21 Grams’ ach go háirithe, ach fágadh Inárritu fós gan saothar a chuirfeadh bláth ar chraobhAmores Perros’. Ansin tháinigBiutiful’ le Javier Bardem agus b’fhiú an fhanacht. Muna bhfaca Biutiful’ go fóill, molaim duit an DVD a cheannach láithreach.

Uxbal ag saothrú an bháis. Mionchoirpeach ar imeall na coiriúlachta sráide i mbruachbhailte Barcelona is ea é. Fuil ina chuid fuail. Beirt pháiste á thógaint aigeníl a bhean dhépholach in ann dóibhsan, siúd, di féin fiú. (Pléann Inárritu lena breoiteach le comhthuiscint siúrálta, daonna). Is léir go bhfuil Uxbal agus a bhean fós i ngrá lena chéileach is grá gan dóchas é. Conas mar a bheidh ag na páistí ina éagmuis? Níl fhios acu, ag éinne, go bhfuil a seal geall le bheith tugtha. An féidir leis an bhfear truamhéalach seo sparán a chruinniú, ar ais ar éigean, a thabharfaidh aire dóibh agus é ar shlí na firinne?

Seo domhan suarach an bhochtanais. Domhan a thugann beatha, ar éigean, do Uxbal agus dheartháir óna bplé le pobal fothalún na n-imirceach neamhchláraithe. Siad san na hÁisigh a oibríonn i siopaí allais éadaí na gcúlsráideanna, is a chodlaíonn sa mhullach ar a chéile ar urlár na monarchan. Ansin na hAifriceánaigh a dhíolann spéaclaí gréine gan mhaith agus uaireadóirí bréige ar shráideanna na cathrach. Tugann Uxbalseirbhís’, de shaghas, don dhream.

Ar Bhealach an Bháis

seo Barcelona na dturasóirí, Barcelona Mesi, Barcelona Gaudi. Seo Barcelona Uxbal, agus Uxbal ag fáil bháis.

Is fada tógtha le hobair Javier Bardem, príomhaisteoir Spáinneach na linne. mba mhaisiú é ar The Sea Inside’ is ar No Country For Old Men’, is fearr sin fós é iBiutiful’. In ainneoin a mhionchoiriúlachta, in ainneoin go bhfaigheann scór duine bás de bharr cleas a d’imir chun airgead a dhéanamh, in ainneoin gach máchail, on agus easnamh ar a charachtar, éiríonn le Bardem dínit agus uaisleacht a aimsiú in áit éigin domhain sa bhfear suarach, briste seo.

Seo an taispeántas aisteoireachta is fearr a chonac le blianta. bhí duine beirt eile ghlúin in iomaíocht leis don teidealpriomhaisteoir scannán na linne’, agus bhí, creidim go bhfuil Bardem chun tosaigh orthu uile faoi láthair, i bhfianaise an taispeántais seo.

Is auteurúdar le dealramh - é Inárritu. Deineann anam briste an duine chomhaimsirigh a fhuirseadh. Tréaslaím leis go bhfuil fillte siúrálta ar an millieu is ar an teanga is ansa leis. Ceist agam oraibh. mba scannán Béarla éBiutiful’, an mbeadh Oscar na bPríomhaisteoir Fireann ag Colin Firth? Is fearr breithiúnas Cannes Hollywood, dar liom.

Cad eile atá nua, says you?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.