138
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá albam nua díreach eisithe ag an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin agus tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar shaothar mór faoi amhráin Ghaeilge agus Bhéarla Chúige Uladh. Labhair sí le hÚna Nic Gabhann faoin obair atá idir lámha aici.
»»»Tá na scannail ghnéis go léir a tháinig chun solais le tamall anuas ag déanamh an-dochair don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Fear gaoismhear amháin, Job Cohen, a choinnigh guaim agus staidéar i muintir na hÍsiltíre sé bliana ó shin nuair a bhí an tír ar tí pléascadh. Beidh sé ag seasamh sa toghchán an mhí seo. Tá an scéal ag Alex Hijmans.
»»»Níl dearmad déanta fós san Astráil ar dhuine de réabhlóidithe na hÉireann ag tús an ochtú haois déag. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Níl Yolanta Kruk ag foghlaim Gaeilge ach le cúpla bliain ach tá an-líofacht bainte amach aici, a bhuíochas sin ar mhúinteoir den scoth agus áiseanna iontacha idirlín.
»»»Le cróise, madraí, nó le cibéard eile, is dóigh le Roseanne Smith go meallfar gach geek garáiste amach faoin aer le breathnú ar an saol mór ina dtimpeall.
»»»Thug Catherine Foley cuairt ar Chliodhna Ní Anluain i seomra cúl ardáin sa Cheoláras Náisiúnta agus d’fhiosraigh scéal a cuid oibre le clár RTÉ 1an Sunday Miscellany. Is amhlaidh nach ag fanacht taobh leis an stiúideo atá an clár ach go dtugann ruaig faoi fhéilte ealaíne is pobail fud fad na tíre le blianta gairide anuas.
»»»Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára. Chonaic Gearóid athruithe ag teacht ar an chathair agus ar an saol nár shamhlaigh sé riamh roimhe na blianta ó shin.
»»»D’éirigh le Balor agallamh eisiach a shocrú le Seoirse Mac Sceiche, Íochtarán na Stát Aontaithe.
»»»Ní bhíonn mórán deiseanna ag Stefan Müller a chuid Gaeilge a chleachtadh ach tá sé meáite ar feabhas a chur ar a chuid scileanna sa teanga mar sin féin.
»»»Tréigean na teanga agus forbairt na lúthchleas: dhá cheann na meá céad go leith bliain ó shin? Cén míniú atá ar an bhfás céadach a tháinig faoi CLG in imeacht 125 bliain? Bhí Colm Mac Séalaigh ag meabhrú ar na ceisteanna seo.
»»»Is breá le Pat Butler saothar an scannánóra Ang Lee agus ní haon eisceacht an scannán is déanaí uaidh.
»»»Aisteoir amharclainne agus teilifíse is ea Darach Ó Tuairisg, a bhunaigh an compántas puipéad Fíbín sa bhliain 2003. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid agus é i mbun dualgas éagsúil mar léiritheoir ar shraith cláracha dar teideal “Raidió na nÓg” atá á craoladh faoi láthair ar Raidió na Life.
»»»Ghlac AnnMarie Flanagan an deis chun an chéad léiriú san Amharclann na Mainistreach den dráma “Pygmalion” ó George B. Shaw a fheiceáil, agus shíl sí mórán de.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: [i]Cúpla Focal[/i] (Cois Life). Léirmheas le hAifric Mac Aodha.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.