CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas
Aifric Mac Aodha Aifric Mac Aodha Aifric Mac Aodha

Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: [i]Cúpla Focal[/i] (Cois Life). Léirmheas le hAifric Mac Aodha.

Íomhá
Íomhá

Úrscéal d’aon léitheoir a bhfuil bunlíofacht sa Ghaeilge aige nó aici is ea Cúpla Focal, an leabhar is déanaí ó pheann Anna Heussaff. Is é seo an dara leabhar dá cuid atá dírithe ar dhaoine fásta agus fuair Bás Tobann, an chéad leabhar uaithi, an-mholadh ó lucht critice. Saothar den chineál céanna is ea *Cúpla Focal *agus é gach pioc chomh snoite leis an leabhar eile.

Titeann an scéal seo amach in imeacht aon tráthnóna amháin agus rang Gaeilge faoi sholas ag an údar. S*cenario *an-chuí is ea é sin sa mhéid is go mbíonn bunús inchreidte ag na pearsana leis an nGaeilge a labhairt i suíomh cathrach. Tugtar léiriú thar cionn anseo ar shaol an tseomra ranga agus bhainfeadh idir fhoghlaimeoirí agus mhúinteoirí an-phléisiúr as na meancóga greannmhara a thagann chun cinn, de réir mar a bhíonn na carachtair éagsúla i ngleic le castachtaí na teanga:

“Gabh mo leithscéal,” arsa Siobhán. “Tá ceist agam faoi rud éigin ... faoi something I’m remembering from my schooldays. Yes, briathra neamhrialta, isn’t that what you call them, when the past and the future don’t match? Briathra neamhrialta are irregular verbs, aren’t they?”

What did she say?” arsa Maidhc le James. “Something about briathra non-reasonable?” (38)

Agus, níos fearr fós:

“Go raibh mac agat, isn’t that it?” (5)

blas na fírinne ar na blúirí cúlra sin agus is deas ann iad, tharla go bhfuil ábhar níos troime ar na bioráin ag Heussaff ina scéal lárnach.

Tosaíonn an leabhar le cuntas ar Chaoimhe. Steiréitíopa is ea í, go pointe: Tá sí píosa anonn sna tríochaidí agus í suite meáite ar fhear a aimsiú agus é a phósadh. Feictear i mbun taighde í:

Ceathrar fear agus ochtar ban a bhí sa rang an tráthnóna seo. An seanscéal céanna, ar ndóigh, mar a bhíodh go minic i ranganna tráthnóna. Go deimhin, ní raibh an coibhneas sin ró-olc. Cúigear fear sa rang san iomlán, an múinteoir san áireamh. Maidhc, Clifden, Seán agus James, b’in iad na fir eile sa rang. (12)

Ba bhreá léi casadh leis an duine ceart. (13)

Ba chóir go gcuirfeadh na píosaí thuas alltacht ar an bhfeimineach ceartaiseach ach is dóigh liom gur féidir a gcosaint i gcomhthéacs an tsaoil mhóir agus i gcás an leabhair féin. Is ann do mhná aonair, aonaránacha na ranganna oíche agus is iad a bhíonn ar thóir na bhfear. Tagann Heussaff féin roimh an bhfeimineach, leis, nuair a chuirtear na focail seo i mbéal Aisling:

Ba cheart di a bheith cosúil le Siobhán, a dúirt sí léi féin go tobann. Bhí Siobhán os cionn daichead bliain d’aois. Go maith os a chionn. Bhí a gnó féin aici. Bhí sí singil. Agus bhí sé soiléir go raibh sí sásta lena saol. (82)

Géillim don chuid sin den charachtracht agus measaim go bhfuil an scéalaíocht an-bheacht. N’fheadar, áfach, an dtabharfadh a leithéid de bhean a croí don mhúinteoir Neasán, áfach. Cruthaítear pictiúr faoi leith de Chaoimhe. Is stuama an bhean í. Caitheann sí culaith oifige agus cuireann geansaí ildaite an mhúinteora isteach go mór uirthi. Téann pleidhcíocht de chineál ar bith an-chrua ar a foighne:

Thosaigh daoine eile sa rang ag gáire. Ach ní raibh Caoimhe ina measc. Bhíodh sí mífhoighneach le Maidhc go minic. Ní raibh go leor Gaeilge ag Maidhc le bheith sa rang sin, bhí an méid sin soiléir. Ba cheart do Neasán a rá leis imeacht go dtí bunrang éigin. Agus ar aon nós, ní raibh fonn pleidhcíochta uirthi. (6)

Is deacair a rá an mbeadh bean den tréad sin ábalta ag Neasán ná a rún.

Rún sách ramhar is ea é, tar éis an tsaoil. Tá a rún féin ag Neasán agus an dara rún ag Aisling, iarleannán dá chuid. Scéal grá is ea Cúpla Focal ach is mistéir é freisin. Luíonn luas an scéil trí chéile le sceitheadh a rún agus déantar ar an *dénouement *go deas réidh. Bíonn an mhéaldrámatacht in uachtar anois is arís (nuair a ghoideann Caoimhe an fón, mar shampla) ach baineann an greann an lá, ar an iomlán. Tá fírinne aisteach ag baint leis an gcomhrá idir Aisling agus Neasán agus leis an gcaoi go mbriseann rachtanna gáire astu an uair go mbíonn deireadh leis na rúin.

Tá dhá ní nach maith liom faoin leabhar, áfach. Is nós leis an údar sonraí áirithe a thabhairt dúinn i dtaobh na gcarachtar nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu. Luaitear níos mó ná uair amháin faoi Aisling, mar shampla, go bhfuil ribí dorcha gruaige ar a liopa uachtair agus samhlaítear cumhrán róis le Caoimhe. Ní heol don léitheoir an dea- nó drochtheist ar na pearsana an méid sin, de cheal léirmhínithe níos mine.

Is é an locht is mó ar fad atá agam ar an saothar, áfach, an teideal Cúpla Focal a bheith air. Greann tur a bhí faoin údar nuair a roghnaigh, ní foláir, agus tá imeartas sleamchúiseach ar bun aici freisin, is dócha. Bíodh sin amhlaidh. Goilleann an nath seanchaite ar an gcluas istigh, rud nach fíor ar chor bith faoin leabhar féin. Is éard atá anseo againn, píosa scíthléitheoireachta den chineál Heussaffach is fearr.

Cúpla Focal

Anna Heussaff

Cois Life. Ar díol ag www.coislife.ie ar €12

Is as Baile Átha Cliath í Aifric Mac Aodha. Bhain sí bunchéim agus iarchéim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá sí ag scríobh filíochta go lánaimseartha anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.