TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Dúnta i ngrá leis an nGaeilge
Yolanta Kruk Yolanta Kruk

Níl Yolanta Kruk ag foghlaim Gaeilge ach le cúpla bliain ach tá an-líofacht bainte amach aici, a bhuíochas sin ar mhúinteoir den scoth agus áiseanna iontacha idirlín.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Cathair Montreal, áit a bhfuil cónaí ar Yolanta

Yolanta is ainm dom agus is gníomhaire taistil mé. Tháinig mo theaghlach ar imirce go Ceanada ón bPolainn nuair a bhí mé trí bliana d’aois. D’fhás mé aníos i gceantar lucht oibre i Montreal darb ainm Pointe St. Charles, áit a bhfuil inimircigh de shliocht Éireannach agus Eorpach ina gcónaí taobh le taobh. Is dóigh liom gur cuireadh síolta an ghrá ionam do nithe Éireannacha le linn an ama sin, go háirithe grá don cheol, a fuair mé ó mo mhúinteoirí i scoil Naomh Gabriel, na mna rialta ó Éirinn.

Cúpla mí tar éis dom m’fhear céile a chailleadh i bhfómhar na bliana 2001, thosaigh mé a fhoghlaim na feadóige stáin ag Siamsa i Montreal mar shaghas teiripe báis. Ba ghearr gur fhoghlaim mé nach raibh an fheadóg stáin éasca ná an ceol Gaelach ach an oiread ach choinnigh mé leo. Go luath in dhiaidh sin thosaigh mé a sheinm ag seisiúin áitiúla sa chathair. Chuir mé féin seisiún mall ar siúl le mic léinn ó Shiamsa ag teach tábhairne, O’Regan’s. Ní raibh a fhios agam ag an am sin go dtabharfadh grá don cheol mé chuig grá níos doimhne, grá don Ghaeilge.

In earrach na bliana 2003, rinne mé mo chéad oilithreacht go tír na naomh. Nuair a bhí mé i mo sheomra san óstán, chuala mé teanga na n-iontas ón raidió den chéad uair. Níor shamhlaigh mé ar dtús gurbh í an Ghaeilge í go dtí gur chuala mé an ceol traidisiúnta iontach idir an chaint. Bhí Raidió na Gaeltachta aimsithe agam. Roimhe sin níor chuala mé an Ghaeilge ach san amhránaíocht. Bhí an Ghaeilge labhartha an-difriúil. Thit mé i ngrá léi láithreach agus ní raibh mé in ann mo sháith a chloisteáil. Chuir a comhshondas, a ceolmhaireacht agus a liriceacht faoi gheasa mé. Bhi mé faoi dhraíocht agus bhí orm mo chuid féin di a bheith agam.

Nuair a d’fhill mé abhaile ba chúis ríméid dom go raibh mé ábalta Raidió na Gaeltachta a aimsiú ó mhaidin go hoíche, ón Luan go dtí an Domhnach, ar an idirlíon agus rinneadh éisteoir rialta díom. Níor thuig mé mórán ar dtús ach ba chuma liom mar thaitin na fuaimeanna liom. Gan mhoill, thug mé focail agus nathanna cainte liom anseo agus ansiúd.

An samhradh sin, tháinig scoláire óg ó Chorcaigh le bheith ag obair i dteach tábhairne O’Regan’s. Chuaigh a dhíograis agus a ghrá don teanga i gcion go mór orm. Théinn ansin luath, roimh na seisiúin, agus mhúineadh sé cúpla focal dom. Ba eisean a mhúin mo chéad amhráin Ghaeilge dom, “Trasna na dTonnta” agus “Amhrán na bhFiann”. Cheannaigh mé mo chéad uirlisí foghlamtha, Teach Yourself Irish agus Pimsleur Irish, agus thosaigh mé ag obair liom féin. Ba ghearr gur thuig mé go raibh struchtúir ghramadaí an-chasta sa Ghaeilge, nach mbeadh sé éasca í a fhoghlaim agus go dtógfadh sé neart ama agus diongbháilteachta chun mo chuid féin a dhéanamh di.

Cuairt eile ar Éirinn

Thug mé aghaidh ar Éirinn den dara huair san fhómhar agus chuaigh go dtí an leithinis cháiliúil sin, an Daingean, mar theastaigh uaim cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht. Sa Daingean, san óstán “An Droichead Beag”, chuala mé an sean-nós beo den chéad uair. Thit mé go mór i ngrá arís agus bhí mé leagtha amach ar an nGaeilge a fhoghlaim. Faoin am seo, bhí a fhios agam nach bhféadfainn é sin a dhéanamh liom féin a thuilleadh. Bhí cabhair ag teastáil uaim. Mar sin, bheartaigh mé dul isteach i gComhrá i Montreal (www.comhra.org). Bíonn ranganna neamhfhoirmeálta ar siúl ag an eagraíocht sin ar an Luan ar feadh dhá uair an chloig, ó Mheán Fómhair go Bealtaine. Buaileann cuid de na baill le chéile i rith an tsamhraidh chun leanúint leis an gcleachtadh. Tá na múinteoirí díograiseach, cé gur foghlaimeoirí cuid acu féin.

Tá múinteoir nua agam ó Eanáir 2004, Baile Átha Cliathach a bhfuil Gaeilge álainn aici agus grá fíréanta don teanga. Tá dul chun cinn iontach á dhéanamh agam mar tá sí foighneach agus spreagúil. Cuireann sí spéis ionainn agus tá modhanna cruthaitheacha múinteoireachta aici.

Go mion minic bíonn an staidéar ar an nGaeilge uaigneach agus bíonn bacanna i gceist, go háirithe i gcathair mar Montreal. Cén fáth? Is minic duine ag obair leis féin mar bíonn sé deacair deis a fháil labhairt le duine a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus is gá bheith in ann cleachtadh. Measaim go bhfuil sé de dhualgas ar chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhfuil grá acu don teanga agus dea-scéala na teanga a chraobhscaoileadh mar tá neart daoine ann nach bhfuil a fhios acu go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeilge ann ar chor ar bith. Ná bac leo siúd gur cuma leo faoin teanga.

Éistím le Raidió na Gaeltachta agus féachaim ar TG4 ar an idirlíon – is uirlisí iontacha iad sin. Éistím le dlúthdhioscaí chomh maith agus léim leabhair a cheannaím ó Chló Iar-Chonnachta. D’fhreastail mé ar dhá dheireadh seachtaine lán-Ghaeilge. B’onóir do Chomhrá, a d’eagraigh ceann na bliana anuraidh, go raibh an craoltóir agus an t-amhránaí cáiliúil Máirtín Tom Sheáinín mar chuairteoir againn.

Is iomaí cuairt atá tugtha agam ar Éirinn na blianta deireanacha seo agus tá tréimhsí caite agam i nGaeltacht Chonamara, áit a mbíonn deis agam i gcónaí mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Ní raibh an t-ádh orm freastal ar ranganna sa Ghaeltacht go dtí seo ach, ar amharaí an tsaoil, bhuail mé le cainteoirí Gaeilge agus bímid i dteagmháil lena chéile ar an idirlíon.

Tá mé buíoch go bhfuil feabhas ag teacht ar mo chuid Gaeilge an t-am ar fad. Geallaim dom féin go leanfaidh mé dá foghlaim mar tá baothdhóchas agam dul chun cónaí, chun oibre agus chun grá trí Ghaeilge in Éirinn go deireadh mo shaoil. Lá éigin, cloisfear mo chuid amhrán as Gaeilge, le cúnamh Dé!

Mar fhocal scoir, caithfidh mé a admháil go bhfuil mé in éad le muintir na Gaeltachta agus leo siúd a bhfuil bua luachmhar na teanga acu. Ná déanaigí dearmad gur linne í agus go mairfidh sí má úsáidimid í i dtólamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.