CÚINNE NA nEALAÍON
Ceisteanna móra na beatha á gcíoradh ag Ang Lee
Pat Butler Pat Butler

Is breá le Pat Butler saothar an scannánóra Ang Lee agus haon eisceacht an scannán is déanaí uaidh.

Íomhá
Íomhá
Radharc ón scannánSe, jie
Íomhá
Ang Lee, stiúrthóir an scannáin

Shanghai na bliana 1938 faoi arm forghabhála na Seapáine. Iarrtar beart urghnách ar ghnáth-ógbhean. A miseanan namhaid a mharú. Nochtann seisean a chroí dicailleann sise a hanam leis.

Is fada ó chonac scannán a bhain na cosa mothálacha díom chomh haclaí is a rinne an cruthú ealaíonta is déanaí chugainn ó Ang Lee, “Se, jie” / “Lust, Caution”, Drúis, Sainamhras”, mar a shamhlaím sa Ghaolainn é.

Fiú is an focaldrúisroghnaithe anois díreach agam, leor mar aistriú é ar se na Mandairínise. andúil chollaí i gceist, ar neoin, ach craos don mbeathasa bhrí chomh maith. Mar an gcéanna le jie. meon aigne na stuamachtalaistigh denamhrascéanna sa tSínis. Más puzal focal é teideal an scannáin, oibrítear an dúcheist amach sa scannán féin tríd síos, go dtí go scaoiltear na mhistéir ar deireadh. Léiriú é seo ar an seanpharadacsa nach nochtar sa scannán faisnéise go hiondúil ach na fíricí, is gur tríd an scannán ealaíne is fearr a láimhseáiltear na fírinní a líonn go deimhin faoi bhun na bhfíricí céanna.

Cad é mar raon samhlaíochta atá sa mhála ag Ang Lee. Meallann réalachas draíochtaCrouching Tiger, Hidden Dragon” (2000) isteach san fhinscéalaíocht mheánaoiseach sinn. Dán don ngrá spioradálta idir beirt bhuachaillí is eaBrokeback Mountain”, (2005). Is nár thug Ang Lee ómós don gcultúr coiteann chomh maith sa scannánThe Hulk” (2003). Anois eipic spíodóireachta 257 nóiméad ar fhad ceardaithe aige, eipic a fhiosraíonn fadhbanna móra na beathaionannas agus ionracas, dílseacht agus brath, dáiríre agus cur i gcéill, idéalachas agus féiníobairt, grá agus drúis, cruálacht agus séimhe, an fhírinne agus an bhréagcad atá fíor, cad atá falsa?

Muna bhfuil easpa téama arSe, jie”, an éiríonn leis mar scannán? criticeoirí in adharca a chéile faoin gceist sin. mór an scaifte atá gafa go compordach ar an gclaí. Siúd isteach ar pháirc na himeartha , camán fíorach i mo ghlaic, díocas ionam don mbáire.

Shanghai na Síne, 1938, faoi smacht fhórsaí forghabhála na Seapáine. Mac léinn óg soineanta ina céad seimeastar is ea Wong Chi Chi. Isteach léi go cúthalach sa Chumann Drámaíochta Ollscoile faoi stiúir Kuang Yo Min. Díograiseoir náisiúnach is ea an fear óg dóighiúil seo. onóir na máthairthíre salaithe ag Rialtas Comhoibríoch na Síne. Cuireann an chuallacht dráma ar siúl a mhúsclaíonn tírghrá sa lucht féachana. Ina ról stáitse bláthaíonn Wong Chi Chi. Claochlaíonn an cailín tútachtagann in inmhe laistiar den masc.

Gníomh reibiliúnachNí leor ina dhiaidh sin don chuallacht an pholaitíocht stáitse. in am dóibh gníomh reibiliúnach a chur i gcrích. Cinntear ar Aire sa Rialtas Comhoibríoch, Mr. Yee, a fheallmharú. Chuige sin, cruthaíonn Wong Chi Chi an ról is dainséaraí a ghlacfaidh riamh, an péiceallán Mrs. Mak. Sa bhréagriocht sin, gheobhaidh entre i mbeanthaighleach Mr. Lee. Meallfaidh chun leapa é, agus go ball éigin lasmuigh de champún gardaithe an Rialtais. Ann a dhéanfaidh fir na cuallachta é a bhású ar son onóra na Síne.

Socraíonn isteach go cáiréiseach laistigh de thaighleach an Aire mar chuid de chomhluadar tís bhean chéile a creach.

neosfad puinn eile faoin bplota féin, ach, ambaiste, níl drogall ar bith orm an scannán seo a mheasúnú mar ócáid chineama shainiúil, is mar léiriú eile ar cheardaíocht shnasta Ang Lee.

Mairimid sa scannán seo in aimsirshuimiúil”. an saol as riocht. Laistigh den champún beantaighleach Mr. Yee de shíor ag imirt mahjongcluiche boird a bhfuilcogadh cathartha táblamar leasainm air. Fiú i measc sochaí shaorga na n-úillíní óir seo, feistithe i bhfaisean an Iarthair, an tsifil seaifil de shíor ar stocaí níolóin is a nganntanas, comhcheilg san aer. Sracfhéachaintí eolasacha, mídhiscréideacha nótálta, cluichí beaga cumhachta á n-imirt eatarthu féinmeafar ar bhristeacht na tíre lasmuigh.

Tugann ceamara Rodrigo Prieto Shanghai na mblianta buile sin chun beatha. Seo ceannchathair Áiseach, suite ar an trasnú idir Oirthear agus Iarthar. buaite ag an iarthar. Allabhair ar shochaí faoi scáth an choilíneachais láithreach, agus an ceann a d’imigh roimhe, a chruthaíonn

Prieto agus Lee dúinn. Sochaí nach seasfadh ar ball tar éis ollscartaire Mao na siúlóide fada. Agus nach ait ach gur tionscnamhath-Áisithea chuir gaoth an leithscéala i seolta na Seapáine, marmhíniúar a n-ionradh náireach ar an tSín.

glóire an scannáin seo fírinne na gcarachtar a thiomáineann an t-aicsean tríd síos. idir bhrúidiúlacht agus fhoréigean sa chéad mhír ghnéis idir Mr. Yee agus Mrs. Mak. Éigniú míthrócaireach a imrítear ar an mbean bhocht. an dubh ag Wong Chi Chi creach ina dhiaidh sin, nach ionadh. Ach, agus seo an cnámh spairne is agus an cheist mhorálta is bunúsaí sa scannán, músclaítear mianta collaí paiseanta in Mrs.Mak céastúnach. An léiriú é ar thruailliú Wong Chi Chi ina bréagriocht Mrs. Mak, agus is ceist fhíor-mhíchompordach í seoan é go bhfuasclaítear dúil a bhí ina suan in Wong Chi Chi a thugann an cruthú bréige Mrs. Makceaddi fiosrú? Dúil a scanraíonn ar dtús í, is a alpann í ar deireadh.

Claochlaíonn an gaol idir an dhís de réir a chéile. Idir Wong Chi Chi agus an aghaidh fidil a chaitheann mar Mrs. Mak: an gaol idir Mrs. Mak / Wong Chi Chi ( acu?) agus Mr. Yee.

Cad atá fíor? Cad atá falsa?

gach duine sa scannán seo, idir fhíor is bhréagach, i bpríosún. Príosún an champúin. Príosún an chluiche atá á imirt acu. Agus, ar deireadh, príosún mór na Síne, ar a bealach chunsaoirseMao.

Is ansa liom aon scannánóir a fhiosraíonn téamaí móra na beatha, is a fhágann na dúcheisteanna céanna fúinn féin le hoibriú amach.

Cúig réalta, agus fós ag comhaireamh.

*Cliar *

Tang Wei: Wong Chi Chi/Mrs. Mak

Tony Leung: Mr. Yee

Wang Leehom: Kuang Yo Min

Foireann

Ceamara: Rodrigo Prieto

Stiúrthóir: Ang Lee

Is as Corcaigh é Pat Butler agus is láithreoir agus tuairisceoir sinsearach é le RTÉ. Ag tús 2007, ceapadh é ina Iriseoir Cónaithe, Scoil na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.