CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An tÉan Cuideáin a Shaoradh as an nGaráiste
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Le cróise, madraí, nó le cibéard eile, is dóigh le Roseanne Smith go meallfar gach geek garáiste amach faoin aer le breathnú ar an saol mór ina dtimpeall.

Íomhá
Daina Taimina, Ollscoil Cornell, lena fear céile (Phil Boswell a tharraing ar Vicipéid)
Íomhá
Míneadas
Íomhá
Margaret Wertheim ag caint ag TED 2009 (le Erik Charleton, Vicipéid)

Is cuimhin liom blianta ó shin gur léirigh mo dhearthair a mhíshásamh leis an idirlíon, ag rá faoin mbealach a dtaispeántaí sna meáin é: “Cén fáth go léirítear i gcónaí é le daoine i mbun gníomhaíochta? Ag léimt san aeir? Le cuma ridirí rollercoaster orthu? Ag baint taitnimh as an saol amuigh faoin aer?” Déanta na firínne, dar leis, is i seomraí beaga sa dorchadas a tharla na miongníomhartha a bhain leis an saol seo ar líne. Téacs aimrid don chuid is mó a bhí i gceist san idirlíon ag an am, le corrphictiúr, chun triomacht an fhásaigh a éascú agus a bheochan.

Bhí an ceart aige, nó, cuid de. Ach le borradh faoi ríomhairí cumhachta, fóin chliste, banda leathan ag druidim ar uileláithreacht agus leis na meáin sóisialta, tá ré an geek sa gharáiste thart. Rinne mé cur síos cúpla mhí ó shin ar Foursquare, cluiche chun líonra sóisialta a ligean do dhaoine stádas agus pointí a bhailiú de réir mar a thugann siad cuairt ar ionaid éagsúla timpeall a gcathrach. (Agus ritheann sé liom anois gur dhéan mé glan dearmad mo phointí a bhailiú do Centra is mé ag ceannach an nuachtáin ar maidin!)

Plancast

Tá suíomh eile anois ar fáil ar a dtugtar Plancast. Ligeann an suíomh seo duit do chuid pleananna a chraoladh leo siúd a bhfuil síntiús glactha le do phróifíl, nó le haon duine a bhreathnaíonn ar do phróifíl. Tá neart Éireannach á úsáid cheana féin ag roinnt eolais faoi chomhdhálacha, léachtaí, ceolchoirmeacha agus faoi imeachtaí sóisialta. Tarraingeoidh neart de na himeachtaí seo geek ar bith amach as an ngaráiste!

Ar ndóigh, seo feidhm amháin de chuid Facebook a oibríonn thar barr freisin. Ligeann Facebook don úsáideoir imeachtaí a chruthú, idir phríobháideach agus phoiblí go hiomlán. Toisc bunús galrach Facebook, is féidir aíonna a bhailiú gan stró do chuile imeacht a fhad is a ligeann tú do na haíonna an imeacht a roinnt lena ngréasáin féin. Más mian leat, is más fiú é, is féidir fógra a cheannach ar an líonra seo chun an imeacht a fhógairt díreach leo siúd a bhfuil spéis acu ina leithéid. Is féidir costas ticéid nó dhó a chaitheamh ar fhógra thar thréimhse ama agus srian iomlán a choinneáil ar an mbuiséad. Is féidir imeachtaí ceoil a fhógairt ar Last.fm freisin agus iad a roinnt thar ghréasáin sóisialta eile.

Eventrite agus Event Elephant

Is ag caint faoi thicéid a dhíol, tá neart feidhmeanna gréasáin ar fáil a ligean don eagraí ticéid a dhíol nó a scaipeadh. Tá úsáid bainte agam féin as Eventbrite cheana agus tá sé an-chumhachtach.

Ligeann an feidhmchlár gréasáin seo don eagraí imeachtaí gach eolas faoin imeacht a chur ar fáil in aon áit amháin le URL saincheaptha, léarscáil agus eolas úsáideach eile. Tá córas slán íocaíochta ar fáil agus gearrann Eventbrite céatadán beag ar gach ticéad a dhíoltar. Is féidir r-phost meabhracháin a chur chucu siúd a chláraigh agus is féidir an imeacht a roinnt thar líonraí sóisialta eile agus ar shuíomhanna gréasáin le cód leabaithe curtha ar fáil don eagraí. Tá an comhlacht Event Elephant ag soláthar seirbhíse cosúil leis seo agus tá oifig acu anseo in Éirinn. Is fiú tacú leo mar sin, má tá siad ag fostú daoine abhus! Ní féidir liom Event Elephant a mholadh bealach amháin nó bealach eile, tharla nár bhain mé triail as an tseirbhís go fóill.

Nuair atá cibé imeacht gur spéis leat faoi lán seol is féidir eolas faoin imeacht a roinnt ar an bpointe trí théacs, griangraif agus fís sruthaithe ag úsáid na líonraí gréasáin Twitter, Facebook, Flickr, Pix.ie *agus *Qik faoi seach. Nuair atá an imeacht thart roinntear an t-ábhar seo is a léirmheasanna ar na líonraí sóisialta arís is ar bhlaganna, suíomhanna léirmheasa agus ar na líonraí sóisialta. Léann daoine eile faoi agus tosnaíonn an ciorcal ag casadh thart arís.

An Chróise

Bealach amháin i mo shaol féin ar tháinig an teicneolaíocht agus an saol réadúil lena chéile ná trí crochet. Thosaigh mé an chróise arís i ndáiríre timpeall 5 bliana ó shin nuair a bhí mé ag téarnamh tar éis aipindicítis. Úsáidim Google Alerts chun eolas a bhailiú faoi áiseanna cróise ar líne. Leanaim cúpla ceardaí trí mo Reader agus ar Twitter. Tá an-spreagadh le fáil do chách ar líne, is cuma más é cróise, nó madraí, nó cócaireacht an t-ábhar spéise atá acu. Tá dreamanna ar Facebook, líonraí ar Ning, liostaí ar Twitter, físeanna foghlamtha ar YouTube, VideoJug, ailt mínithe ar Wikihow is ar uile.

Thuig mé i 2008 go raibh níos mó ag baint leis an scil nuair a léigh mé sa Times Online faoi matamaiticeoir ón Laitvia, Daina Taimina, a bhí ag úsáid a scileanna cróise “to create a model of hyperbolic space”. De réir an ailt seo, ní raibh aon bhealach eile ach tríd an gcróise chun samhail mar seo a chruthú. Chonaic mé fís de Margaret Wertheim ag caint ag TED anuraidh, 2009, faoin mbealach ar bhain sise úsáid as cróise chun deilbh agus fás coiréil a thaispeáint. Spreag an obair is an chaint seo daoine fud fad na cruinne. Is féidir breathnú ar líne ar Sceir Choiréil déanta as Cróise Hipeairbóileach a rinne dream as Sydney na hAstráile. Tá siad á húsáid chun aird a tharraingt ar na bagairtí ar scéir choiréil na hAstráile. Ach is meafair é don chomhshaol atá faoi bhagairt agus scileanna atá faoi bhagairt ar ndóigh. Tá roinnt físeanna ar YouTube den Chróise Hipeairbóileach seo, chomh maith le patrún, le fáil ar líne freisin.

Tá sceir choiréil á cruthú anseo in Éirinn faoi láthair a bheidh le feiceáil sa Science Gallery i dteannta leis an sceir idirnáisiúnta ó 20 Márta go 28 Bealtaine: cuir r-phost chuig info@sciencegallery.com le tuilleadh eolais a fháil nó páirt a ghlacadh i gcruthú na sceire. Beidh Margaret Wertheim í féin ag caint ag TEDx Dublin sa *Science Gallery *12 Márta is beidh ticéid ar fáil ón gcéad lá Márta. Ná habair nár tharraing an t-idirlíon an t-éan cuideáin amach as an ngaráiste riamh!

Naisc: http://www.youtube.com/watch?v=wIm38GuJwNE&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=jqrKUBw6VP4Cróise ag Laura Walsh http://aranbrew.blogspot.com/ http://plancast.com/http://twitter.com/eventritehttp://www.eventelephant.com/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.