122
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid. An mbeidh páiste eile ag Carla Bruni nó nach mbeidh? Ba leamh le PJ Mac Gabhann roinnt de scéalta gan téagar na meán thall.
»»»Caitheann Breandán Delap a shúil ar na ciallachais atá i dTuarascáil An Bord Snip Nua don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge.
»»»Chas Orla Ní Threasaigh, mac léinn cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, leis an Dr. Daniel Bourgeois saineolaí ar theangacha mionlaithe, sa Spidéal le déanaí tar éis dó léacht phoiblí a thabhairt ar “Stiúradh na scoileanna lán-gaeilge: Dúshláin & Riachtanais”.
»»»Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa, shéid an ghaoth is thit sé ar an talamh, tháinig amach an tseanbhean bhuí, is nuair chonaic sí HD ina luí, “anois” a deir sí, “ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, thú a chur ar ais arís mar a bhí!” - Na pictiúir dhaite a bhí breactha ar iarsma Bhalla Bherlin ó briseadh é, scuabadh den bhalla iad le huisce te ar na mallaibh. Ní gach éinne atá sásta. Tá an scéal ag Ciara Nic Gabhann.
»»»Chaith Balor cúpla lá pléisiúrtha i measc réaltaí na Gaeilge ag an Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá an mhí seo caite.
»»»Tá teannas láidir idir na Maoraigh agus Rialtas na Nua-Shéalainne le roinnt míonna anuas, ó cuireadh sceimhlitheoireacht i leith baill de threibh na Tūhoe. Cúlra an scéil ó Ruth Nic Giolla Iasachta.
»»»Clár raidió a thug ar Tony Birtill súil a chaitheamh ar cheisteanna an Drochshaoil le déanaí. Ba mhaith leis aitheantas cuí a thabhairt don mhilliún Éireannach a tháinig i dtír ina chathair féin, Learpholl, i rith an Drochshaoil.
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse thaitneamhach i nGaeltacht na hAlban níos luaithe i mbliana.
»»»Tá Íte Ní Chionnaith go láidir den tuairim go ndéanfaidh sé an-dochar do leas na hÉireann tromlach de vótálaithe na tíre vótáil ar son Chonradh Liospóin.
»»»Tá leidí ag Roseanne Smith le thú a chur ag ceannach, nó ag díol, fút is tharat, ach ar leath an chostais a íocadh roimhe seo. Tá an comharcheannach ag déanamh dul chun cinn mar a bheadh loscadh sléibhe tríd an idirlíon.
»»»Bhí Colm Ó Snodaigh an-tógtha le cuid ceoil The Boomtown Rats agus é ag éirí aníos agus bhí áthas nuair a fuair sé deis bualadh le Bob Geldof agus le ball eile den ghrúpa i mbliana.
»»»Bhí Niamh Ní Shúilleabháin ag dearcadh isteach i scéal Mhuintir Coderdojo agus i scéal a mbunaitheora, James Whelton.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.