CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Mapáil: an todhchaí
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

De thairbhe go bhfuil leithéidí GPS, GoogleMaps agus Loopt ar fáil go fairsing, níl aon leithscéal agat a bheith caillte a thuilleadh. Insíonn Diarmuid Mac Mathúna dúinn faoin teicneolaíocht seo agus faoi OpenStreetMap, an córas mapála foinse oscailte a bheidh ar fáil saor in aisce go deo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Bhí comhdháil ar ar tugadh State of the Map ar siúl i Luimneach le gairid

Má bhí tú i Luimneach an mhí chaite, gach seans go bhfaca tú radharc an-ait: bhí go leor daoine ag dul timpeall na cathrach go mall le gléasanna GPS agus leabhair nótaí ina lámh acu. Creid é nó ná creid, bhí siad ag cruthú léarscáil chuimsitheach de Luimneach a chuirfear ar fáil saor in aisce ar an idirlíon.

Tá a fhios agam cad í an chéad cheist atá agat: "nach bhfuil léarscáil de Luimneach ar fáil cheana féin?" Bhuel tá, cinnte. Ach is cosúil nach bhfuil a leithéid de rud agus léarscáil de chathair Luimnigh atá ar fáil 100 faoin gcéad saor in aisce. Cé go bhfuil léarscáil foilsithe ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, mar is gnách i gcás gach áite in Éirinn, caithfidh tú cead speisialta a fháil chun an léarscáil sin a úsáid. Agus iontas na n-iontas, tá léarscáileanna curtha ar fáil ag Google freisin. Is beag suíomh taistil nach bhfuil nasctha le GoogleMaps.com. Cé go bhfuil an tseirbhís sin ar fáil saor in aisce faoi láthair, ní fios an mbeidh Google chomh flaithiúil céanna amach anseo ó thaobh ábhar atá faoi chóipcheart acu a roinnt saor in aisce.*OpenStreetMap * Ba le teacht timpeall ar shrianta ar úsáid a bunaíodh OpenStreetMap (www.openstreetmap.org) in 2004, is é sin, bunaíodh é chun go bhféadfadh aon duine cabhrú le léarscáil d’áit ar bith ar domhan a chruthú. Vicipéid do léarscáileanna atá sa suíomh seo, lena dtugtar deis do dhaoine teacht le chéile chun ceantar a mhapáil agus léarscáileanna úra a chruthú. Tá an cur chuige foinse oscailte seo radacach ó thaobh léarscáileanna de toisc go dtugann sé deis do dhaoine eagarthóireacht a dhéanamh ar an eolas agus é a thabhairt cothrom le dáta go tapa.Ar ndóigh, braitheann an saghas seo tionscnaimh ar dhea-thoil an phobail, mar ní gá a rá nach mbeadh mórán fiúntais ag baint le léarscáil mhíchruinn. Braitheann fiúntas léarscáile ar fhuinneamh na ndaoine atá ina bun freisin, mar shampla, níl gach sráid i mBaile Átha Cliath ar an léarscáil fós. Cabhraíonn imeachtaí mar an chomhdháil State of the Map a bhí ar siúl i Luimneach le déanaí ó thaobh an dea-thoil agus an díograis a spreagadh atá riachtanach do rathúlacht an tsaghais seo tionscnaimh.

Is acmhainní iad léarscáileanna leictreonacha atá ag éirí níos áisí gach lá. De thairbhe go bhfuil córas suite domhanda (GPS) ag beagnach gach tiománaí tacsaí i mBaile Átha Cliath, tá sé i bhfad níos simplí anois tiomáint timpeall na hardchathrach – go háirithe más é an ceann scríbe atá i gceist ná áit i gceantar "nua" atá lán d’árasáin nuathógtha agus de bhóithre atá díreach cosúil lena chéile. Tá fóin phóca á ndíol anois lena bhfuil micrishlis GPS ar fáil freisin. Mar shampla, is féidir cnaipe a bhrú ar an iPhone nua de chuid Apple chun léarscáil den cheantar ina bhfuil tú a fheiceáil. Ní oibríonn sé go cruinn i gcónaí, ach má bhíonn tú foighneach go leor, tagann léarscáil ó Google chun cinn ar an scáileán agus is féidir íomhánna satailíte den cheantar a fháil freisin.BogearraíTáimid dulta i dtaithí ar léarscáileanna a úsáid ar an tslí seo, ach is iad na bogearraí atá ar fáil ar ghléasanna mar an iPhone atá ag léiriú na tábhachta úire a bhaineann le léarscáileanna.Tá Google chun tosaigh ón taobh seo de freisin: cuireann siad ríomhchlár beag ar fáil a chabhraíonn leat teacht ar sheirbhísí atá in aice leat. Má chlóscríobhann tú an focal "pizza", mar shampla, taispeánfar duit ar an léarscáil suíomh na mbialann Iodálacha atá cóngarach don áit a bhfuil tú. Ach tá iomaíocht ag Google sa réimse seo: leis an ríomhchlár Loopt, is féidir fáil amach cá bhfuil do cuid cairde ag aon am (agus a rá leo cá bhfuil tú féin). Agus le NearPics, taispeántar duit bailiúchán grianghraf a glacadh san áit a bhfuil tú i do sheasamh. De réir dealraimh, níl aon teorainn ar shamhlaíocht an lucht teicniúil ó thaobh na bhféidearthachtaí a bhaineann le léarscáileanna agus GPS ar fhóin phóca.

Is cinnte go mbeidh ról tábhachtach ag acmhainní foinse oscailte mar OpenStreetMap amach anseo – go háirithe nuair a bheas táillí arda i gceist ar úsáid seirbhísí úra ar nós Loopt. Mar is eol d’aon tiománaí tacsaí, cosnaíonn sé cuid mhór airgid faoi láthair léarscáileanna do ghléasanna GPS a thabhairt cothrom le dáta. I gceann cúpla bliain, b’fhéidir, beimid in ann na costais sin a sheachaint trí úsáid a bhaint as léarscáileanna foinse oscailte. Ach b’fhéidir gur fiú sean-léarscáil pháipéir a choinneáil sa charr ar eagla go mbeidh tú faoi dheifir – ní gá a bheith ag brath ar cheallraí agus a leithéid agat!

Tá an gramadóir "Ceart" a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú doiciméid Gaeilge a chinntiú go huathoibríoch foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá an leagan Apple Mac de "Ceart" ar fáil cheana féin agus tá an leagan Windows le foilsiú go luath chun dul i bpáirt leis an litreoir GaelSpell.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.