CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ag obair ón bhaile
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor

Tá na costais arda teileachumarsáide agus an líon íseal tithe a bhfuil ceangal leathanbhanda acu ag cur bac ar fhás na teileachomaitéireachta in Éirinn, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Smaoinigh ar an cheist seo: cé hiad na daoine is mó a bhfuil cion agat orthu sa domhan seo? Nuair a bheas tú sínte ar leaba an bháis, cé hiad na daoine a mbeidh aiféala ort nár chaith tú níos mó ama leo i rith do shaoil? Gach seans go dtabharfadh an chuid is mó againn na freagraí céanna: tuismitheoirí, clann, deartháireacha agus deirfiúracha, céilí, leathbhádóirí, dlúthchairde. Ach níl a fhios agam cé mhéad duine a dhéanfadh a gcuid comhoibrithe a áireamh i measc na ndaoine is mó a bhfuil urraim acu dóibh. Samhlaigh an fear nó an bhean bhocht, ar an dé deiridh, ag rá i nguth lag: “Is mór an trua nár chaith mé níos mó ama le mo chomhghleacaithe. Dá mbeadh a fhios acu an méid ceana atá agam orthu …”

Tá sé íorónta, mar sin, go gcaitheann oiread daoine fásta a bhfuil post lánaimseartha acu céatadán chomh hard sin dá saol ní leis na daoine is mó a bhfuil dáimh acu leo ach leo siúd a bhíonn ag bun an liosta de ghnáth: a gcomhghleacaithe. Gan trácht ar na daoine a roinneann siad an bus, traein nó mótarbhealach leo agus iad ar a mbealach chun na hoibre nó ag filleadh abhaile.

Níl sé ró-iontach gur mar sin atá cúrsaí ach, ar a laghad, a bhuíochas ar theicneolaíocht nua-aimseartha na ríomhaireachta agus na cumarsáide, tá an teileachomaitéireacht ann chun rogha a thabhairt do dhaoine ar mian leo post lánaimseartha a bheith acu gan a saol a chaitheamh san oifig nó ag taisteal idir í agus an baile.

Deir Telework Ireland (www.telework.ie)), cumann proifisiúnta a bunaíodh i 1993, go gcuireann an teileachomaitéireacht – is é sin, bheith ag obair achar áirithe ó d’fhostóir nó do chliaint, sa bhaile, ar an bhóthar, nó in ionad éigin áitiúil – ar chumas daoine bheith ag obair beagnach áit ar bith, a fhad is go bhfuil ríomhaire, líne theileafóin agus meaisín facs ar fáil ansin.

Measann Roinn Iompair na Stát Aontaithe go raibh timpeall 15 milliún Meiriceánach i mbun teileachomaitéireachta sa bhliain 2002, agus go bhfuil an líon seo ag fás suas le 20% sa bhliain.

Luann an Roinn na buntáistí a bhaineann leis an teileachomaitéireacht, ina measc: táirgiúlacht níos fearr i measc oibrithe – idir 15 agus 20% de ghnáth; laghdú idir 25 agus 90% ar chostais ag baint le háiteanna oibre; níos mó ama saor ag oibrithe, rud a théann chun sochair an teaghlaigh; níos lú truaillithe de bharr laghdú bheith sa líon daoine atá ag tiomáint chuig an obair.

De réir staitisticí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh i mí Feabhra 2003, bhí 38,700 duine, nó 2.3% den lucht oibre, i mbun na teileachomaitéireachta in Éirinn. Bhí 15,300 den dream seo lonnaithe i gceantar Bhaile Átha Cliath. De réir dealraimh, tá a bhformhór faoi 44 bliain d’aois.

Na príomhchúiseanna nach bhfuil borradh faoin teileachomaitéireacht in Éirinn ná go bhfuil costais teileachumarsáide ard agus nach bhfuil fáil ag go leor daoine ar an leathanbhanda. Rinne an brúghrúpa IrelandOffline suirbhé níos luaithe i mbliana, mar shampla, i measc 30 tír de chuid na hEagraíochta um Chomhoibriú agus um Fhorbairt Eacnamaíoch, nó an OECD, agus ba í Éirinn an 27ú tír ba chostasaí as na cinn a bhí mar chuid den suirbhé.

Na postanna is oiriúnaí

Gan amhras, tá postanna áirithe níos fóirsteanaí don teileachomaitéireacht ná mar atá cinn eile. Measann Work at Home Success, eagraíocht teileachomaitéireachta Mheiriceánach, gur seo na postanna is oiriúnaí: cuntasóir, colúnaí, scríbhneoir scripteanna fógraíochta, eagarthóir, taighdeoir, scríbhneoir teicniúil, athscríobhaí, aistritheoir, teicneoir seirbhísithe ríomhairí, riarthóir bunachar sonraí, ealaíontóir grafach, dearthóir suíomh gréasáin, gníomhaire eastáit, agus gníomhaire taistil.

Is fir iad 26,100 (67%) de na teileachomaitéirí

Is mná iad 12,600 (33%)

Tá 39.5% de na teileachomaitéirí ina gcónaí i gceantar Bhaile Átha Cliath

Bíonn 46.5% de na teileachomaitéirí ag obair ón bhaile

Tá cailíocht tríú leibhéal ag 72% de na teileachomaitéirí (41% an figiúr i measc oibrithe na tíre i gcoitinne)

Oibríonn na teileachomaitéirí 43.5 uair sa tseachtain ar an mheán (37 uair a oibríonn an dream nach teileachomaitéirí iad)

Tá 83.2% de na teileachomaitéirí idir 20 agus 44.

Ar ndóigh, nuair a smaoiníonn daoine ar an teileachomaitéireacht, tá an claonadh acu díriú ar na rudaí dearfacha ar fad. An tsolúbthacht! An sócúl! Ag ól caife i do phitseamaí, ag clóscríobh leat go sona ar do ríomhaire cois tine, a fhad is atá daoine a oibríonn in oifigí ag slaparnach trí phoill uisce ar a mbealach chuig stop an bhus. Tá roinnt rudaí ar gá a bheith cúramach fúthu, áfach, le cinntiú go n-éireoidh leat do chuid oibre a dhéanamh go héifeachtach sa bhaile: caithfidh an spás bheith oiriúnach – níor cheart do dhuine bheith ag obair i seomra leapa nó sa chistin, mar shampla; ní mór duit deasc agus cathaoir cheart a bheith agat (níl sé inmholta an ríomhaire bheith ar do ghlúine agat an lá ar fad, mar shampla).

An rud is tábhachtaí, áfach, ná go mbeadh an té atá i mbun teileachomaitéireachta ábalta deighilt a dhéanamh idir an “obair” agus an “baile”. Tá sé riachtanach an teorainn sin idir an dá áit a leagan síos chun a chinntiú go mbeidh an táirgiúlacht agus caighdeán na hoibre go maith. Lena chois sin, tá sé tábhachtach an deighilt a chothú chun gur féidir leat siúl ar shiúl ó do phost ag deireadh an lae oibre. Mura ndéanann tú amhlaidh, ní bheidh aon difear idir an obair agus an baile, agus bheadh sé chomh maith agat bheith ar ais i do sheanáit oibre arís.

Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag múineadh Béarla agus damhsa. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus iarchéim sa Bhéarla ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.