AR NA SAOLTA SEO
An Lucht Oibre: Páirtí ar Strae?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Cuirfear tús an bhliain seo chugainn le sraith comórthaí éagsúla ar a tharla sa tír seo céad bliain ó shin, thuaidh is theas. Tá bunú an Lucht Oibre mar pháirtí nua polaitíochta, ar ceann de na ócáidí stairiúla a bheas le comóradh. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go mb’fhearr le cuid de Airí Rialtais an Lucht Oibre nach mbeadh aon chomóradh ann!

Íomhá
Dealbh Larkin ag gríosadh cuimhne na ndaoine
Íomhá
Séamas Ó Conghaile a maraíodh ar son 'carnival of reaction'
Vicipéid
Íomhá
Michael D.
le Derek Nolan ar Vicipéid
Íomhá
Seosamh Ó hUiginn, leagan amach a mheabhrú don phobal
Íomhá
Ruairí Quinn, Oideachas & Scileanna
le Scoláire ar Vicipéid
Íomhá
Richard Boyd Barrett, an Pobal roimh Bhrabús

Beidh Páirtí an Lucht Oibre 100 bliain d’aois go gairid. Ag Comhdháil Ceardchumann na hÉireann a tionóladh i Halla an Bhaile i gCluain Meala sa mbliain 1912, mhol James Connolly an rún go mba cheart structúr polaitiúil a bhunú le hionadaíocht a dhéanamh ar son aicme oibre na hÉireann. Glacadh leis an rún agus cé nár cuireadh an structúr ar bun i gceart go dtí 1914, glactar leis gurb é 2012 an bhliain leis an comóradh 100 bliain a dhéanamh.

Tá údar ag an Lucht Oibre a bheith caithréimeach na laethanta seo. Tá 37 Teachta Dála ag an bpáirtí, an líon is mó riamh ag an bpáirtí sa Dáil. Anuas ar sin, d’éirigh le iarrthóir an Lucht Oibre, Micheal D. Higgins, os cionn milliún vóta a fháil, le bheith tofa ina Uachtarán le gairid. Cuirfidh Micheal D. Higgins go mór leis an gcomóradh oifigiúil, de bharr a chomhbhá leis an bhfealsúnacht polaitíochta a bhí san intinn ag bunaitheoirí Pháirtí an Lucht Oibre 100 bliain ó shin.

Ach d’fhéadfadh an comóradh seo níos mó dochar ná maitheas a dhéanamh don Lucht Oibre ar an gcúis seo: tabharfaidh sé neart deise do Joe Higgins ón bPáirtí Sóisialach, Richard Boyd Barrett ón gComhghualaíocht Aontaithe ar Chlé agus do Gerry Adams ó Shinn Féin a mheabhrú don phobal gur mór an difríocht idir an leagan amach atá ag an Lucht Oibre i 2012 faoi cheannas Gilmore agus Burton agus an leagan amach a bhí ag an bpáirtí a bhunaigh Connolly agus Larkin.

An Lucht Oibre sa gComhrialtas

Tá teipthe go tubaisteach ar an Lucht Oibre tionchar a imirt ar an gcomhrialtas. Tá beartas airgeadais agus geilleagair faoi smacht daingean ag Airí Fhine Gael. Breathnaíonn urlabhraithe an Lucht Oibre truamhéileach ar an dteilifís agus iad ag iarraidh leithscéal a dhéanamh faoi na ciorruithe a bheas á gcur i bhfeidhm acu. Beidh na ciorruithe céanna ag luí go trom ar na daoine is mó a thugann tacaíocht don Lucht Oibre agus ar gheall Gilmore dóibh, le linn an fheachtais toghcháin, go dtabharfadh an Lucht Oibre cosaint dóibh, dá mbeidís i rialtas. Tá siad sa rialtas ach níl siad ag seasamh leis na geallúintí toghchánaíochta. Ar an láimh eile, tá Fine Gael ag déanamh cinnte de go gcomhlíonfar an gheallúint a tugadh don dream is saibhre sa tír, ’sé sin nach mbeidh orthu aon cháin bhreise a íoc ar an ardioncam a fhaigheann siad.

Cloistear chuile lá faoi na tuarastail thar cuimse atá á bhfáil ag na daoine ar bharr an státchórais: na stáitseirbhísí is airde, na polaiteoirí, na breithimh, na comhairleoirí leighis sna hotharlanna, lucht ceannais na n-eagraíochtaí stáit, na habhcóidí a bhí agus atá ag obair ar na binsí fiosraithe éagsúla. Tá Fine Gael ag fógairt nach n-iarrfar ar na daoine sin aon chianóg bhreise cánach a íoc ar an ioncam ard atá acu ón stát.

Ar €100,000+

Tá ciall leis an méid a dúirt Mary Lou Mc Donald (Sinn Féin) ar Frontline an oíche faoi dheireadh: in am an ghátair níor cheart don Státchiste a bheith ag íoc níos mó ná €100,000 le aon duine atá ag obair sa státchóras - na Airí, An Taoiseach agus an tUachtarán san áireamh.

Tá sé sách dona go mbeadh go leor daoine sa státchóras ar ioncam €100,000+ ach ar a laghad tá na daoine sin ag obair don airgead a fhaigheann siad. Ceist eile ar fad na daoine a d’éirigh as an státchóras le pinsean os cionn €100,000 sa mbliain. Tá 250 acu ann, más fíor do thuairisc an Irish Times (30 Samhain). Tá 13 iar-bhreitheamh ar pinsean €100,000+ ina measc. D’éirigh an Rúnaí ar Roinn an Taoisigh as a chuid oibre níos túisce i mbliana le pinsean bliantúil de €142,670! Tá Ard-Rúnaí an Roinn Oideachais le héirí as a cuid oibre go gairid ar pinsean €100,000+, gan í ach i lár na gcaogadaí.

Tá éigeandáil sa tír seo agus caithfear an cheist a chur: an acmhainn don stát a bheith ag íoc pinsin mar sin le duine nach bhfuil ag obair? An bhfuil aon stát eile san Eoraip a bhíonn chomh fial flaithiúil le hiarpholaiteoirí agus le hiar-ardstátsheirbhísigh?

Má tá dúnghaois Shinn Féin róradacach don Lucht Oibre, céard faoi dhúnghaois an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm maidir le ráta níos airde Cáin Ioncaim a bhualadh ar na daoine seo a bhfuil an iomarca airgid á shú acu ón gCiste Náisiúnta. B’shin a bhí á mholadh ag Éamonn Gilmore le linn an fheachtais toghchánaíochta, mura raibh dul amú orm. Ach ar ndóigh, ghéill an Lucht Oibre don mhaistíneacht ó Fhine Gael, a thug geallúint sollúnta dá lucht tacaíochta nach n-ardófaí na rátaí cánach ar an dream siúd atá ar ardioncam!

Bhí alt ag Vincent Browne ar an Irish Times an 23 Samhain a thug le fios go bhfuil beagán le cois 190,000 duine nó cúplaí ar comh-mheasúnú cánach le ioncam ag £80,000 nó níos mó agus gurb é an meánioncam atá acu ná €143,390, Ní íocann siad ach 33% de sin leis na Coimisinéirí Cánach. Is léir gur daoine iad san a bheadh in acmhainn beagán le cois a íoc ar ais leis an státchiste. Dá n-íocfaidís €5,000 sa mbreis ar an meán leis na Coimisinéirí Ioncaim, thabharfadh sin thart ar billiún breise isteach sa státchiste. Ní beag an méid é agus thabharfadh sé le fios do na daoine atá ag fulaingt na gciorruithe go bhfuil níos mó á bhaint ón dream is saibhre.

An Lucht Oibre ar Strae

Níl aon locht agam ar an Lucht Oibre a bheith sa Rialtas le Fine Gael, dá mbeadh ag éirí leo beartais bhunúsacha an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm ar an rialtas, Ag an bpoinnte seo, tá beagán amhrais orm faoi chinnirí an Lucht Oibre, go speisialta na hAirí atá sa gcomhrialtas: an gcreideann siad go pearsanta sna beartais atá ag an bpáirtí, lena bhfuil siad ceangailte?

Mar shampla an gcreideann siad i “Labour’s Plan for Fairness in Education” atá ceaptha a bheith i bhfábhar córas oideachais a thabharfaidh an seans céanna do chuile dhuine “of realizing their full potential”? Má chreideann siad sa mbeartas sin go pearsanta, cén fáth a mbeadh triúr de Airí an Lucht Oibre sa rialtas seo ag iarraidh buntáistí breise dá gcuid páìstí, tré scolaíocht a roghnú dóibh ar scoileanna iarbhunoideachais a éilíonn táillí breise? Leis na táillí breise seo, bíonn na scoileanna don uasal aicme in ann múinteoirí breise a fhostú thar an méid a bhíonn ceadaithe sna scoileanna ar a mbíonn ar gach duine eile freastal. Domsa is tréas é sin go mbeadh Airí ón Lucht Oibre ag cur a gcuid gasúr ag scoileanna le táillí. Is mar a chéile é agus duine a bheith in aghaidh sclábhaíocht i Meiriceá go teoiriciúil sa 19ú aois ach ag coinneáil sclábhaithe ag an am céanna ar an eastáit nó sa teach.

An bhfuil prionsabal sóisialach ar bith ag na daoine seo nó an bhfuil siad imithe chomh fada ar strae is gur chúis náire dóibh na bunphrionsabail a bhí ag James Connolly, Jim Larkin agus William O Brien, nuair a shocraíodar 100 bliain ó shin i gCluain Meala, go mba cheart Páirtí an Lucht Oibre a bhunú. Cuirfear ceisteanna crua an bhliain seo chugainn ar Éamonn Gilmore, Pat Rabbitte, Joan Burton, Ruairí Quinn agus ar Bhreandan Howlin faoin áit a ndeachaigh siad ar strae. B’fhéidir go mb’fhearr le cuid acu gur ag comóradh an Titanic seachas ag comóradh bhunú an Lucht Oibre, a bheidís an bhliain seo chugainn! Mar is cinnte go mbeidh spallaí á gcaitheamh leo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.