AR NA SAOLTA SEO
Athleasú ar Sheirbhísí Dlí
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad lucht sainte áirithe a bhochtaigh an tír, an lucht dlí. Beidh orthu a bpunt feola féin a ghéilleadh faoi dheireadh thiar thall ar ordú ó dhream níos santaí iad féin, an CAI.

Íomhá
Meá na Córa, Caisleán Átha Cliath
Íomhá
In Áth Cliath
Íomhá
Óstaí an , ionad oiliúna na n-abhcóidí
Íomhá
Teach na Cúirte, sa Chabhán

Rinneadh dlí sa Róimh sa bhliain 204 RCh a cuireadh cosc ar abhcóidí airgead a ghlacadh ar son a gcuid seirbhísí. raibh dlí na Róimhe ach ina thús, ach is léir gur mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí ó shin. Is i ngeall ar mhéad na gcostas dlí atá rún ag an Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter, athleasuithe móra a chur ar sheirbhísí dlí in Éirinn.

Ba iad na binsí fiosrúcháin a léirigh go grod don phobal na táillí ollmhóra a bhaineann abhcóidí na tíre seo amach. Chuir fearg ar dhaoine nuair a tháinig chun solais go raibh an stát ag íoc na mílteuró in aghaidh an lae as seirbhísí an lucht dlí. De réir an iriseora le RTÉ, Feargal Keane, dúirt máistir fómhais de chuid na gcúirteanna leis gur ar mhaithe leis an chúlú gheilleagair atá costais na n-abhcóidí tite ó chúig mhíle sa go ceithre mhíle sa . Ach bhí a fhios ag an tsaol mhór roimhe sin go bhfuil seirbhísí dlí ríchostasach in Éírinn agus go minic, nach mbíonn a fhios ag an chliant roimh cén costas a bheidh leis na seirbhísí. Uaireanta, téann na táillí in airde agus gan aon tsoiléire, cén fáth. go hannamh a cheapann daoine go bhfuil an dlíodóir ag baint faide as an chás ar mhaithe le tuilleadh airgid a shaothrú.

Nuair a pléadh an cheist seo ar an Frontline le déanaí luadh cás a bhain le huacht a shocrú agus a raibh táille de €126,000 i gceist. Bíonn cásanna dlí teaghlaigh go dona ar fad, uaireanta bíonn táille de mhilliúnuro i gceist. Fágtar an cliant gan pingin rua i roinnt cásanna agus bíonn air feidhmiú ar a shon féin sa deireadh. Agus is cosúil go gcuireann roinnt dlíodóirí brú ar an chliant gan labhairt amach faoi na costais.

Costais an tSotail

D’fhoilsigh an tÚdarás Iomaíochta tuarascáil ar chostais dlí sa bhliain 2005. Mhaígh siad go raibh seirbhísí dlí róchostasach agus go raibh athleasú mór de dhíth ar leagan amach agus ar rialú na gairme dlí in Éirinn. Léirigh an Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais roinnt blianta ó shin go raibh costaisí ag dul in airde go róghasta i réimse an dlí. Mhol siadsan fosta go gcuirfí athruithe i bhfeidhm. Anuas air sin na costais a íocann an stát as seirbhísí dlí léirithe ag an Choiste um Chuntais Phoiblí le fada an . Ach níor tharla tada in ainneoin na dtuairimí seo.

Níor cuireadh aon bhroslú sa scéal seo go dtí gur tháinig an CAI chugainn anuraidh. Bhí athleasú na seirbhísí dlí i measc na gcoinníollacha a chur siad ar rialtas na hÉireann. raibh aon rogha ag an rialtas ach tabhairt faoin cheist seo. D’fhoilsigh Alan Shatter an Bille um Rialáil Seirbhísí Dlí an mhí seo caite. I measc na n-athruithe leagtha amach go mbunófar údarás nua, an tÚdarás Rialála um Sheirbhísí Dlí, a bheidh freagrach as an lucht dlí a rialú. Cuirfidh seo deireadh leis an chóras féinrialaithe atá ann faoi láthair. Leagfaidh an tURSD córas nua gearáin amach agus córas nua cleachtais i dtaobh cúrsaí dlí.

Beidh feidhm ag an údarás nua in oiliúint dlíodóirí fosta. mar sprioc ag an Aire deireadh a chur leis an mhonaplacht atá ann faoi láthair maidir le cúrsaí oiliúna. De réir an chórais nua, beidh ar dhlíodóirí costais a fhógairt go cruinn roimh . Agus beidh níos éasca fosta athrú ó dhlíodóir amháin go dlíodóir eile. féidir le duine den phobal abhcóide a earcú go díreach faoi láthair. Is dlíodóir a fháil ar dtús. Cuirfear deireadh leis an tsrian seo fosta.

Imní

hiontas ar bith é go bhfuil an lucht dlí ag cur in aghaidh na n-athruithe atá molta ag an Aire Dlí. fheidhmíonn an córas nua mar atá ceaptha ag Alan Shatter, tiocfaidh titim shuntasach ar na táillí a bhaineann na dlíodóirí amach. Ach deir an lucht dlí nach bhfuil siad glan i gcoinne athruithe ach go measann siad go mbeidh caidreamh ródhlúth idir an rialtas agus an t-údarás nua agus go bhféadfadh rialtas brú a chur ar ghairm an dlí amach anseo, rud a chuirfeadh bac orthu dul in aghaidh an stáit i gcásanna áirithe.

Is fíor go bhfuil lochtanna ar an bhunchreat rialaithe atá glactha ag rialtas na hÉireann i dtaobh do leor réimsí. Bíonn an-chumhacht ag an Aire in go leor cásanna agus bhíonn an deighilt cheart idir an rialtas agus na húdaráis rialála. Ach is ceist í seo a bheidh orainn a shocrú amach anseo.

Ar bhealach dochreidte go bhfuil costais seirbhísí dlí chomh hard is atá siad is é an stát an ceannaitheoir is de sheirbhísí dlí. Meastar go gceannaíonn gníomhaireachtaí stáit thart ar leathchuid de sheirbhísí dlí in Éirinn. Cheapfá mar sin go mbeadh an stát in ann brú a chur ar na díoltóirífaoi mar a dhéanann macasamhail Tesco leis na feirmeoirí. Ach mar sin atá. Is cosúil nach gcuireann an stát mórán dua air féin le luach airgid an cháiníocóra a fháil. Ar ndóigh, hiad an lucht dlí atá freagrach as an locht seo. Nuair a ghlac an rialtas le cabhair ón CAI, thiomnaigh siad go gcuirfí bearta i bhfeidhm a chinnteodh go bhfaighfí luach maith i gceannach seirbhísí dlí.

An Dea-fhocal in Áit an Chúitimh

costais na seirbhísí amháin, ar ndóigh, a chuireann isteach ar an phobal. Nuair a dhéanann dlíodóir feall ar chliant is beag faoiseamh a fhaigheann an cliant seo ó Dhlí-Chumann na hÉireann. Faigheann siad litir bhog mhúinte ach go hiondúil sin a bhfaigheann siad. hiontas ar bith é sin is comhlacht ionadaíoch é an Dlí-Chumann a oibríonn ar son na ndlíodóirí féin. Is léir gur theip ar an fhéinrialú agus cuireadh deireadh leis tamall maith ó shin i ngach gairm bheatha eile.

Is cinnte go bhfuil athleasuithe móra ar sheirbhísí dlí ag tástáil go géar. I ngeall ar an chumhacht stairiúil atá ag gairm an dlí, d’éirigh léi na hathruithe móra a cuireadh ar ghairmeacha eile le glúin anuas a sheachaint. Sa atá inniu ann bíonn oscailteacht agus freagracht ón phobal, agus bíonn daoine ag lorg rogha agus luach a gcuid airgidrudaí, is léir, nach bhfuil le fáil faoi láthair.

Is trí na seirbhísí dlí a thig le daoine a gcearta a chosaint agus cothrom na Féinne a fháil. seirbhís de dhíth a bhfuil teacht níos éasca ag daoine uirthi agus atá ar fáil ar chostas measartha cothrom. Níl ó dhaoine ach an méid atá ar fáil i réimsí eile. Ach ar feadh i bhfad an lucht dlí i bhfolach taobh thiar gcuid nósanna ársa is gcuid cleachtas doiléir. a bport seinnte an iarraidh seo áfacha bhuíochas don CAI!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.