147
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ceapadh Tim Collins, seinnteoir consairtín den chéad scoth, le déanaí mar Scoláire Fulbright, rud a chiallaíonn go mbeidh sé ag tabhairt aghaidhe ar Nua-Eabhrac go luath le tosú ag léachtóireacht ar cheol dúchasach na hÉireann ansin. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin scoláireacht spéisiúil seo.
»»»Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na sé cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar Í Cholm Cille i dtús an tsamhraidh. Ceistíonnn sé an nósmhaireacht atá Comhairle Chontae na Gaillimhe, gan aitheantas a thabhairt do leaganacha Gaeilge na mbailte fearann sa Ghaeltacht.
»»»Deir Donncha Ó hÉallaithe nach n-athróidh mórán de thoradh an olltoghcháin ag deireadh thiar thall agus go n-íocfaidh An Lucht Oibre as dul i gComhrialtas le Fine Gael.
»»»Bíodh meas againn ar an ‘minic a thig’ a deir Roseanne Smith linn. Is é sin, ar an ríomhphost agus cá mbeimis dá uireasa? Tá sé díreach agus bíonn sé dírithe ar dhuine amháin, nó ar shlua, ach caithfear fanacht taobh istigh den dlí ina thaobh. Tá a leithéid de reachtaíocht i bhfeidhm agus ba cheart cuimhneamh ar an méid sin.
»»»Tá cinneadh an-tábhtachtach le déanamh maidir le cé a bheas i gceannas ar chúrsaí slándála i dTuaisceart Éireann sa todhchaí ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, ní hé an Stát-Rúnaí nua a dhéanfaidh an cinneadh sin ach an fear ar tháinig sé i gcomharbacht air.
»»»Bunaíodh Rua Telecom an bhliain seo caite chun seirbhís teileafóin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Ruairí Ó Néill, faoi na cuspóirí atá acu.
»»»Déanann Natasha Evans cur síos ar Ghaelscoil Lios na nÓg i mBaile Átha Cliath, scoil atá lonnaithe i seanfhoirgneamh stairiúil a bhfuil droch-chaoi air agus ar gá leathmhilliún euro a chaitheamh chun bail a chur air.
»»»Is iomaí uair ó ré Shuibhne Geilt i leith ar bhain aos ealaíne feidhm as an ghealach agus as solas na gealaí ina saothar. Tá cuntas ar an obair sin ag Ciara Nic Gabhann.
»»»Cothaíonn Gradaim na Réaltaí go leor conspóide gach bliain ach tá Colm Mac Séalaigh go mór i bhfábhar na scéime.
»»»Den chéad uair riamh, mhol an SDLP agus Sinn Féin i mbliana do náisiúnaithe an tuaiscirt na foirmeacha daonáirimh a líonadh. Dá bharr seo, ní bheidh an míchruinneas céanna ag baint leis na torthaí is a bhí go dtí seo. Tuairisc ó Robert McMillen.
»»»Tá cur síos ag Tony Birtill an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain dó agus é ar chúrsa i sléibhte na hAlban.
»»»Rinneadh Staidéar Tionchair Teanga le déanaí chun an éifeacht a bheadh ag tógáil eastáit nua tithíochta ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an nGaeilge a mheas. Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim, áfach, go bhfuil laigí móra ag baint leis an staidéar seo.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.