CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Nasrúidín
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Nasrúidín agus an Rí

Chaith Nasrúidín tamall sa phríomhchathair. Ach níor thaitin sé rómhór leis. Bhí an iomarca tráchta i mBagdad, dar leis. Tháinig sé abhaile agus bhí na comharsana go léir ar bís.

‘Bhí tú i mBagdad?’

‘Bhíos, by dad!’

‘Cad a chonaic tú?’

‘Go leor!’

‘Cad a chuala tú?’

‘Go leor!’

‘Cad d’ith tú?’

‘Go leor!’

‘Cad - ?’

‘Is leor sin!’

Bhí an oiread sin ceisteanna acu!

‘Tabhair seans dom!’ arsa Nasrúidín.

Agus thug. Bhí ciúnas ann - ar feadh fiche nóiméad!

Ansin, d’oscail Nasrúidín a bhéal.

‘Chonaic mé an Rí!’ ar seisean.

‘An Rí? An Rí? Mar mhagadh atá tú!’

Bhí sceitimíní ar gach duine.

‘Agus ar labhair sé leat?’ arsa duine de mhuintir an tsráidbhaile agus a bhéal ar leathadh aige.

‘Labhair!’

‘Labhair an Rí le Nasrúidín! Labhair an Rí le Nasrúidín!’

Ní fhéadfadh siad é a chreidiúint.

‘Agus cad dúirt sé leat?’

‘Tabhair seans dom,’ arsa Nasrúidín.

Agus thug. Bhí ciúnas ann - ar feadh fiche nóiméad. D’oscail Nasrúidín a bhéal ansin.

‘Sea, go deimhin, labhair an Rí liom. “As mo shlí, a stumpa amadáin!” ar seisean liom.’

Nasrúidín agus an tAsal

Tháinig comharsa le Nasrúidín go dtí an doras.

‘An dtabharfá an t-asal ar iasacht dom, a Nasrúidín, maith an fear.’

‘Faraor! Thugas ar iasacht d’fhear eile ar maidin é, is baolach!’ arsa Nasrúidín.

‘Ó …’ arsa mo dhuine.

Agus an chéad rud eile thosaigh an t-asal ag grágaíl sa stábla.

‘Hath? Nach gcloisim ag grágaíl é!’ arsa an chomharsa.

‘Cé a chreideann tú,’ arsa Nasrúidín, ‘mise nó an t-asal?’

Nasrúidín i nGrá

Nuair a bhí Nasrúidín óg thit sé i ngrá. Ach ní raibh a thuismitheoirí sásta. Ní raibh aon chreideamh ag an gcailín!

‘Caithfidh tú labhairt léi faoi Dhia!’ arsa a mháthair.

‘Go deimhin!’ arsa an t-athair. ‘Múin cúpla paidir di!’

‘Tá go maith!’ arsa Nasrúidín. ‘Fág fúmsa é!’

Shiúil siad amach ar feadh míosa agus ní raibh d’ábhar comhrá acu ach Dia.

Tráthnóna amháin tháinig Nasrúidín abhaile agus na deora leis go fras.

‘Cad tá cearr leat, a stór?’ arsa a mhamaí.

‘Tá mo ghrá bán imithe uaim!’

‘Conas san?’ arsa a mhamaí.

‘Chuaigh mé thar fóir ar fad leis an gcaint sin ar Dhia! Níl aon ní a shásódh anois í ach a bheith ina bean rialta!’

I nGrá Arís!

Thit Nasrúidín i ngrá arís. An uair seo bhí sé ag siúl amach léi ar feadh trí bliana. Fatima ab ainm di. Bhí sí go hálainn. Bhuel, dúradh go raibh sí go hálainn. Ní fhaca Nasrúidín di ach na súile.

‘Bhí taibhreamh agam aréir,’ arsa Nasrúidín.

‘An raibh anois?’ arsa Fatima.

‘Bhí - agus an bhfuil a fhios agat, sa taibhreamh sin bhí mise agus tusa pósta ar a chéile. Cén bhrí a bhainfeá as sin?’

‘An bhrí a bhainimse as sin,’ arsa Fatima, ‘ná gur mó an chiall atá agat agus tú i do chodladh ná i do dhúiseacht!’

Bhí cóisir ar siúl an oíche sin agus bhí Nasrúidín agus Fatima i láthair. Thosaigh Nasrúidín ag caint le scata leaideanna agus bhíodar go léir ag gáire faoi rud éigin. Tháinig a chailín suas chuige agus ar sise, ‘Chuala mé an focal “óinseach”, a Nasrúidín, ‘tá súil agam nach ag tagairt domsa a bhí tú?’ Thit tost ar an gcomhluadar. Bhí na leaideanna ag féachaint ar Nasrúidín. Cad déarfadh sé?

‘Dhera éirigh as, a chailín, an gceapann tú gur tusa an t-aon óinseach ar an mbaile seo?’

Bhailigh Fatima léi agus stuaic uirthi, ní nach ionadh. Níor dhein na leaideanna ach gáire fúithi. Ach ghlac duine de chairde Nasrúidín trua don chailín bocht.

‘Ba cheart duit meas níos mó a bheith agat ar na mná,’ ar seisean. ‘Cá mbeimis murach na mná?’

‘Bheimis fós i nGairdín Éidin!’ arsa Nasrúidín. Ach ansin, ghlac seisean trua di chomh maith. Sall leis. Leag sé lámh ar a gualainn.

Chas Fatima timpeall agus deora ina súile.

‘A Nasrúidín, a thaisce, gheobhainn bás ar do shon! Tá’s agat é sin.’

Geallúintí, geallúintí!’ arsa Nasrúidín.

(Nárbh é an bligeard é).

Gadhar Nasrúidín

Bhí Nasrúidín ag maíomh as an ngadhar nua a bhí aige.

‘An-ghadhar go deo!’ ar sé lena chara, an breitheamh. ‘Ní ligfeadh an gadhar sin gadaí i bhfoisceacht scread asail den tigh! Bíonn a fhios againn i gcónaí nuair a bhíonn gadaithe thart.’

‘Tosaíonn sé ag drannadh is ag tafann is dócha?’ arsa an breitheamh.

‘Ní hea - léimeann sé isteach sa leaba linn!’

Nasrúidín sa Siopa

Shiúil Nasrúidín isteach i siopa lá amháin chun turban nua a fháil dó féin. Bheannaigh an siopadóir go béasach dó.

‘An bhféadfainn cabhrú leat, a dhuine uasail?’

‘Nóiméad beag amháin,’ arsa Nasrúidín. ‘Chonaic tú ag siúl isteach sa siopa seo mé ó chianaibh, nach bhfaca?’

‘Chonaic, a dhuine uasail. Chonaic.’

‘Agus ní fhaca tú riamh cheana mé, an bhfaca?’

‘Ní fhaca, a dhuine uasail. Ní fhaca.’

‘Cá bhfios duit mar sin,’ arsa Nasrúidín, ‘cá bhfios duit gur duine uasal mé?’

Cuairt eile ar Bhagdad

‘Tá tú ar ais, a Nasrúidín. Céad míle fáilte romhat!’ arsa fear an óstáin.

‘Bí tíosach, a dhuine. Ná bí caifeach. Is leor míle fáilte!’ arsa an saoi.

‘Míle fáilte mar sin! Gan dabht, a Nasrúidín. Tá sé ráite agat. Míle míle fáilte!’

‘Míle amháin, le do thoil.’

‘Rud ar bith is mian leat! Rud ar bith! Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt ar Bhagdad agus go mbraithfidh tú ag baile linn.’

Chuir Nasrúidín púic ar a mhalaí.

‘Ag baile?’ ar seisean. ‘Ag baile, a deir tú? Sin an fáth ar fhágas an baile, ab ea?!’

Nasrúidín agus an Fheadóg

Mheas Nasrúidín go ndéanfadh sé maitheas dó gléas ceoil a fhoghlaim. Cheap a bhean gur smaoineamh maith ab ea é leis. (B’fhéidir má bhíonn feadóg ina bhéal aige go stopfaidh sé ag caint, ar sise ina haigne féin).

Rinne Nasrúidín coinne le ceoltóir mór le rá.

‘Is mian liom an fheadóg a fhoghlaim uait,’ ar seisean. ‘Cén táille a ghearrann tú?’

Trí bhonn airgid an chéad mhí,’ arsa an múinteoir, ‘agus ansin dhá bhonn airgid an dara mí.’

‘Go maith,’ arsa Nasrúidín, ‘tosóidh mé leis an dara mí más é do thoil é.’

Nasrúidín agus an Treabhsar

Chuaigh Nasrúidín ag ceannach treabhsair dó féin. D’athraigh sé a intinn. Cheannaigh sé clóca ina áit.

Bhí an praghas céanna air. Amach leis arís.

‘Hóigh!’ a ghlaoigh an siopadóir ina dhiaidh. ‘Níor íoc tú as!’

‘Ach d’fhágas an treabhsar agat. Tá an praghas céanna air is atá ar an gclóca.’

‘Ach níor cheannaigh tú an treabhsar ach an oiread.’

‘An as do mheabhair atá tú? Cén fáth a gceannóinn rud nach bhfuil uaim?’

Tinneas Fiacaile

‘Táim ag fáil bháis!’ arsa Nasrúidín lena chara, an breitheamh.

‘Bhuel,’ arsa an breitheamh, ‘nuair a bhíonn tinneas fiacaile ormsa is é an rud a dheinim ná dul abhaile agus síneadh siar ar an tolg; tugann mo bhean barróg dom agus pógann sí go dlúth mé agus sa tslí sin deinin dearmad ar an bpian …’

‘Ó, go hiontach,’ arsa Nasrúidín, ‘an mbeadh sí sa bhaile faoi láthair?’

*Is údar agus aistritheoir é Gabriel Rosenstock agus eagarthóir leis an nGúm i mBaile Átha Cliath. Foilsíodh a leabhar taistil, *Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (Cló Iar-Chonnachta) in 2003 agus an cnuasach dánta Krishnamurphy ambaist’ (Coiscéim) in 2004.

Is iad Coiscéim foilsitheoirí an leabhair Nasrúidín.

Gluais • Glossary

athinsintretelling

ar dhlúthchuid de theagasc na Súifeach iad tráthwhich were once an integral part of the Sufis’ teachings

an iomarca tráchtatoo much traffic

ar bíson tenterhooks

sceitimínírapturous excitement

ar leathadhwide open

as mo shlíout of my way

a stumpa amadáinyou out-and-out fool

ar iasachton loan

is baolachI’m afraid

ag grágaílbraying

go frascopiously

thar fóirover the top

taibhreamhdream

brímeaning

i do dhúiseachtawake

cóisirparty

scata leaideannaa crowd of lads

óinseachfoolish woman

ag tagairt domsareferring to me

stuaicsullen appearance

ní nach ionadhnot surprisingly

truapity

murach na mnáif it wasn’t for the women

Sall leis.Over he went.

a thaiscemy dear

geallúintípromises

ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog

breitheamhjudge

gadaíthief

i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house

ag drannadhsnarling

ag tafannbarking

go béasachpolitely

ó chianaibha while ago

tíosachsparing

caifeachwasteful

saoiwise man

agus go mbraithfidh tú ag baileand that you’ll feel at home

púicfrown

malaíeyebrows

maitheasgood

gléas ceoilmusical instrument

coinneappointment

táillefee

trí bhonn airgidthree coins

as do mheabhairmad

breitheamhjudge

tinneas fiacailetootache

tolgcouch

barróghug

deinin dearmad ar an bpianI forget the pain

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.