TEANGA AGUS CULTÚR
Borradh faoi Ghaelscoil Lios na nÓg
Natasha Evans Natasha Evans

Déanann Natasha Evans cur síos ar Ghaelscoil Lios na nÓg i mBaile Átha Cliath, scoil atá lonnaithe i seanfhoirgneamh stairiúil a bhfuil droch-chaoi air agus ar gá leathmhilliún euro a chaitheamh chun bail a chur air.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An staraí William Lecky: chónaigh sé i dTeach Fheadha Cuilinn sa nao haois déag

Bunaíodh Gaelscoil Lios na nÓg i 1996 agus 21 páiste ar na rollaí. Tá fás suntasach tagtha uirthi ó shin i leith agus i mbliana tá 199 dalta ag freastal ar an scoil.

Is é aidhm na scoile ná oideachas foirfe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, in atmaisféar spreagúil agus cúramach. Bíonn ceol, amhránaíocht, damhsa, drámaíocht agus ealaín ar fáil agus glacann na daltaí páirt i gcineálacha eagsúla spóirt. Is scoil iontach é Lios na nÓg, agus mothaíonn tú atmaisféar sona oibre nuair a shiúlann tú trí dhoras na scoile.

Tá suíomh buan againn don scoil i dTeach Fheadha Cuilinn ar Bhóthar Oakley i Raghnallach, bruachbhaile atá tuairim is ar dhá mhíle ó lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Is seanteach stairiúil é Teach Fheadha Cuilinn, atá liostaithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Faoi láthair tá seomraí ranga san íoslach, ar an bhunurlár agus in dhá sheomra réamhdhéanta sa chlós.

Is foirgneamh an-suimiúil é Teach Fheadha Cuilinn a bhfuil stair fhada ag baint leis. Tógadh é san 18ú haois agus chónaigh pearsana cáiliúla as an traidisiún náisiúnach agus aontachtach ann i gcaitheamh na mblianta.

Fuair an Dr. Bartholemew Mosse, a bhunaigh Ospidéal an Rotunda, bás ann i 1759. In 1833, cheannaigh John Lecky an teach mar áit chónaithe dá theaghlach agus tógadh an staraí cáiliúil William Edward Hartpole Lecky (1838 - 1903) ann.

D’oscail Pádraig Mac Piarais an chéad scoil dhátheangach in Éirinn, Scoil Éanna, sa teach i 1908. Nuair a bhog sé an scoil go Ráth Fearnáin i 1910, osclaíodh scoil do chailíní, Scoil Íde, i dTeach Fheadha Cuilinn. (Bhí Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh ar dhuine de na múinteoirí a bhí ag obair ansin.) Bhí oifig ann ag Michael Collins i rith Chogadh na Saoirse agus chuir na Dúchrónaigh an teach trí thíne i 1921.

Thug Margaret Pearse, deirfiúr Phádraig, Teach Fheadha Cuilinn don Stát i 1960 ach thit an foirgneamh i ndroch-chaoi. I 1987, tháinig grúpa oibre áitiúil le chéile chun an teach a shábháil agus chun ionad cultúrtha agus sóisialta, a reáchtálfaí trí mheán na Gaeilge, a chur ar fáil don phobal don todhchaí. Bhí sé mar aidhm freisin ceangal a dhéanamh idir an dá thraidisiún in Éirinn. Anois, tá daltaí as aon chultúr déag éagsúla ag freastal ar Lios na nÓg agus tá sé mar chuspóir ag an scoil ceiliúradh a dhéanamh orthu go léir agus aitheantas a thabhairt dóibh.

Sa bhliain 1997 a bhog Gaelscoil Lios na nÓg go dtí an teach. Anois tá tuilleadh spáis de dhíth ar an scoil mar gheall ar í bheith ag fás oiread. Tá an scoil ar bharr an liosta tógála ag an Roinn Oideachais go fóill agus ní fios cathain a chuirfear an t-airgead ar fáil. Mar sin de, tá an príomhoide, an Bord Bainistíochta agus na tuismitheoirí ag iarraidh an t-airgead a bhailiú iad féin.

Tógfaidh sé breis is €500,000 an obair a chur i gcrích. Más rud é go bhfuil tú in ann cuidiú de chinéal ar bith a thabhairt nó urraíocht a dhéanamh ar chuid den obair, nó má tá smaointe agat ba mhaith leat a roinnt faoin tslí a mbeadh muid in ann an t-airgead seo a bhailiú, téigh i dteagmháil leis an phríomhoide ag gsliosnanog.ias@eircom.net nó tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na scoile ag www.gaelscoilliosnanog.com

Is as Dún na nGall í Natasha Evans ach tá cónaí uirthi anois i Raghnallach, in aice le Scoil Lios na nÓg. Tá páiste dá cuid ag freastal ar an scoil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.