AGALLAMH BEO
Antoine Ó Coileáin, Gael Linn
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.

Íomhá
Antoine Ó Coileáin, Gael Linn
Íomhá
Ag moltóireacht díospóireachtaí le Máire Ainiféin
Íomhá
Sr. Chonaill, Mór na Gaeilge
Íomhá
Antoine leis na sean-fhadcheirníní
Íomhá
Leis na mic léinn
Íomhá
Ag seoladh an leabhair chomórtha
Íomhá
Cuid den slua ar Mór na Gaeilge
Íomhá
na Rinne Rua, Ceathrú Thaidhg

CMacS: Ar mhaithe le lucht léite Beo, ar mhiste leat beagán a faoi do chúlra le do thoil?

AÓC: Rugadh i mBéal an Átha i gCo Mhaigh Eo agus is duine de sheisear clainne . Bleá Cliathach ab ea m’athair agus sa bhliain 1971 d’aistrigh an teaghlach ar fad go dtí Baile an Teampaill i mBÁC. Rinne an Ardteist i scoil De La Salle i mBaile an Teampaill agus ina dhiaidh sin d’fhreastail ar Choláiste Phádraig, Droim Chonrach le traenáil mar mhúinteoir bunscoile. Chaith cúig bliana ag múineadh i mbunscoil Bhaile an tSaoir, Baile Átha Cliath.

CMacS: as a dtáinig do shuim sa Ghaeilge?

AÓC: Is as ceantar breac-Ghaeltachta do mo mháthair agus bhí an-spéis sa Ghaeilge i gcónaí sa bhaile; bhíodh cuairteoirí ag teacht chuig an teach agus Gaeilge acu. Chaith seal sa Ghaeltacht i gCeathrú Thaidhg i Maigh Eo nuair a bhí i mo dhéagóir. B’shin tús ceart mo chuid suime sa Ghaeilge. Nuair a bhí i gColáiste Phádraig chaith me tréimhse thiar i gColáiste Lurgan i nGaeltacht Chonamarabhí sin an-taitneamhach.

CMacS: an ceangal le Maigh Eo tábhachtach duit?

AÓC: Cinnte dearfa. go bhfuil formhór mór mo shaoil caite agam i mBÁC, agus is breá liom an chathair agus muintir na cathrach, chuirtear ceist orm deirim i gcónaí gur de bunadh Mhaigh Eo .

Le Bord na Gaeilge

CMacS: Cén uair a chuaigh ag obair le Bord na Gaeilge?

AÓC: I 1980. B Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir isteach ar an bpostthaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh. Fostaíodh go lánaimseartha ansin ag Bord na Gaeilge.

CMacS: Agus ag obair le Bord na Gaeilge céard iad na cúraimí a bhí ort?

AÓC: Bhí an-éagsúlacht sna cúraimí oibre a bhí orm. Bhí Bord na Gaeilge sásta dul sa seans, seasamh amach ón slua, an Ghaeilge a chur an ar gclár náisiúnta más maith leat. Ceapadh i mo bhainisteoir rannóige. Bhí ag plé le cúrsaí oideachais agus le bunú an Chomhchoiste Réamhscolaíochta, le cúrsaí cumarsáide agus le Cúrsaí Stáit mar a thugtaí air ag an am, an cineál oibre a bhíonn ar siúl ag an gCoimisinéir Teanga anois. Ag an am sin, raibh reachtaíocht i gceist ach treoirlínte a bhí curtha i bhfeidhm ag an Aire, Micheál D Ó hUiginn. Bhí frustrachas uafásach ag baint leis an obair sin mar raibh dualgas ar aon duine aird a thabhairt ar na treoirlínte. Bhíodh muid ag scríobh, ag tuairisciú is ag gearán le ranna stáit ach snámh in aghaidh easa a bhí ann.Tuigim bhrí sin an frustrachas a bhí ar Sheán Ó Cuirreáin nuair nach raibh comhoibriú á fháil aige ó rannóga stáit. Sna 1990í bhí ag gabháil do na treoirlínte faoin dátheangachas sa tseirbhís phoiblí. B’shin iad na blianta ba mheasai ngleic leis an státchóras.

Le Gael Linn

CMacS: Cén uair a thosaigh ag obair le Gael Linn?

AÓC: Samhradh 2002 mar chomharba ar Herman Ó Briain as Camus.

CMacS: Sula bhfuair an post cén sórt eolais a bhí agat ar Ghael Linn mar eagraíocht?

AÓC: raibh an oiread sin eolais agam ar obair Ghael Linn. Ar scoil ghlac páirt i ndíospóireachtaí. Bhí cur amach agam ar chúrsaí ceoil tríd an gclár raidió agus sheinntí ceirníní Ghael Linn sa bhaile go minic agus ag fás aníos. Bhí an nuachtán Anois ann arna fhoilsiú ag Gael Linn. Bhí cur amach áirithe agam ar an eagraíocht nuair ba chomharsana muid i mBord na Gaeilge agus Gael Linn ar Chearnóg Mhuirfean.

CMacS: Céarbh iad na cúraimí a bhí ort nuair a thosaigh le Gael Linn?

AÓC: Bhí i bhfad níos le déanamh mar a shíl go mbeadh. Ag an am, bhí athruithe ar bun maidir le cúrsaí infheistíochta agus sealúchais. Bhí fiacha troma ar an eagraíocht agus na billí úis ag ardú. Bhí dhá fhoirgneamh i gCearnóg Mhuirfean le díol agus Seán Dunne ceaptha iad a cheannach. Ach, thit amach linn agus bhí cásanna ardchúirte á mbagairt ar a chéile. Bhí orm dul i ngleic leis an bhfadhb agus le Seán Dunne. Ach, réitíomar an cheist sa chaoi is nár ghá dul chun na cúirte. Ghlac sin mórchuid ama mar raibh taithí agam ar an gcineál oibre roimhe sin mar sheirbhíseach stáit. Baisteadh achrannach a fuair i saol an ghnó agus na tráchtála, thar oíche nach mór. Ach, an duine a bhí ina chathaoirleach ar Ghael Linn nuair a thosnaigh , Déaglán Ó hÓgáin, nach maireann, bhí sin ina chrann taca againn. Thug an-chúnamh dom sna blianta tosaigh sin.

CMacS: An raibh obair Ghael Linn ag dul ar aghaidh ag an am céanna?

AÓC: Bhí. Bhí Gael Linn díreach tosaithe ar shraith nua scéimeanna, oidhreacht Shlógadh más maith leatna míreanna ab fhearr ar éirigh leo ag Slógadh. Bhí Siansa díreach tosaithe, na féilte drámaíochta Coirm, féilte spóirt do ghasúir bhunscoile agus eile. In imeacht na mblianta táimid tar éis na scéimeanna sin a fhorbairt agus gné lárnach dár gcuid oibre a dhéanamh díobh.

An Ceol agus Lipéad Ghael Linn

CMacS: Céard faoi chúrsaí ceoil? An bhfuil aon ábhar nua ar na bacáin?

AÓC: Is foilsitheoir ceoil i gcónaí é Gael Linn. an lipéad ar marthain i gcónaí agus eisítear trí ceithre theideal in aghaidh na bliana. Mar gheall ar an gcomóradh seasca bliain a bhí ar siúl anuraidh d’eisíomar roinnt seancheirníní ón gcartlann arís. na teidil ar fad nach mór sa chatalóg ar fáil ar leithéidí iTunes anois freisin. Ach is maith linn an leagan crua a chur ar fáil chomh maith nuair is féidir.

dhá rud ar na bacáin díreach faoi láthair. Tarlaíonn gur ábhar iad a taifeadadh san am atá thart ach nár eisíodh riamh. Saothar le Seán Ó Riada is ea ceann acuceolchoirm a thug agus é ag seinm as féin ar an bpianó agus ar an gcruitchorda. Níor eisíodh ariamh é toisc gur cailleadh é go hóg. i gceist albam le hEithne Uallacháin, a bhíodh ag seinm leis an ngúpa ceoil Lúgh, a bhí réidh le heisiúint nuair a cailleadh í gan choinne, a chur amach i mbliana freisin.

CMacS: Cad iad príomhthosaíochtaí Ghael Linn ar na saolta seo?

AÓC: An príomhrud i láthair na huaire go bhfuil Gael Linn aitheanta mar cheanneagraíocht faoin gcóras nua maoinithe ag Foras na Gaeilge. I measc na gcúraimí a bheas orainn beidh an Ghaeilge agus oideachas in earnáil an Bhéarla agus sin ag teacht le scéimeanna atá againn cheana féin. Anuas air sin beidh freagracht orainn i leith oideachais do dhaoine fásta agus tacaíocht do mhúinteoirí (in áit Comhar na Múinteoirí). Beidh muid ag déanamh breis oibre sna réimsí sin chomh maith le forbairt a dhéanamh ar na deiseanna úsáide Gaeilge do dhaltaí scoile ón mbunleibhéal go dtí an tríú leibhéal, thuaidh agus theas. muid díreach tosaithe ar an obair phleanála agus ag déanamh idirphlé leis an bhForas maidir le hacmhainní foirne agus airgid. Seachas an méid sin, leanfaimid ag obair sna réimsí a bhí i gcónaí ann: an ceol, foilseacháin scoile, cistíocht bailiú airgid (ar mhaithe le foireann a fhostú) - níl ár ndóthain maoine/airgid againn agus bheidh go deo is dóigh!

Tús Maith & Spreagadh na nAontachtach

CMacS: An bhfáiltíonn roimh an leagan amach nua?

AÓC: Fáiltím roimh dheireadh an phróisis! Fáiltím roimh an gcinnteacht a thugann tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa cheo; cúig bliana as an straitéis fiche bliain don Ghaeilge. Bhí pianmhar mar phróiseas, ag plé le struchtúr na n-eagras is araile. Is mithid gníomhú anois ar bhonn comhaontaithe sula mbeidh rómhall. súil agam, leis an bhfóram comhpháirtíochta atá le bunú, go mbeidh comhphleanáil ar bun idir na heagraíochtaí agus go mbeimid ag obair as lámha a chéile.

CMacS: An fiú dul thart ag stocaireacht sna meánscoileanna faoi Dheis Breise na Gaeilge le haghaidh fostaíochta nuair nach mbeidh daoine in ann obair le heagras Gaeilge thar thréimhse trí bliana a leithéid?

AÓC: Níl an Foras ag a thuilleadh gur conarthaí trí bliana a bheas ag fostaithe agus bhrí sin éiríonn an cheist. Sílim gur fiú feachtas leanúnach a bheith ann chun daoine óga a spreagadh agus a chur ar na súile acu go bhfuil deiseanna tríd an Ghaeilge, nach ábhar staidéir gan mhaith í, gur féidir tairbhe a bhaint aisti ó thaobh cúrsaí gairme. Níl na deiseanna chomh flúirseach is a bhíodh áfach. gearradh siar millteanach tarlaithe i réimse na meáin chumarsáide - táimid gan nuachtán Gaeilge le fada cuir i gcás. Is dóigh go bhfuil deiseanna áirithe ann le cúrsaí idirlín ach chun tuarastal a íoc?

CMacS: Gael Linn le blianta fada, mura bhfuil dul amú orm, ag spreagadh spéise sa Ghaeilge i measc na nAontachtach ó thuaidh. An féidir leat an obair sin a mhíniú dom le do thoil?

AÓC: Sna hochtóidí, b’fhacthas do Ghael Linn go bhféadfadh ról a bheith aige le comhthuiscint a chothú idir na pobail sa tuaisceart trí scéim oidhreachta a chur chun cinn. An rud a bhí i gceist sraith cainteanna agus ceardlainne i scoileanna nach mbeadh an Ghaeilge á múineadh iontu go brách. An sprioc a bhí ann a léiriú do dhaoine go raibh cosúlachtaí idir gnéithe den thraidisiún ó thuaidh, gur eascair siad as aon fhoinse amháin. Baineadh leas as na logainmneacha, sloinnte agus araile chun a mhíniú gur de shliocht na nGael na pobail éagsúla agus nach raibh seilbh úinéireacht ag dream seachas a chéile ar an oidhreacht seo. Táim ag ceapadh gur chuir Gael Linn síol atá ag bláthú anois, ach is cóir moladh a thabhairt don Iontaobhas Ultach a bhfuil an-obair déanta acu sa réimse sin.

Comhairleoirí ar Easpa Gaeilge

CMacS: Tuairiscíodh le déanaí gur dhiúltaigh gach ceann de na ceanneagraíochtaí Ghaeilge glacadh le comhairle ó chomhlucht comhairleoirí darb ainm Treacy atá fostaithe ag Foras na Gaeilge. Cén léamh atá agat féin ar an scéal sin?

AÓC: Sílim go raibh tubaisteach gur roghnaíodh eagraíocht gan Ghaeilge le comhairle a chur ar eagraíochtaí Gaeilge. Is i nGaeilge a bhíonn pleananna, conarthaí &rl na n-eagraíochtaí á ndéanamh agus i nGaeilge a bhíonn an plé ar fad. raibh go maith comhairleoirí gan Gaeilge a fhostú agus nua don Ghaeilge ar tosú! Riamh anall bhí Gael Linn ábalta teacht ar dhaoine le Gaeilge (san IMI agus a leithéid) le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. Is bocht an scéal é mura féidir iarracht níos fearr a dhéanamh teacht ar dhaoine le Gaeilge.

CMacS: Cén dearcadh a bhí agat ar fhógairt Sheáin Chuirreáin go raibh le héirí as a phost mar Choimisinéir Teanga?

AÓC: Sílim gur rud an-tromchúiseach é gur bhraith Seán Ó Cuirreáin nach raibh aon dul as aige ach éirí as a phost toisc nach raibh an stát ag cloí leis an reachtaíocht agus go raibh teipthe air féin an ceann is fearr a fháil ar an státchóras. Bhí breis is 5000 duine ag siúl sráideanna Bhaile Átha Cliath ar agóid le déanaí agus bhí na daoine sin spréachta faoin scéal. Sílim gur ghlac Seán seasamh misniúil, cróga agus moladh ag dul . Ach, dáiríre, níl ach tar éis spotsholas a chur ar fhadhb ollmhór agus uileghabhálach agus is é sin an státchóras an státseirbhís féin seachas aon phearsa ar leith ag leibhéal rialtais.

CMacS: Cad leis a mbeidh ag súil ón gCoimisinéir nuacheaptha Rónán Ó Domhnaill?

AÓC: Bheinn ag súil, de bharr sheasamh Sheáin Chuirreáin, go mbeadh náire ar dhaoine áirithe agus go rachfaí i ngleic le rúibricí agus le gealltanais atá tugtha faoi na scéimeanna teanga. obair mhaslach roimh an gcoimisinéir nua áfach, ach níor theip ar fhear an mhisnigh. meas agam ar Rónán, intinn ghéar aige agus tiomanta. Guím gach rath air.

Freagracht ar gach Éinne Againn

CMacS: Céard i ndán don Ghaeilge amach anseo dar leat mar theanga phobail?

AÓC: Feictear dom go bhfuil pobal Gaeilge ann i gcónaí ach go bhfuil na líonraí ag crapadh is ag cúngú agus is í an Ghaeltacht féin an cás is measa. Ach na fíricí ann, an Staidéar Cuimsitheach ann, agus is é an dúshlán rud éigin a dhéanamh faoin scéal.

Ar deireadh feictear domsa go bhfuil daoine ag glacadh céimeanna, go bhfuil coistí pleanála teanga ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht, go bhfuil an pobal féin ag glacadh seilbhe ar an teanga. B’fhéidir gur rófhada ann don dearcadh nach bhfuil an Rialtas ag déanamh go leor. Ó thaobh na n-eagraíochtaí, na réimsí oibre leagtha síos, agus súil agam go dtabharfar na hacmhainní dóibh agus go luífidh siad isteach ar an obair.

CMacS: An do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?

AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh dul i muinín teanga an a mbíonn ag plé leis. I gcás na Gaeilge, tacaíocht an mhórphobail fíorthábhachtach táthar le dul i bhfeidhm ar an Rialtas maidir le ceisteanna beartais. Cur chuige ar bhonn dátheangach is fearr mar go bhféadfaí olc a chur ar an lucht tacaíochta mbeifí ag stocaireacht as Béarla amháin.

CMacS: Cén caitheamh aimsire atá agat agus cén chaoi a gcaitheann do shaoire?

AÓC: Leis an gceathrar clainne tógtha, in ann breis ama a chaitheamh ar rudaí a thaitníonn liom - an drámaíocht agus an ceol. Téim ar thuras gach bliain a leanann saol duine de na cumadóirí móra ar an Mór-Roinn- Beethoven a bhí ann anuraidh.

CMacS: An bhfuil aon ar leith a chuireann fearg déistin ort?

AÓC: Mar rothaí cathrach, ba mhaith liom go mbeadh tiománaithe beagán níos tuisceanaí do thaistealaí an roth!

CMacS: A Antoine, táim fíorbhuíoch díot as an agallamh seo dhéanamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.