349
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá sé ceithre bliana déag anois ó chuaigh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy isteach sa stiúideo leis an albam ‘Altan’ a thaifeadadh. Réitigh siad chomh maith sin le beirt de na ceoltóirí a bhí ag seinm ar an albam, Ciarán Curran (bouzouki) agus Mark Kelly (giotár), gur chinn siad ar ghrúpa a bhunú leo agus Altan a thabhairt mar ainm air. Tá an domhan mór siúlta ag Mairéad agus ag an ghrúpa ó shin ach má tá sí ag éirí bréan den saol fuadrach seo, ní raibh sin le brath uirthi nuair a chuaigh mé chun cainte léi ag deireadh mhí an Aibreáin.
»»»Léiríonn leabhar nua faoi thraenacha faoi thalamh Nua-Eabhrac an dlúthbhaint atá ag na hÉireannaigh le fada leis an chóras, atá céad bliain d’aois i mbliana. Chas Tom Deignan le húdar an leabhair.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh go mór i gcoinne pholasaithe an rialtais i réimse an spóirt.
»»»fdgjfdngjfhgjfd gthgfgth grthtgreyhtjuker ggf
»»»Chas Robert McMillen le húdar an leabhair ‘Language, Resistance and Revival’, gníomhaí teanga, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le cuid de scéal corrach Bhéal Feirste agus de scéal na Gaeilge a chíoradh is a mheas.
»»»Thug ‘gallthochas’ Diarmuid Johnson isteach chuig lámhscríbhinn Ghaeilge in Iarsmalann na Breataine agus an bóithrín iarainn soir go Poznan na Polainne áit ar bhuail sé leis an gCaisideach Bainc.
»»»Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill. Labhair Cóilín Ó Floinn le hOifigeach Forbartha na craoibhe.
»»»Tá dhá scannán molta ag Pat Butler an iarraidh seo. Deir sé gur scannáin eisceachtúla iad agus táid ar a gcamchuaird pictiúrlainne faoi láthair.
»»»Déanann Colm Mac Séalaigh na hathruithe ar rialacha na gcluichí Gaelacha atá beartaithe don bhliain úr a mheas.
»»»Tá bealaí eile le ceist theanga teagaisc mheánscoil an Daingin a fhuascailt seachas pobalbhreith gan chiall a reáchtáil, dar le Breandán Delap.
»»»Tá muintir [i]nós*[/i] ag cruthú imní dúinn in [i]Beo![/i] lena gcuid cainte mar gheall ar chúrsaí collaíochta. Shíl muid go bhféadfadh Pól Ó Muirí splanc a thabhairt don iris agus dúshlán a thabhairt don Chailín sin sa Chathair. Ach, faraor, níl an Leaid sa Leaba sásta a chuid rún a sceitheadh.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba é leas na Gaeltachta, dá gcuirfí deireadh leis an Aireacht Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, mar go bhfuil teipithe ar Éamonn Ó Cuív agus ar an Aireacht sin, dul i ngleic leis an gceist achrannach: cá bhfuil an Ghaeltacht?
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta. Caitheann sé súil san alt seo ar an tuarascáil a tháinig amach deireadh mí Iúil ón gComhchoiste Oireachtais. Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.