AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Cháinaisnéis Éagothrom
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is cosúil nach maith le muintir na hAstráile déine ar son na déine. Tá Bearnaí Ó Doiblin den tuairim nach bóthar réidh atá roimh rialtas Tony Abbott.

Íomhá
An tAire Airgeadais Joe Hockey
(le Joehockey.com)
Íomhá
Teach na Parlaiminte
(le Franz ar Picasaweb)
Íomhá
Duine gan dídean i Wagga Wagga na hAstráile
(le Bidgee ar Vicipéid)
Íomhá
Tony Abbott
(le Djack Manson ar Vicipéid)

Ní bhíonn ach trí bliana ar a mhéad idir olltoghcháin san Astráil agus bíonn timthriall seanbhunaithe le sonrú i dtaca leis na cáinaisnéisí bliantúla mar gheall ar an tréimhse ghairid seo. Bíonn cáinaisnéis déine sa chéad bhliain i réim an rialtais, sa dara bliain bíonn sí comhardaithe agus sa tríú bliain bíonn sí fíorfhlaithiúil le tacaíocht an lucht vótála a mhealladh ag an gcéad olltoghchán eile. Bíonn borradh agus cliseadh i ngeilleagar na tíre go rialta mar iarmhairt ar an timthriall amaideach seo. Bíonn buntáiste an-mhór ag rialtas nua faoi go mbíonn siad in ann an milleán a chur ar mhíbhainistí an iar-rialtais as drochriocht an gheilleagair nuair a chuireann siad cáinaisnéis déine i ngníomh i gcéad bhliain a réime. Anuas air sin, bíonn lucht na vótála báúil le rialtas nua i luathstair a tréimhse i gcumhacht, an tréimhse ar a dtugtar mí na meala i mBéarla.

Sular toghadh rialtas Tony Abbott anuraidh, mhaígh sé go raibh drochbhail an gheilleagair ina ghéarchéim náisiúnta, in ainneoin gur thug na heagraíochtaí rátála creidmheasa, leithéidí Standards and Poors, an rátáil is airde do gheilleagar na hAstráile. Bhain an tAire Airgeadais, Joe Hockey, feidhm as an mbolscaireacht chéanna agus an cháinaisnéis ar na bacáin aige i mbliana. D’admhaigh sé ina aitheasc nuair a d’fhógair sé sonraí na cáinaisnéise go mbeadh sí crua ar mhuintir na hAstráile ach go raibh an dualgas ar gach Astrálach ‘cuid chothrom den ualach a iompar’, mar a thug sé air, leis an ngeilleagar a chur ina cheart. Mhaígh Abbott go dtuigfeadh muintir na tíre go raibh bearta crua a rialtais riachtanach agus measartha.

Cáinaisnéis Bunaithe ar Bhréaga

Ba léir láithreach go raibh dul amú ar an bPríomh-Aire agus ar an Aire nuair a foilsíodh pobalbhreitheanna go díreach i ndiaidh fhógairt na cáinaisnéise inar léirigh na rannpháirtithe míshástacht shuntasach le bearta an rialtais. Léirigh pobalbhreith amháin, cuirim i gcás, nár mheas ach 19 faoin gcéad de na rannpháirtithe go raibh an t-ualach thuasluaite roinnte go cothrom. Anuas air sin, bhí tacaíocht do pháirtithe an chomhrialtais tite go dona mar gur chreid muintir na tíre go raibh an cháinaisnéis bunaithe ar bhréaga agus ar ghealltanais sháraithe.

Ghoill sé go háirithe ar rannpháirtithe na bpobalbhreitheanna go raibh an cháinaisnéis dian ar na daoine is leochailí sa tsochaí, iad siúd a fhaigheann leas sóisialach agus teaghlaigh ar pá íseal. Creideann muintir na hAstráile go láidir i gcothrom na Féinne, nó a Fair Go, agus chuir cuid de na hathruithe molta isteach go mór orthu dá bhíthin. Bhí siad le ceangal, fágaim, go raibh Hockey ag iarraidh an aois ina bhfaigheann daoine bochta an pinsean, atá tástáilte ó thaobh acmhainne, a ardú go seachtó bliain agus ráta innéacsaithe an phinsin a ísliú. Thug cúpla seanphinsinéirí mná greadadh teanga don phríomhaire nuair a rinne sé iarracht bearta a rialtais a chosaint ar chláir idirchum.

An Té atá Thíos, Buailtear 18.3% Air

D’fhoilsítí caibidil den teidealDetailed Family Outcomes’ mar chuid de cháipéisí na cáinaisnéise le blianta fada anuas. Thug an chaibidil eolas faoi thionchar na cáinaisnéise ar theaghlaigh éagsúla ag brath ar a n-ioncam. Aisteach go leor, níor foilsíodh an chaibidil i mbliana. Bhain an tOllamh Peter Whiteford, as Ollscoil Náisiúnta na hAstráile, feidhm as an modheolaíocht a d’úsáidtí leis an gcaibidil thuasluaite a chur le chéile le tionchar na cáinaisnéise a mheas. De réir cinntí an Ollaimh, beidh an cháinaisnéis níos déine ar dhaoine ar leas sóisialach ná orthu siúd atá ag saothrú tuarastail aird. Léiríonn a thaighde go gcaillfidh duine ina fhichidí atá dífhostaithe 18.3% dá leas sóisialach, cuir i gcás, ach nach gcaillfidh lánúin a bhfuil saothrú $180,000 an duine in aghaidh na bliana pingin rua!

Bíodh is go bhfuil móramh ag rialtas Abbott i dTeach na nIonadaithe, níl tromlach acu sa teach uachtar agus beidh tacaíocht ó sheisear seanadóirí eile ag teastáil le billí na cáinaisnéise a rith. Beidh ar Abbott idirbheartú a dhéanamh le seanadóirí sna páirtithe beaga agus le seanadóirí neamhspleácha leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Níl sé amuigh air, áfach, gur duine é a bhíonn réidh de ghnáth teacht chun comhghéillte. Beidh le feiceáil má tá ar a chumas dul i ngleic leis an dúshlán íogair seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.