AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Feilméaraí le ceangal
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

ag goilleadh go mór ar fheilméaraí na Tasmáine go bhfuil comhlachtaí móra mar McDonald’s ag ceannach glasraí ó thíortha eile agus feachtas tosaithe acu chun a míshásamh a chur in iúl go láidir. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Feilméaraí na Tasmáine i mbun agóide an mhí seo caite

feilméaraí na Tasmáine le ceangal agus déarfadh cuid mhaith daoine go bhfuil cúis acu. I na Bealtaine, fógraíodh go mbeadh McDonald’s ag ceannach leath na bhfataí a úsáideann siad san Astráil ón Nua-Shéalainn. Go dtí sin, bhídís á gceannach ó fheilméaraí na Tasmáine. Meastar go laghdóidh sin ioncam na bhfeilméaraí $10 milliún (€6.2 milliún) in aghaidh na bliana. sásta a bhí siad leis sin agus mhaígh siad go gcloisfeadh an saol mór faoi.

Thosaigh an feachtas in Devonport agus anois tugtha go dtí an mórthír acu. Coicís ó shin tháinig ocht gcinn de tharracóirí as an Tasmáin i dtír i Melbourne agus bhí léirsiú colgach acu ansin. Dúradh go díreach le McDonald’s nach dtabharfaí tacaíocht dóibhsean a thuilleadh mura gceannóidís a gcuid glasraí san Astráil. Agus ar McDonald’s amháin a bhí a gcuid feirge dírithe. Bhí siad míshásta leis an chomhlacht ollmhargaidh is sa tír, Coles agus Woolworth’s, a bhfuil formhór an mhargaidh do bhia acu ar fud na tíre. Tugadh samplaí de na glasraí a bhí á ndíol acusansceallóga as an mBeilg, pis as an Nua Shéalainn, pónairí as an tSín agus arbhar milis as na Stáit Aontaithe. Ar ndóigh is de bharr fóirdheontas san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe agus suarach sa tSín a tharlaíonn a leithéid.

De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal. Ach dhearna McDonald’s aon leas dóibh féin nuair a thairg siad $250,000 don bhfeachtas le go bhféadfadh na feilméaraí barr iomaíochtaa chur orthu féin.

daoine eile ag gur cosantachas dóibh féin atá ar siúl ag na feilméaraí agus nach bhfuil siad sásta glacadh leis gursráidbhaile domhandaatá ann anois agus go bhfuil fataí as an Nua-Shéalainn níos saoire agus chomh maith céanna agus go bhfuil chuile cheart ag McDonald’s 43,000 tona fataí sa mbliain a cheannach ann thograíonn siad. Níl aon phlé déanta go dtí seo ag na feilméaraí ar an gcaoi go bhfuil glasraí as an Nua-Shéalainn le ceannach níos saoire anseo cinn áitiúla. Ceaptar go dtarlaíonn sin mar go bhfuil na feilmeacha sa Nua-Shéalainn i bhfad níos na cinn sa Tasmáin.

an lucht feachtais ag tiomáint a gcuid tarracóirí ar fud Victoria agus New South Wales faoi láthair agus ag fáil tacaíochta go forleathan. olc orthu leis na polaiteoirí freisin mar go ndeir siad nach bhfuil lipéadú oiriúnach i bhfeidhm agus gur féidir táirge na hAstráile a thabhairt ar bhia fiú tháinig a leath as tír éicint eile. beartaithe acu deireadh a chur leis an bhfeachtas i Sydney agus ag an bparlaimint i gCanberra faoi cheann deich agus súil acu go mbeidh 500 tarracóir i láthair.

Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.