AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Más ag tabhairt faoin Ardteist a bheas tú i mbliana, coimhéad thú féin ar Ghaeilge an ailt seo, óir ní Balor a chum ná a cheap agus má tá an ghramadach ceart thall is abhus ann is sách scáinte é.

Íomhá
Cigirí Gaeltachta ag déanamh cloigne Galltachta isteach
Íomhá
Tuistí ag súil le rang Gaeilge ag geata na Gaelscoile tráthnóna
Íomhá
Daoine fásta gan srian, uaireadóir amach a leanaí!
Íomhá
An Cigire Gaelscoile Condílis Ó hÉilimh
Íomhá
Cillín na Naíonán Beag

Is iomaí barúil dhiúltach a nochtar faoi thodhchaí na Gaeilge ar na saolta seo, agus is minic bás na Gaeilge á thuar. Ach, mar is eol go maith do Bhalor, laoch na litríochta, tá an bás sin á thuar ón am a scríobh Dáibhí Ó Bruadair ‘D’aithle na bhFileadh’, agus go minic roimhe sin, b’fhéidir. Níorbh ann do ghlúin ar bith le ceithre chéad bliain anuas nár cháin daoine fiúntas na Gaeilge agus nár chaith anuas ar a luaíocht. Is beag rud a chuireann isteach ar Bhalor chomh mór leis an síorolagón a bhíonn ar siúl ag lucht caointe agus lucht cáinte na teanga ársa áille seo.

Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life. Bhí an Ghaeilge beo beathach ar achan taobh de, cé gur thóg sé tamall air an Ghaeilge a aithint mar theanga a shinsear.

Ní Dúthracht go Cur Fola an Phríomheejit

Chuaigh sé chun cainte ar dtús le Dáithí Mac Dúthrachta, príomhoide Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí, agus thóg a raibh le rá ag príomheejit na scoile croí Bhaloir go mór, nuair a d’éirigh leis Dáithí a thuigbheáil faoi dheireadh. I gclós na scoile a bhí siad ag caint, le cúpla céad dalta ag spraoi gan srian thart orthu. Cé go raibh croí Bhaloir tógtha, bhí an croí céanna ina bhéal fosta in amanna.

Balor: An bhfuil sibh ag snámh in aghaidh easa anseo, a Dháithí, ag múineadh Gaeilge do lucht na cathrach gallda seo? Nach obair in aisce atá ar siúl agat? Nó sin a deir go leor.

DMD: Ó a Bhaloir, mo chara, bhí mé ar scamall a naoi nuair a chuala mé go raibh tusa ag teacht ar cuairt go dtí an scoil seo. “Ó mo Dhia,” a dúirt mé liom féin, “beidh muid an-onóraithe nuair a thagann Balor i measc na scoile seo, agus anois anseo atá tú. Tá tú fáilte. Tá tú an-fháilte.

Balor: Go raibh míle maith agat, a Dháithí… sílim. Ach an bhfuil sibh ag meilt bhur gcuid ama anseo i measc na nGall, ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn?

DMD: Bhuel is fíor go bhfuil muintir na Gaeilge ag éirí tanaí ar an talamh, ach má shíleann daoine go bhfuil an Ghaeilge chun an taibhse a thabhairt suas i mBaile Átha Cliath, bhuel tá siad ag tafann suas an crann mícheart. Ba mhaith liom an méid seo a chur ar an cheirnín: bíonn mise agus na múinteoirí anseo ag obair cosúil le madraí, ag múineadh na Gaeilge Gaelaí do pháistí an cheantair seo, agus tá siad an-mhaith ag an Ghaeilge. Déanann siad dorn an-mhaith den Ghaeilge a fhoghlaim.

Glinne na Leathshúile

Balor: Is léir go bhfuil tú iontach bródúil as daltaí na scoile seo, agus is léir dom go bhfuil siad siúd thar a bheith bródúil as a gcumas sa Ghaeilge. Ach éist liom, a Dháithí, níl gach rud mar is cóir anseo. Chuala mise an bheirt sin ag barr na líne ag troid, agus dúirt an duine is lú acu: “Bhí mise anseo céad!” Anois, a Dháithí, níl sé sin ceart ná cóir.

DMD: Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir. Nach tú atá glinnsúileach, cé nach bhfuil agat ach an t-aon tsúil amháin. Tá tú ar an liathróid! Níl an méid a dúirt an fear beag ceart ná cóir; bhí an fear eile ansin céad. Anois, a Bhaloir, faigh greim ort féin; níl ann ach cluiche. Síleann tusa nach bhfuil aon ghrá caillte idir an bheirt sin; ach tá!

Balor: Tuigim… sílim. Ach, a Dháithí, an bhfuil na tuismitheoirí tacúil anseo? An mbíonn siad féin ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim?

DMD: Bhuel, caithfidh tú tuiscint go bhfuil an ceantar seo bocht. Ní bhíonn aon duine anseo gléasta suas go dtí na naonna. Ach marcáil tusa mo chuid focal: tá na daoine anseo lán de ghrá don Ghaeilge, agus lán de chraic chomh maith. Bíonn an chraic anseo nócha! Tá a gcroí san áit cheart, agus níl sé ina mbróga! An dtuigeann tú, a Bhaloir? Is maith liom an jóc sin!

Cuireann muid ranganna Gaeilge ar fáil do na tuismitheoirí anseo, agus téann muid siar go dtí cearnóg a haon. Is fiú dul siar go dtí na rudaí bunúsacha nár fhoghlaim siad i gceart nuair a bhí siad féin ar scoil: rudaí cosúil le “Cad a bhfuil d’ainm?” agus “Conas a bhfuil tú?” Bíonn a gcuid oibre gearrtha amach dóibh chun an Ghaeilge cheart a fhoghlaim, agus bíonn siad ag troid lena chéile chun gach rud a fháil ceart sna ceachtanna. Bíonn sé madra ag ithe madra anseo gach oíche Dé Céadaoin nuair a bhíonn na ranganna ar siúl. A leithéid de chraic!

Uaireadóir Thú Féin

Uaireadóir é, a Bhaloir, éiríonn an áit seo beagáinín garbh anois is arís. Níl ann ach go mbíonn na páistí lán pónairí ag an am seo den lá. Ach tá tusa fear láidir. Níl eagla ortsa, cosúil le roinnt de na daoine a thagann ar cuairt anseo. Bhí cigire againn uair amháin, i 1983, ach níor fhan sé i bhfad. Sílim go bhfuair sé cosa fuara. Bhí mé in aice liom féin le fearg nuair a d’imigh sé i ndiaidh cúig bhomaite, agus bhí muid ag iarraidh é a thabhairt amach go dtí an clós. Déanann daoine mar sin mo chloigeann isteach. Ach is maith liom tusa, a Bhaloir. Ní bhíonn tusa riamh ar do chapall ard.

Balor: Go raibh míle maith agat, a Dháithí. Tá an chuairt seo i ndiaidh mo chroí a bhaint amach as mo bhróga. Níl a fhios agam cad a bhfuil an saol seo ag teacht go dtí, ach tá gach rud tobar a chríochnaíonn tobar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.