TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Faoi dhraíocht ag an chultúr Gaelach
Marcus Metz Marcus Metz

Is as Frankfurt na Gearmáine é Marcus Metz ach tugann sé cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall oiread agus is féidir leis.

Íomhá

Thosaigh mé a fhoghlaim na Gaeilge i rith an tsamhraidh 1993. Ní raibh focal ar bith agam ach “Sláinte!” i dtús báire. Tháinig mé ar fhógra Oideas Gael, scoil teanga agus chultúir i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall, agus bheartaigh mé ar dhul ansin mar bhí beagán eolais agam ar an cheantar. I ndiaidh mo chéad chúrsa lean mé orm ag foghlaim na Gaeilge.

Is cinnte go bhfuil mé cineál tugtha don teanga. Phill mé ar Ghleann Cholm Cille chun cúrsaí seachtaine a dhéanamh idir 1994 agus 1996 agus bhí mé ansin i 1998 den uair dheireanach. Níor chaith mé níos mó ná seachtain amháin ann gach samhradh i rith na mblianta sin ach tá cuimhne mhaith agam ar na hoícheanta fada …

Nuair a thug mé cuairt ghairid ar iarthuaisceart Dhún na nGall i 1994 thit mé i ngrá le ceantar Ghaoth Dobhair, cé nach maith le achan duine an ceantar sin. Caithfidh mé a admháil go bhfuil Gaoth Dobhair plódaithe le tithe agus gur bhuail an "bungalow blitz" gach áit ansin. Ach tá an dúlra ann go fóill agus sílim go bhfuil na radharcanna tíre iontach álainn, lasmuigh de na tithe.

Is é ceantar beag fíorspéisiúil atá ann atá suite idir an Earagail, an sliabh is airde sa chontae, agus na tránna fada iargúlta. Cé gur áit nua-aimseartha é ina bhfuil óstáin, díoscónna, ollmhargaí agus eastát mór tionsclaíochta, labhraíonn cuid mhór daoine an Ghaeilge go fóill ann.

Tá mé lánchinnte go ndeachaigh mo chuid Gaeilge i bhfeabhas gach am a thug mé cuairt ar Ghaoth Dobhair agus de ghnáth caithim cúpla lá ansin ag deireadh an tsamhraidh agus i rith Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy.

Tá mé ag seinm ceol tíre agus cheol traidisiúnta na hÉireann ó dheireadh na n-ochtóidí agus chítear domhsa nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an ceol. Is maith liom fuaim na Gaeilge agus is breá liom na focail labhartha a ion-análú mar spiorad an cheoil ag seisiún.

Nuair a bhí mé ag déanamh staidéir ar an dlí in Ollscoil Mainz thosaigh mé ag teagasc na Gaeilge san institiúid teangeolaíochta ansin. Fuair mé taithí éigin ar chúrsaí oideachais ar an dóigh sin agus scríobh mé mo chlár teagaisc féin. Níl an oiread sin ama agam faoi láthair, ach ó am go ham bím ag múineadh na Gaeilge do DIGRM, Cumann Gearmánach-Éireannach Réin-Main i Frankfurt.

Grúpa ceoil

Ó thaobh an cheoil de, seinnim an giotár leis an ghrúpa An Tor www.an-tor.de. Tharla sé i 1994 gur bhuail triúr againn le chéile i mbaile fearainn thíos fá Shléibhte Dhoire Bheatha i gContae Dhún na nGall darb ainm An Tor. Bhunaigh muid ár ngrúpa le seisear ceoltóirí i 1997 agus rinne muid coirmeacha ceoil agus sheinn muid ag céilithe sa Ghearmáin, san Eilvéis agus sa Fhrainc. Baineann muid sult mór i gcónaí as teacht le chéile agus bíonn craic mhaith againn ag dul don cheol.

Caithfidh mé a rá go bhfuil mo shaol ceangailte go mór le cultúr na Éireann. Lasmuigh de mo ghrúpa ceoil agus den teanga, tá dúil mhór agam ceardlanna cultúrtha, feiseanna ceoil srl. a eagrú.

Ó am go ham eagraím feiseanna beaga ceoil darb ainm “Irish Spirits”. Seo ceolchoirmeacha i hallaí beaga mar measaim go bhfuil go leor feiseanna ann atá iontach mór.

Bhí mé i mo phríomhfheidhmeannach ar DIGRM idir 2001 agus 2002 agus d’eagraigh muid “Gaelfest Frankfurt”, an scoil samhraidh ba mhór riamh dá chineál áit ar bith sa Ghearmáin. Níl mé ar an choiste níos mó, ach tá mé i dteagmháil leo fós mar is mian liom an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo. Tá fhios agam go bhfuil suim ag go leor Gearmánach sa teanga - níl uathu ach cúrsa anseo ar Mhór-Roinn na hEorpa. Ní gá dúinn daoine a spreagadh. Le cuidiú na meán nua tá muid ábalta sceideal ár gcúrsaí a dháileadh ar fud na tíre.

An uair dheireanach go bhí dianchúrsa againn i Frankfurt, tháinig foghlaimeoir atá ina cónaí 500 ciliméadar uainn. Dochreidte, dar liom féin!

Ar an drochuair, níl deis agam an Ghaeilge a labhairt sa bhaile. Níl aithne agam ach ar bheirt Ghaeilgeoirí i mo cheantar. Cé nach bhfuil deis agam Gaeilge a labhairt bainim úsáid aisti chomh minic agus is féidir liom. Scríobhaim teachtaireachtaí ríomhphoist chuig cairde a bhfuil cónaí orthu i dtíortha eile, bím ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta nó BBC Uladh ("Blas") agus léim *Saol *agus *Beo! *anois is arís.

Is dóigh liom go bhfuil “athbheochan na Gaeilge” ann le cúpla bliain anuas agus tá súil agam go rachaidh an teanga ar aghaidh ag fás san am atá le theacht. Tá mise ag dréim go mór leis sin.

Tá an dá chéim dlí atá ar fáil sa Ghearmáin bainte amach ag Marcus Metz agus tá sé “cáilithe le breith a thabhairt” (is é sin, tá cáilíocht bhreithimh na Gearmáine bainte amach aige) ó mhí na Bealtaine 2003. Tá suim mhór aige i ndlí na meán cumarsáide san am i láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.