AR NA SAOLTA SEO
Dilma Rousseff – an Bhean is Cumhachtaí ar Domhan?
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

An fear ceart san ionad ceart ag am toghcháin, tá Alex Hijmans sa Bhrasaíl agus tá cur amach cruinn aige ar thoghadh Dilma Rousseff ina hUachtarán ar cheann de na tíortha is mó ar domhan.

Íomhá
Dilma Rousseff, Uachtarán na Brasaíle
óna suíomh oifigiúil, trí Vicipéid
Íomhá
Luiz Inácio Lula da Silva i lár
le Marcello Casal Óg d'ABr ar Vicipéid
Íomhá
Cora ollmhór Itaipu
le Carlos Benitez 26 ar Vicipéid
Íomhá
Áras Chomhdháil na Brasaíle
le Mario Roberto Duran Ortiz, Vicipéid

Ní raibh iontas ar mhórán anseo sa Bhrasaíl nuair a fógraíodh, trí uaire an chloig tar éis dheireadh na vótála, gur ag Dilma Rousseff a bhí an bua sa dara babhta de thoghchán na hUachtaránachta, an 31 Deireadh Fómhair. Bhí iarrthóir Pháirtí na nOibrithe (PT) chun cinn sna pobalbhreitheanna ó thosaigh an feachtas. Agus 56% de na vótaí aici, fuair Rousseff an lámh in uachtar ar a céile comhraic, José Serra ó Pháirtí an Daonlathais Shóisialaigh Bhrasaíligh (PSDB.)

Casphointe cinniúnach

Cé go raibh súil le bua Rousseff, casphointe cinniúnach i stair na tíre atá ina toghadh. Don chéad uair riamh, tá bean ina huachtarán ar an tír is mó sa leathsféar theas. D’fhéadfaí a rá anois go deimhin gurb í Dilma Rousseff an bhean is cumhachtai ar domhan: de na tíortha ar fad a bhfuil bean i gceannas orthu is í an Bhrasaíl an tír is mó ó thaobh daonra agus is tábhachtaí ó thaobh an gheilleagair de.

Go deimhin, agus í ag teacht i réim, tá an Bhrasaíl ar thairseach ré nua mar chumhacht domhanda. As seo go ceann bliana nó dhó, beidh an tír ar an gcúigiú geilleagar is mó ar domhan agus ar an deichiú tír is mó a tháirgíonn ola. Tá sí ar an tír is mó a tháirgíonn bithbhreosla cheana féin agus ní mar gheall ar neart an gheilleagair amháin a bheidh súile na cruinne ar thír an samba as seo go ceann scaithimh: beidh Corn an Domhain ar siúl ann in 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha in 2016. Má atoghfar Dilma Rousseff ag deireadh a céad tréimhse in 2014, beidh sí i gceannas ar an tír don dá ócáid sin.

Leanúnachas

Ach cé gur casphointe cinniúnach é bua Rousseff ar láimh amháin, cinnteoidh toghadh na chéad mhná ina huachtarán ar an mBrasaíl go leanfar den chúrsa polaitiúil mar atá agus den gheilleagar reatha. Tagann sí i gcomharbacht ar Luiz Inácio da Silva – nó Lula, mar is fearr aithne air – an chéad uachtarán ó Pháirtí na nOibrithe, a tháinig i gcumhacht in 2002 agus a atoghadh in 2006.

Le ráta tacaíochta de 83%, is é an tUachtarán reatha, Lula, an ceannaire is mó a bhfuil gean an phobail air ó bhain an tír neamhspleáchas amach ón bPortaingéil thiar sa bhliain 1822. Níl amhras ar bith faoi ach go mbeadh an lá aige i dtoghchán, ach ós rud é go bhfuil dhá théarma as a chéile curtha isteach aige cheana féin, ní fhéadfaidh sé seasamh i mbliana.

Mar sin, chuir Páirtí na nOibrithe Dilma Rousseff chun tosaigh mar iarrthóir, ach bhí Lula taobh thiar di ar feadh an fheachtais. “Is mó an méad taistil a rinne mé le linn fheachtais Dilma ná le linn mo chuid feachtas féin!” a dúirt Lula ar lá an toghcháin. Ag tús a feachtais, rinne Rousseff geallúint go leanfadh sí de dhúnghaois sóisialta agus de leagan amach geilleagair Lula agus ní dhearna an gheallúint sin aon dochar di. Ní dhearna muintir na Brasaíle – idir shaibhir agus dhaibhiroiread dul chun cinn ó thaobh chaighdeán saoil is a rinne le linn na n-ocht mbliana a chaith Lula i mbun cúraim. Sa chéad aitheasc di tar éis a tofa, ghlac Rousseff buíochas le Lula agus dúirt go mbeadh sí ‘ag bualadh ar a dhoras ag lorg comhairle’ go mion minic.

Dúshláin

Ach cé gurb é dea-chlú Lula a chuir i gcumhacht í, d’fhéadfadh sé gurb é an dea-chlú céanna atá ar an uachtarán reatha an dris chosáin is mó a bheas roimh Rousseff amach anseo. Go deimhin, d’fhéadfadh Lula a bheith ina scáil ar a huachtaránacht. Ní bheidh sé éasca teacht i gcomharbacht ar cheannaire a bhfuil oiread measa ag an bpobal air. Beidh ar Dilma ‘aghaidh’ dá cuid féin a chruthú.

Ach tá rud eile ann. Ní raibh Lula in ann seasamh don uachtaránacht trí bhabhta as a chéile, ach ní bheidh bac ar bith air seasamh arís in 2014 agus tá an tuairim choitianta ann gurb shin go díreach a dhéanfaidh sé – le Dilma Rousseff mar iarrthóir don leasuachtaránacht, más gá. Fágann sé seo go measann go leor de mhuintir na Brasaíle nach bhfuil in Rousseff, ag deireadh an lae, ach ‘an bhean a thabharfaidh aire don tsiopa fad is atá Lula imithe’.

‘Deireadh leis an Drochshaol

Ach sula dtaga sé chuige sin, tá tréimhse ceithre bliana roimh Rousseff. Sa chéad aitheasc di tar éis a bheith tofa, mhaígh sí gurb í an phríomhchuspóir a bheidh aici ná ‘deireadh a chur leis an drochshaol’. Den 190 milliún duine atá ina gcónaí sa tír, tá 54 mhilliún – an cheathrú chuid – ag maireachtáil faoi íosteorainn an bhochtanais i dtólamh. Cé gur chuir rialtas Pháirtí na nOibrithe faoi stiúir Lula deireadh le hocras agus cé gur fheabhsaigh caighdeán saoil an uile dhuine – de na bochtáin san áireamhníor laghdaigh an bhearna ollmhór idir an saibhir agus an daibhir. Má éiríonn le Dilma Rousseff an scoilt sin sa tsochaí a leigheas, ní beag a bheas déanta aici. Beidh léi.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.