Cartlann
Alex Hijmans
Alex Hijmans

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

liosta na n-údar »
Líon alt a bhfuil an t-údar seo luaite leo: 15
Íomhá
Eagrán 148, Lúnasa 2013
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

Tharla go bhfuil fiche bliain slánaithe ag Alex Hijmans i saol na Gaeilge, mheas sé go mbreathnódh sé siar ar a scéal mar dhuine ón taobh amuigh a tholg galar na Gaeilge.

»»»
Íomhá
Eagrán 147, Iúil 2013
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

Déanann an comhfhreagraí idirnáisiúnta Alex Hijmans cur síos ar léirsiú a chonaic sé i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí air.

»»»
Íomhá
Eagrán 143, Márta 2013
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.

»»»
Íomhá
Eagrán 136, Lúnasa 2012
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

Sa Bhrasaíl, is mó ná riamh an tóir atá ar na creidimh atá bunaithe ar úsáid tae Santo Daime – nó Ayahuasca, mar is fearr aithne air san Eoraip. Chuaigh Alex Hijmans go dufair na hAmasóine chun blaiseadh den tae rúndiamhrach seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 123, Iúil 2011
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

An té atá as obair abhus agus ar mhaith leis taithí saoil is oibre a fháil i dtír gheal eachtrach, tá comhairle ag Alex Hijmans dó: foghlaim blaiseadh den Phortaingéilis, faigh teastas TFL anois agus gabh chun na Brasaíle.

»»»
Íomhá
Eagrán 121, Bealtaine 2011
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

Dhá shléacht gan chéill, sa Bhrasaíl agus san Ísiltír. Léiríonn an dá chás, dar le Alex Hijmans, nach gá go gcuirfeadh reachtaíocht dhian ar úinéireacht airm bac ar ár mar sin titim amach.

»»»
Íomhá
Eagrán 119, Márta 2011
THALL IS ABHUS
Alex Hijmans

Bhásaigh na céadta d’aon bhéim amháin i dtuilte na Brasaíle Mí Eanáir agus níor bhásaigh ach 35 duine i dtuilte Queensland na hAstráile. Míníonn Alex Hijmans cén fáth gur thit an tubaiste chomh trom ar mhuintir a atíre féin, an Bhrasaíl.

»»»
Íomhá
Eagrán 117, Eanáir 2011
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

D’éirigh uachtarán na Brasaíle, Lula, as oifig ar an 1 Eanáir tar éis ocht mbliana a d’athraigh a thír ó bhun go barr. Breathnaíonn Alex Hijmans siar ar shaol agus ar réimeas dhuine de na ceannairí polaitiúla is mó a bhfuil ardmheas orthu ar domhan.

»»»
Íomhá
Eagrán 115, Samhain 2010
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

An fear ceart san ionad ceart ag am toghcháin, tá Alex Hijmans sa Bhrasaíl agus tá cur amach cruinn aige ar thoghadh Dilma Rousseff ina hUachtarán ar cheann de na tíortha is mó ar domhan.

»»»
Íomhá
Eagrán 114, Deireadh Fómhair 2010
THALL IS ABHUS
Alex Hijmans

Tharla an mhaidhm ghlas gan choinne i measc lucht vótála na Brasaíle ach, dar le Alex Hijmans, is cosúil go bhfillfidh an chuid sin de vótaí ‘Tonn na Glaise’ a theastós ó Rousseff lena tabhairt isteach i suí na hUachtaránachta ag deireadh na míosa seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 113, Meán Fómhair 2010
THALL IS ABHUS
Alex Hijmans

Tá tuairisc ar fheachtas Uachtaránachta na Brasaíle dúinn, ag Alex Hijmans. Is cosúil gur le Dilma Rousseff a bheas an lá óir is í bun agus barr an scéil ag gach éinne ann.

»»»
Íomhá
Eagrán 110, Meitheamh 2010
THALL IS ABHUS
Alex Hijmans

Fear gaoismhear amháin, Job Cohen, a choinnigh guaim agus staidéar i muintir na hÍsiltíre sé bliana ó shin nuair a bhí an tír ar tí pléascadh. Beidh sé ag seasamh sa toghchán an mhí seo. Tá an scéal ag Alex Hijmans.

»»»
Íomhá
Eagrán 108, Aibreán 2010
THALL IS ABHUS
Alex Hijmans

Comhairle ag Alex Hijmans ort má tá cónaí ort sna Sé Chontae nó sa Bhreatain: b’fhiú duit iarratas a chur isteach ar chlóichead na hÉireann má tá fút taisteal go Meiriceá Theas.

»»»
Íomhá
Eagrán 85, Bealtaine 2008
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

A bhuíochas ar an teicneolaíocht atá anois ar fáil, is féidir le físiriseoirí léargas i bhfad níos doimhne a fháil ar a mbíonn faoi chaibidil acu ina gcuid cláracha faisnéise, dar le Alex Hijmans

»»»
Íomhá
Eagrán 19, Samhain 2002
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Alex Hijmans

Cé gur as an Ísiltír ó dhúchas é Alex Hijmans d’éirigh leis caighdeán ard go leor Gaeilge a bhaint amach le hiriseoireacht, craoltóireacht agus scríbhneoireacht a dhéanamh sa teanga. Faoi láthair, tá sé ag reáchtáil caife Gaelach i nGaillimh. Labhair Beo! leis faoina spéis sa Ghaeilge.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.