AR NA SAOLTA SEO
laghad an ceamara is ea is fearr an clár faisnéise
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

A bhuíochas ar an teicneolaíocht atá anois ar fáil, is féidir le físiriseoirí léargas i bhfad níos doimhne a fháil ar a mbíonn faoi chaibidil acu ina gcuid cláracha faisnéise, dar le Alex Hijmans

Íomhá
An bruachbhaile bocht Tancredo Neves i gcathair Salvador sa Bhrasaíl, áit a bhfuil Alex Hijmans lonnaithe mar fhís-iriseoir
Íomhá
Alex Hijmans
Íomhá
Beirt i mbun oibre: Alex ag taifeadadh Francisco Evangelista da Hora, a dhéanann athchúrsáil ar bhruscar
Íomhá
An Sony HVR A1E

Bhí ar Oileán Chliara, amach ó chósta Mhaigh Eo, nuair a thuig cumhacht na físiriseoireachta i gceart den chéad uair. Trí bliana ó shin a tharla , le linn dom a bheith ag obair mar fhísiriseoir VJ, mar a thugtar ar ár leithéidne i mbéarlagair an tionscail teilifíseleis an gclárSeachtain”.

Is furasta a mhíniú céard is "físiriseoireacht" ann: déanann an físiriseoir chuile rud! Déanann an taighde agus an tiomáint; bíonn i mbun an cheamara agus na n-agallamh, agus go minic, na heagarthóireachta. I mbeagán focal, is criú teilifíse ann féin é!

Ach ar ais go Cliara. Bhí chun agallamh a chur ar bhean faoi ábhar goilliúnach agus bhí neirbhíseach. Bhí agallamh teilifíse déanta aici faoin ábhar céanna uair amháin roimhe sindo chlár nuachta eileach níor thaitin an t-eispéireas léi ar chor ar bith. Dúirt liom gur chuir isteach uirthi go raibh uirthi labhairt faoi ábhar thar a bheith pearsanta os comhair an chriú mhóiririseoir, ceamaradóir, fear fuaime agus léiritheoir. Ba é an t-aon chúis a rinne an t-agallamh liomsa, a dúirt , gur shíl gur ar leas an phobail a bheadh ndéanfadh amhlaidh.

Le linn di a bheith ag míniú an mhéid sin dom, chuir an ceamara a bhí á úsáid agam ag an amSony PD150 – ar an tríchosach agus ansin chuir muid tús leis an agallamh.

Bhí ionadh ormd’inis a scéal go breá nádúrtha. Níor stad agus níor bhain na néaróga tuisle aisti oiread agus uair amháin. Nuair a bhí an t-agallamh thart, d’fhiafraigh di ar chuir an t-agallamh isteach uirthi an uair seo.

Níor chuir, ar chor ar bith,” a d’fhreagair . “An bhfuil a fhios agat, raibh eagla ar bith orm roimh an gceamara an uair seo toisc go bhfuil chomh beag.”

Dúirt rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm go mór:Thaitin liom, fiú amháin, an scéal a insint an uair seo toisc nach raibh i láthair ach féin. Bhí nádúrtha.”

Creidim go láidir gurb é an bua is atá ag an bhfísiriseoireacht go ligeann don iriseoir teacht níos gaire don a bhfuil ag labhairt leis sa chaoi is go bhfaighidh agallamh níos nádúrtharud a fhágann gur cur chuige í atá an-oiriúnach do chláracha faisnéise ina ndéantar scéalta pearsanta a insint ach go háirithe.

An Bhrasaíl

Faoi láthair ag obair ar chlár faisnéise do Nuacht TG4 sa Bhrasaíl. físiriseoireacht ar siúl agam i gcomhar le cur chuige eile atá tagtha chun cinn i saol na teilifíse le blianta beaga anuas: an t-iriseoir a bheith lonnaithe sa phobal ar mian leis a scéal a insint.

Chun an clárFaoistin Favelaa dhéanamh, chuir fúm i mbruachbhaile bochtFavelai gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle. Beidh mhí caite

agam anseo faoi dheireadh na tréimhse léirithe. Mar gheall ar go bhfuil lonnaithe i measc an phobail, gheobhaidh ábhar don chlár thar thréimhse fhada, agus súil agam go gcabhróidh an fhísiriseoireacht liom léargas níos doimhne a thabhairt ar an tsochaí shainiúil seo.

Agus an t-alt seo á chur i gcló, beidh cúig mhí caite agam sa Favela in éindí le mo cheamaraan Sony HVR A1E, ar gléas é atá réabhlóideach ar dhá chúis.

Ar dtús, is é an chéad cheamara a d’úsáid riamh a bhfuil muinín iomlán agam asis féidir brath ar an bhfeidhm uathoibríoch i gcónaí. gur ceamaradóir leisciúil , ach fágaim an fheidhmautoar siúl an t-am ar fad, nach mórtoisc gur féidir! Agus go leor rudaí ag tarlú go sciobtha, bíonn seo go hiontachis féidir liom a bheith ag taifeadadh láithreach, gan a bheith buartha faoi chúrsaí ar nós an tsolais, an leibhéil bháin an fhócais, fiú.

Is é an dara buntáiste a bhaineann leis an gceamara seo go bhfuil níos agus níos éadroime cartán bainne. Cheap an bhean ar chuir agallamh uirthi ar oileán Chliara go raibh an ceamara ar bhain úsáid as an uair sin beag, ach is ar éigean go dtugann na daoine a gcuirim agallamh orthu anseo sa Bhrasaíl faoi deara go bhfuil ceamara i mo lámh ar chor ar bith.

Mar sin féin, gur féidir liom clár a dhéanamh anois ar bhealach nach bhféadfaí tabhairt faoi cúig bliana ó shina bhuíochas sin ar an teicneolaíochtbeifear den tuairim i gceann cúig bliana eile gur ceamara de chuid na Clochaoise é an Sony

HVR A1E atá agam faoi láthair. ceamaraí ag éirí níos an t-am ar fad. Níl aon amhras faoi ach go gcuirfear ceamara digiteach proifisiúnta ar fáil roimh i bhfad a bheidh ar comh-mhéid le ceamara digiteach baile ach lena bhféadfar caighdeán an cheamara teilifíse a bhaint amach. Go deimhin, ceamaraí digiteacha baile ar fáil cheana féin lenar féidir cláracha breátha faisnéise a dhéanamh ar chaighdeán idirlín. Agus dar liomsa, laghad na ceamaraí is ea is pearsanta na scéalta is féidir linn a insint.

Is saoririseoir é Alex Hijmans a bhfuil obair déanta aige do TG4 agus don nuachtán Foinse. blog faoin tionscadal atá ar bun aige sa Bhrasaíl le fáil ag www.faoistinfavela.com. Is as an Ísiltír ó dhúchas .

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.