AR NA SAOLTA SEO
Fínéagar agus Gaineamh: an Bhrasaíl Trína Chéile
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

Déanann an comhfhreagraí idirnáisiúnta Alex Hijmans cur síos ar léirsiú a chonaic sé i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí air.

Íomhá
Aghaidheanna á bpéinteáil, Campo Grande, Salvador
Íomhá
Dochar an deorgháis ar léirseoirí síochanta, Avenida Joana Angélica, Salvador
Íomhá
Tagann an léirsiú ar bhac bóthair na bpóilíní, Avenida Joana Angélica
Íomhá
Bruscar á dhó ag léirseoirí, Avenida Joana Angélica, Salvador
Íomhá
Samba, sacar agus caimiléireacht' atá scríofa sa phéinteáil bhalla seo in Salvador

Tá na holl-léirsithe sa Bhrasaíl a thosaigh i lár Mhí an Mheithimh ar an achrann sóisialta is mó sa tír le scór bliain anuas. Ós rud é go bhfuil an scéal ag athrú ó lá go lá tá sé róluath le breith a thabhairt ar an gcor seo i gcinniúint na tíre is mó sa leathsféar theas.

D’fhoghlaim mé dhá rud ar an 20 Meitheamh, lá ar ghlac 250,000 Brasaíleach páirt in oll-léirsithe i mbreis is 100 cathair ar fud na tíre.

  1. Maolaíonn fínéagar dochar an deorgháis.

  2. Tá na holl-léirsithe sa Bhrasaíl faoi láthair mar a bheadh gaineamh ann.

Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim ar chearnóg mhór Campo Grande, i lár cathair Salvador, áit ar chruinnigh fiche míle duine le chéile faoi theas ghrian an tráthnóna. Bhí fuadar fúthu ag breacadh rosc catha ar ghiotaí cartchláir agus ag péinteáil aghaidheanna a chéile. An sprioc a bhí acu: máirseáil a fhad leis an staidiam nua sacair, áit a raibh cluiche de chuid Chorn na gConaidhmeanna ar siúl idir an Nigéir agus Uragua. Liosta gan áireamh a bhí sna cúiseanna gearáin acu: costas ard an iompair phoiblí, caimiléireacht, córais oideachais agus shláinte lochtacha, foréigean na bpóilíní agus míle rud eile.

Gorm agus geal, buí agus uaithne

Tharraing mé grianghraf ag cearnóg Campo Grande a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile, a raibh cúpla bliain le cois an trí scór aici, ag fear gorm nach raibh an scór féin bainte amach aige. Bhí seisean ag léirsiú don chéad uair ina shaol, ba chuimhin léise na holl-léirsithe ag tús na 1980í a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne. “Táimid fós ag fanacht leis an daonlathas a gealladh dúinn an tráth sin,” a dúirt sí liom.

Cogaíocht ar shráid shiopadóireachta

Bhí cuma an-an-difriúil ar chúrsaí uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a chas an léirsiú le póilíní círéibe ar an Avenida Joana Angélica, sráid siopaí thart ar leathmhíle ón staidiam. Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin, ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh. I bhfaiteadh na súl, bhí dream a ndéanfaidh mé cur síos air mar bhuíon troda ad hoc tagtha ar an saol san áit a raibh mise agus cuid mhór iriseoirí eile, ag ceann an léirsithe. Tuairim is dhá chéad a bhí sa bhuíon seo, stócaigh, a gcuid léinte – a bhí ar maos i bhfínéagar – ceangailte faoina mbéal agus a srón. Rinneadar iarracht i ndiaidh iarrachta bac bóthar na bpóilíní a shárú, ach theilgeadar siúd buamaí deorgháis leis an slua.

Fínéagar

Shéid an ghaoth an deorghás i dtreo an tslua, isteach in aghaidh na ndaoine ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta chomh maith le haghaidh na lucht na troda ar theastaigh uathu bac bóthair na bpóilíní a shárú. Agus isteach in aghaidh na n-iriseoirí, ar ndóigh. Ba mhaith an rud é go raibh buidéal fínéagair i mo mhála droma agam: maolaíonn an leacht shearbh sin dochar an deorgháis. Go deimhin is ar an gcúis sin a thugtar ‘Éirí Amach an Fhínéagair” ar an achrann seo sa Bhrasaíl. Ach tar éis uair an chloig nó mar sin – bhí bruscar curtha trí thine, bhí clocha á gcaitheamh agus urchair rubair á scaoileadh faoin tráth seo – bhí mo bhuidéal folamh. Tar éis do bhuama deorgháis pléascadh díreach os comhair na léirseoirí rith slua beag, mé féin ina measc, isteach i dtaobhshráid. Maistíní, léirseoirí síochánta agus iriseoirí a bhí ionainn – agus ní raibh fínéagar fágtha ag éinne. “Fínéagar! Fínéagar!” a bhéic an slua, agus creid é nó ná creid, osclaíodh fuinneoga na n-árasán os cionn na siopaí agus chaith mná tí buidéil phlaisteacha fínéagair amach orthu.

Gaineamh

Ní hamháin go bhfaca mé le mo dhá shúil féin gur fínéagar an leigheas is fearr ar an deorghás, ach d’éirigh rud eile soiléir dom an lá seo: tá na holl-léirsithe atá ar siúl sa Bhrasaíl le cúpla seachtain anuas mar a bheadh gaineamh ann, gan ceannaireacht ag éinne orthu. Ní raibh plean ná fiú an bealach go dtí an staidiam oibrithe amach roimh ré ag an léirsiú a chonaic mise, rud a d’fhág gur fhás bearnaí móra sa mhórshiúl.

Níos tromchúisí ná sin, ba léir nach raibh léirseoirí síochánta – an tromlach mór – in ann smacht a choinneáil orthu siúd a raibh círéib uathu.

Agus Corn an Domhain 2014?

Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.