THALL IS ABHUS
An Tonn Glas Nár Leor
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

Tharla an mhaidhm ghlas gan choinne i measc lucht vótála na Brasaíle ach, dar le Alex Hijmans, is cosúil go bhfillfidh an chuid sin de vótaí ‘Tonn na Glaise’ a theastós ó Rousseff lena tabhairt isteach i suí na hUachtaránachta ag deireadh na míosa seo.

Íomhá
Rousseff, Serra agus Silva
Íomhá
Lus na Gréine, meirge an Partido Verde
le Jon Sullivan, Vicipéid
Íomhá
São Paulo
le Erick ar Vicipéid
Íomhá
Cathair Salvadora istoíche
le Rossigno1008, Vicipéid

Gan choinne ar bith leis, d’éirigh le hiarrthóir an Pháirtí Ghlais i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle, Marina Silva, nach mór 20% de na vótaí a fháil. Ar ndóigh, níor leor an méad sin don uachtaránacht, ach d’éirigh leí oiread vótaí a scuabadh ó na hiarrthóirí eile a d’fhág nár éirigh le duine ar bith acu breis is 50% de na vótaí a fháil – an líon a theastódh chun an toghchán a bhuachaint sa chéad bhabhta vótála. Tá gá leis an dara babhta vótála anois, ach ní ghlacfaidh Marina Silva, a tháinig sa tríú háit, páirt ann.

Ar an 31 Deireadh Fómhair, tabharfaidh an dá iarrthóir is mó a fuair vótaí aghaidh ar a chéile. Sin iad Dilma Rousseff ó Pháirtí na nOibrithe (PT) ar éirigh leí nach mór 47% d’iomlán na vótaí a bhaint, agus José Serra ó Pháirtí Daonlathach Sóisialach na Brasaíle (PSDB), ar éirigh leis 32% a fháíl.

‘An Tonn Glas’

‘An Tonn Glas gan choinne’ atá lucht tuairimíochta agus anailíse na Brasaíle ag tabhairt ar éacht seo Marina Silva. Go deimhin ní raibh súil leis go n-éireodh le hiarrthóir an Pháirtí Ghlais oiread vótaí a fháil is a fuair. I rith na feachtasaíochta, bhíothas ag tabhairt idir 7% agus 12% di sna pobalbhreitheanna. Ar lá an toghcháín féin, d’éirigh leí nach mór a dhá oiread a bhailiú – 19.33%. Ach cá as ar tháinig tacaíocht thobann an Pháirtí Ghlais? An bhfuil muintir na Brasaíle iompaithe ina n-óglaigh timpeallachta thar oíche?

Níl, cé nach féidir a shéanadh gur mheall feachtas criticiúil, stuama an Pháirtí Ghlais neart daoine, vótóirí a bhí míshásta le hiarrthóir Pháirtí na nOibrithe, Dilma Rousseff, cuid mhór de na daoine a chaith vóta do Marina Silva.

Díoma faoi Dilma

Breathnaíonn go leor Brasaíleach ar Dilma Rousseff – an chéad bhean a bheadh ina huachtarán ar an tír – mar phuipéad de chuid Lula, uachtarán reatha na tíre. De bharr go bhfuil dhá théarma as a chéile líonta aige sin, níor fhéad sé seasamh arís i mbliana, ach níl cosc ar bith air seasamh in athuair sa bhliain 2014. Measann go leor daoine gur ar an ábhar sin a chuir a pháirtí, Páirtí na nOibrithe, iarrthóir nach bhfuil aghaidh dá cuid féin aici chun tosaigh – Rousseff. “Bhí mé ag iarraidh a thaispeáint nach caoirigh iad vótóirí na Brasaíle agus go dtuigimid na cluichí atá ar bun ag na polaiteoirí,” a dúirt Priscila dos Santos, bean óg as cathair Salvador in oirthuaisceart na tíre a thug vóta do Marina Silva sa chéad bhabhta vótála.

Súil ar 2014

Is éard a theastóidh ó Marina Silva a dhéanamh anois ná tógáil ar a ‘bua’ gan choinne agus na daoine a thug vóta di an uair seo toisc nár thaitin Dilma Rousseff leo a mhealladh i dtreo shoiscéal na Glaise don chéad toghchán uachtaránachta eile, in 2014. Dá n-éireodh leí teacht sa dara háit sa toghchán sin, níl cúis ar bith nach mbainfeadh sí uachtaránacht na tíre amach faoi 2018. Go deimhin, theip ar an uachtarán reatha Lula faoi thrí sular bhain sé amach sa deireadh í sa bhliain 2002.

Dara babhta

Idir an dá linn, tabharfaidh Dilma Rousseff Pháirtí na nOibrithe agus José Serra ó Pháirtí Daonlathach Sóisialach na Brasaíle aghaidh ar a chéile sa dara babhta vótála ar an 31 Deireadh Fómhair. Buaiteoir an bhabhta sin a thabharfaidh an uachtaránacht leis nó leí. Muna mbíonn an-rath ar fheachtas José Serra idir seo agus sin, níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh an lámh in uachtar ag Dilma Rousseff: na daoine a thug ‘vóta agóide’ do Marina Silva sa chéad bhabhta, níl baol ar bith go dtabharfaidh siad tacaíocht do José Serra.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.