147
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Bhuail Alan Desmond isteach i dTeach Laighean d’fhonn agallamh a chur ar an Seanadóir Ivana Bacik. Bean í nár chúlaigh ón chonspóid go luath ina saol agus í, fiú amháin, ag freastal ar an ollscoil ag an am. An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?
»»»Labhair Ciara Nic Gabhann le Denise McShannon, ealaíontóir a bhfuil baint lárnach aici le tionscadal suimiúil i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath.
»»»Tá go leor le foghlaim, dar le Breandán Delap, faoi mheicníocht an phróiseas síochána ó thuaidh ó chuntais iar-Phríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, agus iar-Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Peter Mandelson in dhá leabhar a foilsíodh ar na mallaibh.
»»»Is cosúil nach maith le muintir na hAstráile déine ar son na déine. Tá Bearnaí Ó Doiblin den tuairim nach bóthar réidh atá roimh rialtas Tony Abbott.
»»»Tá Fidelma Ní Ghallchobhair ag áiteamh san alt seo gur cruthaíodh Caighdeán Oifigiúil 2012 gan ‘an chomhairle chúntach’ a fháil ó réimsí leathana de shaol na Gaeilge mar a rinneadh nuair a tiomsaíodh leaganacha eile den Chaighdeán Oifigiúil na blianta siar.
»»»Tuigeann an tAire Oideachais go bhfuil géarchéim i múineadh na Gaeilge sna scoileanna ach an mbeidh cead aici dul i ngleic leis an fhadhb, a fhiafraíonn Breandán Delap.
»»»Ceart is cóir do na mná. Bhí Colm Mac Séalaigh i láthair ag Gradaim Réaltaí na Bliana de chuid Chumann Peil na mBan. Ní thugtar, faraor, an aird ba chóir ar a gcuid cluichí agus ar a gcuid éachtaí spóirt.
»»»Tá go leor bacanna le sárú i gcainteanna an Tuaiscirt go fóill ach tá Robert McMillen dóchasach go dtiocfar ar réiteach mar sin féin.
»»»Mhínigh scríbhneoir eile, Tony Birtill, ar BEO na míosa seo chuaigh thart, an dóigh ar leag tacsaí i Learpholl é. Tugann Breandán de Gallaí cuntas ina alt an mhí seo ar iompar roinnt den lucht tiomána i leith an rothaí ar bhóithre na hÉireann. Molann sé dúinn go léir a bheith níos cúramaí i mbliana i leith an duine eile sin a bhíos ag rothaíocht nó ag siúl.
»»»Tá go leor poblachtánach den bharúil, a deir Robert McMillen, go bhfuil moilleadóireacht ar bun ag na haontachtaithe sa phróiseas síochána de bharr go bhfuil imní orthu faoin mhéid a éireoidh le Sinn Féin a bhaint amach go polaitiúil.
»»»Síleann roinnt daoine go dtiocfadh le níos mó ná fearg a bheith ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh. Chan amháin sin, ach is cosúil dar le Robert McMillen, go mbeidh an tIRA Leanúnach ag coinneáil orthu arís i mbliana.
»»»Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le ceamaraí digiteacha.
»»»Más ag tabhairt faoin Ardteist a bheas tú i mbliana, coimhéad thú féin ar Ghaeilge an ailt seo, óir ní Balor a chum ná a cheap agus má tá an ghramadach ceart thall is abhus ann is sách scáinte é.
»»»Nuair a thug Ruth Nic Giolla Iasachta cuairt ar chathair na Ginéive roimh an Nollaig bhlais sí bia blasta agus fuair sí an-léargas ar chultúr na ndaoine.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: foréigean i gcaidreamh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.