AR NA SAOLTA SEO
Leasú ar na dlíthe leabhail ar na bacáin
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá athruithe móra á ndéanamh ar dhlíthe clúmhillte na tíre seo den chéad uair le daichead bliain anuas, ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, níl na hiriseoirí róshásta le cuid de na hathruithe atá á mbeartú.

Íomhá
Proinsias de Rossa - bhronn giúiré £300,000 air

Tá gach cuma air anois nach fada go ndéanfar dlíthe troma éagóracha leabhail an stáit seo a leasú ó bhonn. Le linn théarma an rialtais dheireanaigh d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe tuarascáil a dhamnaigh dlíthe leabhail na hÉireann. Mar thoradh air sin, tosaíodh ar bhille nua leabhail a dhréachtú.

Is léir anois, áfach, go gcreideann an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, nach raibh na leasuithe a bhí beartaithe ag an aire a bhí ann roimhe, John O’Donaghue, sách leathan. Ach in ionad áthas a bheith ar lucht na meán go bhfuil leasuithe breise á mbeartú tá ceardchumann na n-iriseoirí ag clamhsán mar gheall ar roinnt de na moltaí eile a chreidtear a dhéanfaidh an tAire iarracht a shleamhnú isteach sa bhille. Orthu sin tá an moladh go mbunófaí foras monatóireachta.

Nuair a d’fhógair an tAire an mhí seo caite go raibh sé chun grúpa comhairleoireachta dlí a bhunú maidir leis an mbille nua leabhail bhí sé ag rá go soiléir gur chreid sé nach raibh an bille, a raibh an rialtas deireanach tar éis aontú air, sách radacach. Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.

Tá an grúpa le tuairisc a thabhairt don Aire roimh dheireadh na bliana le go mbeadh sé ar fáil in am le cur san Acht Um Chlúmhilleadh atá sé i gceist a dhréachtú go luath i 2003.

Gearán

Faoi láthair is é an tAcht Um Chlúmhilleadh 1961 a chosnaíonn saoránach ar bith de chuid an stáit seo ar leabhal. Is fada iriseoirí na tíre ag gearán faoi cé chomh héagórach is atá na dlíthe leabhail faoin Acht seo, ach ní go dtí 1999, nuair a cáineadh go láidir dlíthe leabhail na hÉireann i dtuarascáil a chuir Abid Hussain, *rapporteur *speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe, le chéile ar tugadh aird ar bith ar an gclamhsán seo.

De réir na tuarascála, “Report on the promotion and protection of the right to freedom of opinion and expression”, tá mar a bheadh “libel chill” i bhfeidhm sa stát seo ar an ábhar go bhfeictear do na meáin gur snámh in aghaidh easa é cás clúmhillte a throid mar gur minic an giúiré claonta ina gcoinne. Dá bharr seo agus de bharr na gcostas ard a bhaineann le cás clúmhillte a chosaint agus suimeanna na ndamáistí a bheith chomh mór sin, tá níos lú agus níos lú nuachtán ag bacadh le cásanna leabhail a throid. Ach, níos measa ná sin, de bharr na gcúiseanna thuasluaite tá drogall ar scríbhneoirí, eagarthóirí agus foilsitheoirí tuairisciú a dhéanamh ar ábhar conspóideach, fiú nuair is léir a bhfiosruithe a bheith chun leasa an phobail.

Dár ndóigh, tá daoine ann a déarfadh nach aon drochrud é go mbeadh eagla ar na meáin chumarsáide. Ach má tá sé tábhachtach an pobal a chosaint ar na meáin chumarsáide, léiríonn an t-eolas faoi chaimiléireacht, a tháinig chun solais ag na binsí fiosraithe éagsula le déanaí, go bhfuil sé an-tábhachtach freisin a chinntiú go bhfuil ar chumas na meán cumarsáide an fhírinne a insint don phobal.

I go leor tíortha eile, tá reachtaíocht ann chun iriseoirí agus foilsitheoirí a chosaint nuair a chuirtear clúmhilleadh ina leith ach iad a bheith ábalta a chruthú go raibh siad i ndáiríre ar thóir na fírinne agus go ndearna siad gach iarracht a chinntiú go raibh a bhfíricí cruinn. Tuigtear go bhfuil an chosaint seo i measc na moltaí a bheidh á bplé ag an ngrúpa nua atá curtha ar bun ag an Aire.

Pléifear freisin an t-idirdhealú a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcásanna clúmhillte idir duine atá i mbéal an phobail agus gnáthdhuine. Bíonn iachall ar an duine atá i mbéal an phobail a chruthú go ndearnadh clúmhilleadh air agus gur bréag amach agus amach a ndúradh nó a scríobhadh faoi.

Ach má ghlactar leis an gcoincheap nua seo abhus beidh ar iriseoirí a thaispeáint go raibh siad ag feidhmiú de réir chaighdeán ard oibre. Ní móide gur leor cúpla nóta scríofa ar chúl clúdaigh leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh agus tá seans maith ann go mbeidh gá le cód cleachtais éigin a shocróidh foras ar leith. Anuas ar sin, más amhlaidh go ndéantar na rialacha a athrú i gcas ábhair a bhaineann le leas an phobail, tá argóint mhaith ann ar son pionós níos troime a ghearradh ar chlúmhilleadh nach mbaineann le leas an phobail.

Is é an príomh-mholadh a rinne Abid Hussain ná go n-athrófaí an dlí le go mbeadh ar an gcúiseoir a chruthú gur bréag an méid a foilsíodh faoi, seachas go mbeadh iachall ar an bhfoilsitheoir a chruthú go raibh an méid a foilsíodh fíor. I bhformhór na gcásanna sibhialta is ar an gcúiseoir a bhíonn an dualgas a chás a chruthú. Moladh é seo a raibh an t-iarAire Dlí agus Cirt, John O’Donaghue, glan ina choinne. Ach tuigtear go bhfuil an grúpa nua níos oscailte don smaoineamh.

Íocaíochtaí arda

Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe méid na suimeanna airgid atá á n-íoc de bharr cásanna clúmhillte sa stát seo. Moladh go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí agus go gcuirfí bealaí ar fáil le leithscéal a ghabháil seachas airgead a íoc. Is annamh a íoctar níos mó ná £250,000 le duine a ghortaítear go fisiciúil ach ní raibh aon leisce ar ghiúiré £300,000 a bhronnadh ar Phroinsias de Rossa de bharr alt a scríobhadh faoi sa Sunday Independent.

Faoi láthair creideann National Newspapers of Ireland go n-íocann siad breis agus €10 milliun ar chásanna leabhail in aghaidh na bliana. Léiriú maith ar a chlaonta agus atá dlíthe leabhail an stáit seo in aghaidh ghairm na hiriseoireachta is ea an méid airgid a chaitheann nuachtáin Shasanacha ar chásanna cúirte bainteach lena n-eagráin Éireannacha. Mar shampla, i gcás an Irish Mirror, nach ndíolann ach thart ar 73,000 cóip sa tír seo, sin thart ar 5% de dhíolacháin iomlán an nuachtáin, is ar scéalta sna heagrán Éireannacha a chaitheann an *Mirror *45% den bhuiséad atá curtha ar leataobh le haghaidh cásanna leabhail.

Tá sé i gceist go mbreathnóidh an grúpa ar ról an bhreithimh agus an ghiúiré maidir le cásanna leabhail. Ar chóir, mar shampla, go mbeadh ról ag breitheamh maidir leis an méid damáistí a bhronnfaí ar dhuine i gcás leabhail? Tharraing tuarascáil Hassain aird freisin ar an reachtaíocht neamhghnách atá sa tír seo a thugann ar na cúirteanna breathnú ar ghabháil leithscéil mar admháil a bheith ciontach. D’fhógair an t-iarAire Dlí agus Cirt go raibh gá le hathbhreithniú a dhéanamh air seo.

Mar aon le hachtú bille nua ar chúrsaí chlúmhillte, a bheadh níos fabhraí do na meáin, creidtear go bhfuil seans láidir ann go ndéanfaidh an tAire iarracht na dlíthe príobháideachta a neartú agus foras a bhunú le monatóireacht a dhéanamh ar na meáin. Tá lucht na meán sa tír seo le fada in aghaidh dlí nua chun príobháideacht an duine a chosaint a bheith ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail. Maíonn siad gur ceart é an phríobháideacht atá clúdaithe ag Comhairle na hEorpa ar Chearta Daonna agus, dá réir sin, go bhféadfadh saoránach cás a thógáil ar an mbonn seo uair ar bith.

Maidir leis an bhforas monatóireachta, tá rúnaí Chumann na nIriseoirí, Seamus Dooley, tar éis a léiriú go soiléir go bhfuil an cumann sin glan i gcoinne aon saghas foras stáit a dhéanfadh monatóireacht ar na meáin. “Libel reform is not just a reward or concession to media owners but should be seen as a means of freeing journalists do do their work. Linking libel reform to regulation is a narrow approach to both issues,” a dúirt sé le Beo!

Ba mhaith le Dooley córas a bheith ann faoina ndéanfadh na hiriseoirí monatóireacht orthu fein, é maoinithe ag úinéirí na meán ach gan smacht acu air. Ach tá feicthe againn sa Bhreatain nach n-éiríonn leis an bhféinmhonatóireacht. Anuas air sin, ós rud é go bhfuil achtanna againn a leagann síos rialacha faoi iriseoireacht chraoltóireachta, cén fáth nach mbeadh a leithéid i bhfeidhm freisin maidir leis na meáin chlóite?

Cúis eile nach n-oibreodh féinmhonatóireacht is ea a dheacra is a bheadh sé í a chur i bhfeidhm ar an líon mór nuachtán ón mBreatain a dhíoltar anseo. Ní bheadh eagarthóirí na nuachtán seo, atá cheana féin faoi réir an Press Complaints Commission Charter, toilteanach go mbeadh na heagráin Éireannacha faoi réir cóid eile.

an-chreidiúint ag dul don Aire as na céimeanna atá glactha aige go dtí seo. Is trua, áfach, nach bhfuil aon duine ó na meáin i measc na saineolaithe atá ceaptha ar an ngrúpa comhairleach. Agus má tá foras le bunú chun monatóireacht a dhéanamh ar na nuachtáin ba mhór an tuaiplis gan ionadaíocht a bheith ag Cumann na nIriseoirí ar an bhforas sin. Mar, i ndeireadh na dála, is chun leas Chumann na nIriseoirí féin atá sé féachaint chuige nach scríobhfadh aon duine dá bhaill rud ar bith a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do *Magill, i measc foilseachán eile.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.